Buaileadh cnag ar an doras díreach nuair a shuigh mé síos chun an colún seo a scríobh. Shíl mé gurbh í an bhean a bhfuil cónaí uirthi san árasán faoi mo cheannsa a bheadh ann; tá nós aici sin bualadh isteach ag amanna míchuí. Bhí seanbhean chraptha romham nuair a d’oscail mé an doras, ceart go leor, ach bhí seál mar a bhíodh ar mhná na Gaillimhe fadó á chaitheamh aici, bhí scuab ina luí in aghaidh an bhalla agus bhí cat dubh ag baint lán na súl asam ag bun an staighre.
‘Tusa Alex?’ a d’fhiafraigh an tseanbhean díom sula raibh deis agam féin mo bhéal a oscailt.
‘Is mé.’
‘Scríobhann tú píosaí do Tuairisc.ie?’
‘Scríobhaim.’
‘Cassie a thug d’ainm agus do sheoladh dom. Dúirt sí go mbíonn tú sásta éisteacht lenár leithéidí.’
‘Cassie?’
‘Cassandra. Cailleach an Uafáis.’
Shín an tseanbhean amach a lámh sheargtha.
‘Tá brón orm, ba cheart dom mé féin a chur in aithne nuair a d’oscail tú an doras. Mise an Chailleach Bhéara. Cogar, ní dhéanfadh cupán tae aon dochar dom.’
Sheas mé i leataobh agus lig isteach tharam í.
***
‘Is é an chaoi gur rith tairngreacht phráinneach liom an lá faoi dheireadh agus shíl mé go mbuailfinn isteach chugatsa le go gcuirfeá muintir na hÉireann ar an eolas. Is mó an aird a bhíonn ag muintir na hÉireann ar a gcuid ríomhairí agus a gcuid fón na laethanta seo ná mar a bhíonn acu ar an saol eile, bail ó Chrom Dubh orthu, ach ní hin le rá nach mbeadh teachtaireachtaí tábhachtacha ag an saol eile dóibh.’
Nocht meangadh glic ar aghaidh rocach na Caillí. An ormsa a bhí an dul amú nó an raibh loinnir dhána ag damhsa ina súile dorcha?
‘Abair leat,’ a dúirt mé, agus dhoirt tae isteach ina muga.
‘An bhfuil a fhios agat céard iad an dá rud is fearr a tharla le míle bliain anuas? Trump agus an Breatimeacht.’
Sciorr mo lámh agus doirteadh an tae ar fud an bhoird.
‘Don Ghaeilge!’ a dúirt sí, ag gáire faoin ngeit a baineadh asam.
‘Aontaím leat go mbeadh an domhan i gcoitinne níos fearr dá n-uireasa, ach mar a dúirt an té a dúirt, bíonn a bhuntáiste féin ag baint le gach míbhuntáiste.’
‘Céard atá i gceist agat?’
‘Nach bhfuil sé chomh simplí le rud ar bith? Ar feadh na gcéadta bliain, thug muintir na hÉireann droim láimhe don Ghaeilge toisc gur mhó an meas a bhí acu ar an mBéarla ná mar a bhí acu ar a dteanga féin. Ach is gearr go n-athróidh sin anois! Ceanglófar an Béarla feasta le fuath agus gráin, le ciníochas agus faisisteachas – díreach mar a tharla leis an nGearmáinis tar éis an dara cogadh domhanda. A bhuíochas sin le Trump agus an Breatimeacht. Creid uaim é. Is gearr go mbeidh muintir na hÉireann ar a míle dícheall ag iarraidh a thaispeáint don chuid eile den domhan nach Sasanaigh ná Meiriceánaigh iad. Agus an bhfuil bealach níos fearr chun an teachtaireacht sin a chur abhaile ar an saol mór ná Gaeilge a labhairt?’
‘Humh,’ a dúirt mé.
Bhuail an Chailleach Bhéara a dorn san aer. ‘Trump abú! An Breatimeacht abú!’