Trump ag triall ar an dTeach Bán mar an 45ú hUachtarán ar SAM

D’éirigh le Trump an Teach Bán a bhaint amach in ainneoin na gconspóidí ar fad a bhain leis agus ba léir go ndeachaigh a theachtaireacht i bhfeidhm ar vótóirí geala den lucht oibre agus ar vótóirí tuaithe go háirithe

Trump ag triall ar an dTeach Bán mar an 45ú hUachtarán ar SAM

Is é Donald Trump a bheidh mar an 45ú hUachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá agus bua gan choinne faighte ag an bhfear gnó conspóideach ar Hillary Clinton, iarrthóir na nDaonlathach.

I ndiaidh feachtas fada gangaideach agus oíche lán teannais aréir, tuairiscíodh go hoifigiúil go moch maidin inniu gur éirigh leis an bPoblachtánach an ceann is fearr a fháil ar iarrthóir na nDaonlathach, a bhí ag súil le bheith ar an gcéad bhean a thoghfaí mar Uachtarán.

Bua ab ea é a bhain stangadh ceart as tráchtairí agus lucht tacaíochta Clinton araon.

Thug formhór na bpobalbhreitheanna sna laethanta beaga roimh lá na vótála le fios gur dóichí ná a mhalairt gur ag Clinton a bheadh an lá agus daingníodh ar an tuairim sin i bhfianaise na bpobalbhreitheanna díreach tar éis vótála.

Ach de réir mar a tháinig na vótaí isteach ó stáit chinniúnacha ar nós Ohio, Florida, North Carolina, Michigan agus Pennsylvania, ba léir go raibh an t-iarrthóir Poblachtánach ag cruthú i bhfad níos fearr ná mar a bhíothas ag súil leis.

Ach an oiread le reifreann Brexit níos túisce i mbliana, níor éirigh le lucht na bpobalbhreitheanna léamh ar mheon sciar mór den phobal, cé go bhfuil an chuma ar an scéal i gcónaí go bhféadfadh sciar níos mó de vóta an phobail a bheith ag Clinton.

D’fhágfadh sé sin go mbeadh Trump ar an gcúigiú hUachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá nár éirigh leis sciar níos mó de vóta an phobail a fháil ná mar a fuair a chéile comhraic.

D’éirigh le Trump an Teach Bán a bhaint amach in ainneoin na gconspóidí ar fad a bhain leis, ina measc a ráitis chiníocha agus a mhí-iompar i leith ban, ach ba léir go ndeachaigh a theachtaireacht i bhfeidhm ar dhaoine a bhraith nach rabhthas ag éisteacht leo.

Chuaigh a theachtaireacht i bhfeidhm ar vótóirí geala den lucht oibre agus vótóirí tuaithe go háirithe, dream, is léir, a bhraith scoite amach, míshásta leis an mbunaíocht agus imníoch faoina bhfuil i ndán dóibh.

“Primal scream” ó dhaoine a bhraith “frustrachas” faoina gcuid, an míniú a bhí ag David Axlerod, iarchomhairleoir sinsearach Barack Obama, ar an vóta mór a fuair Trump agus ar a bhua i gcóras an choláiste toghcháin.

Ar an dtaobh eile den scéal, cé gur éirigh go maith le Clinton i measc an phobail Latino agus i measc na ndaonlathach atá níos fearr as sa saol, theip uirthi cuid shuntasach den vóta a fuair Barack Obama i measc vótóirí geala den lucht oibre a choimeád.

Faoin am go raibh an chuma ar an scéal go raibh Clinton ag streachailt in áiteanna i Meániarthar na SA ar nós Michigan agus Wisconsin, stáit nár shíl fiú na Poblachtánaigh féin go raibh seans acu iontu, ba léir go raibh a rás rite.

Ba nuair a thug Trump an lá leis i Wisconsin a shocraigh The Associated Press a fhógairt gur ar an Teach Bán a bheadh triall iar-láithreoir an chláir teilifíse The Apprentice.

Beidh le feiceáil cén lorg a fhágfaidh bua an fhir ghnó ar shaol Mheiriceá agus ar chaidreamh a thíre le tíortha eile, ach fiú sular fógraíodh a bhua go hoifigiúil, bhí na margaí airgeadra ag éirí luaineach i bhfianaise na dtuairiscí gur le Trump a bheadh an lá. D’fhógair Banc Ceannais Mheicsiceo go mbeadh preasócáid ar maidin acu toisc an Peso a bheith tite níos ísle ná aon uair eile roimhe seo.

De réir tuarascáil amháin, a d’fhoilsigh an banc idirnáisiúnta Nomura i mí Lúnasa, ba í Éire an tír is mó san Aontas Eorpach a bheadh thíos le polasaithe eacnamaíochta Donald Trump dá n-éireodh leis sa toghchán.

Mhaígh údair na tuarascála, Charles St-Arnaud agus Anna Titareva, go dtitfeadh olltáirgeacht intíre (GDP) na hÉireann 2.4 pointe céatadáin sa chás go dtiocfadh laghdú 20% ar easpórtálacha go dtí SAM de thoradh chánacha trádála Trump.

Bhí daoine a shamhlaíonn tréithe an tuathghríosóra le Trump buartha roimh lá na vótála faoina áiteamh go raibh an toghchán rigeáilte agus toisc gur dhiúltaigh sé a rá go nglacfadh sé le toradh an toghcháin sa chás nach n-éireodh leis.

Ní gá dóibh imní a dhéanamh faoin méid sin anois, ach tá go leor cúiseanna eile imní ann agus tréimhse éiginnte roimh phobal scoilte Mheiriceá.

Fág freagra ar 'Trump ag triall ar an dTeach Bán mar an 45ú hUachtarán ar SAM'

  • Steve Ryan

    Cen fath an usaideann tu “gan choinne”? Is fearr a ra gur “ni cheapann siad”. Nil se meid gan choinne le moran Mheiriceanaigh – agus is mise duine amhain ce ata an-shasta leis na torthai. Abu Trump!