Trump, Kim Jong-un agus cúram cnis

Titim shuntasach ar bhrabach ag comhlachtaí cúram cnis de bharr na coimhlinte idir Meiriceá, An tSín agus An Chóiré Thuaidh agus Theas

Trump, Kim Jong-un agus cúram cnis

Is beag duine a cheapfadh go mbeadh tionchar ag an gcoimhlint faoi dhiúracáin idir Meiriceá agus an Chóiré Thuaidh ar chúrsaí cúram cnis. An t-easaontas sin an chúis le titim 58% nó $116 milliún dollar ar bhrabach an chomhlachta cúram cnis AmorePacific sa ráithe dheireanach. Tá AmorePacific ar cheann de na mórchomhlachtaí cúram cnis agus smididh san Áise agus tá dul chun cinn mór déanta acu le gairid ina iarthar an domhain.

Chuir an tSín cosc ar ghrúpaí turasóireachta dá gcuid dul chomh fada leis an gCóiré Theas ó tharla córais chosanta diúracán de chuid Mheiriceá a bheith á dtógáil ansin. Dá bharr sin tháinig titim 70% ar dhíolachán i siopaí saor ó dhleacht sa Chóiré Theas agus buaileadh buille mór ar lucht díolta táirgí cúram cnis ach go háirithe.

An choimhlint sin idir Trump agus Kim Jong-un atá ag cothú deacrachtaí do lucht cúram cnis.

Ach léiríonn an cás seo níos mó ná aon rud eile an tábhacht atá le roinnt blianta leis an Chóiré Theas mar láthair d’fhorbairt earraí nua cúram cnis.

‘K Beauty’ – seasann an K do Korea, ar ndóigh – a thugtar ar earraí áilleachta ón Chóiré Theas agus is minic go mbíonn rannóg ar leith ar shuíomhanna gréasáin na gcomhlachtaí móra ar nós Sephora, Cult Beauty agus Selfridges leis na táirgí seo ón tír sin a dhíol. Go deimhin agus an t-alt seo á scríobh agam, seo isteach chugam ríomhphost ó Brown Thomas ag fógairt go bhfuil cúinne ar leith á fhorbairt acu do tháirgí ‘K Beauty’. Tá siopaí ‘pop-up’ oscailte le gairid freisin i gcuid de shiopaí ilrannacha fíorghálanta Mheiriceá mar go dtuigtear anois go bhfuil an Chóiré Theas i gcroílár na nuálaíochta maidir le táirgí áilleachta.

Maidir le AmorePacific, a bhfuil titim ar a mbrabach de bharr na ndiúracán, is trí fhochomhlachtaí is mó a chuireann siad a gcuid táirgí ar an margadh. I measc na bhfochomhlachtaí sin de chuid na Cóiré Theas, tá Etude House, Laniege, Sulwhasoo agus, creid é nó ná creid, Innisfree.

Is cosúil gur ón dán cáiliúil, The Lake Isle of Innisfree le W.B Yeats a tháinig ainm an chomhlachta cé gur as oileán Jeju sa Chóiré Theas seachas Loch Gile i Sligeach a thagann na comhábhair nádúrtha a úsáidtear i ndéanamh na dtáirgí cúram cnis agus áilleachta seo.

Scaip cáil na dtáirgí as an gCóiré go Meiriceá le cúpla bliain anuas, áit a bhfuil pobal mór arbh as an Chóiré ó dhúchas iad ach tá éileamh anois orthu i measc an phobail uile ansin. Scaip a gcáil anall chun na Breataine ansin agus is cosúil go mbeidh siad le feiceáil go coitianta anseo in Éirinn chomh maith.

Níl amhras ar bith orm ach go bhfuil saineolas ar leith ag muintir Chóiré Theas sa ghnó seo; bíonn éifeacht iontach maith ag formhór na dtáirgí seo acu ar ár gcraiceann. Is cinnte go bhfuil forbairtí nua déanta acu san eolaíocht a bhaineann le cúram cnis nach bhfuil feicthe againn in aon tír eile ar domhan.

Chomh maith le fiúntas na dtáirgí féin, tá forbairt déanta acu freisin ar na cleachtais is fearr leis na hábhair seo a chur ar an gcraiceann. Bíonn próiseas ar leith i gceist sa mbealach ina mbaintear úsáid as na táirgí agus ní mholfaidís iad a chaitheamh ort go sleamchúiseach nó go míchúramach. Cinntíonn an próiseas seo go súitear an mhaitheas ar fad isteach sa chraiceann agus go bhfaigheann tú an leas is fearr as.

Tá an chosúlacht ar chúrsaí gur tuilleadh dul chun cinn a dhéanfaidh an Chóiré Theas san tionscal seo sna blianta seo romhainn, fad is go gcoinnítear an ‘fire and fury’ ó Donald Trump agus díchéillí Kim Jong-un faoi smacht.

Fág freagra ar 'Trump, Kim Jong-un agus cúram cnis'