Truflais chainte ó leithéidí Katie Hopkins a thabharfaidh buille maraithe na muice don Late, Late

Is léir nach díospóireacht le dealramh faoi thoghadh Trump a bhí ón Late, Late Show ach lucht féachana agus baothchonspóid

Truflais chainte ó leithéidí Katie Hopkins a thabharfaidh buille maraithe na muice don Late, Late

‘We have serious problems to solve, and we need serious people to solve them. And whatever your particular problem is, I promise you Bob Rumson is not the least bit interested in solving it. He is interested in two things, and two things only: making you afraid of it, and telling you who’s to blame for it. That, ladies and gentlemen, is how you win elections. You gather a group of middle aged, middle class, middle income voters who remember with longing an easier time, and you talk to them about family, and American values and character…’

(The American President, 1995)

Is é Aaron Sorkin máistir na cainte polaitiúla agus an té a sholáthraigh dúinn The West Wing, ceann de na táirgí drámatúla is fearr a bhí riamh ann. Réamhtheachtaí don West Wing ba ea an táirge thuas (le cuid den chliar chéanna) agus ba dheas mar a bhain caint an Uachtaráin Andrew Shepard (Michael Douglas) macalla as na heachtraí corraitheacha i Meiriceá le déanaí.  Bhí ar an Late, Late Show (RTÉ, Dé hAoine) a mhaide a chur san fheamainn. Chuige sin deineadh an tráchtaire conspóideach, teanntásach Katie Hopkins a earcú le dul ag píobaireacht faoi bhua gan choinne an Trumpaigh. Nach í a bhain súp as. Bean a bhfuil a cóta bán déanta aici as a bheith ag caitheamh achasáin chonspóideacha, ghránna agus mhaslacha. Bean a n-oireann an ráiteas thuas mar chur síos uirthi, díreach mar a oireann sé don Uachtarán de bhunadh Leòdhais.

Sular craoladh an clár in aon chor bhí tuairim is 1,300 gearán faighte ag RTÉ agus b’aisteach an clár a soláthraíodh.

Rith dhá rud liom agus mé ag féachaint ar an seó bóthair seo. Ar an gcéad dul síos b’iarracht a bhí ann ag meitheal an Late Late lucht féachana ard a mhealladh ach craiceann na cainte tromchúisí a chur ar an rud. Dhein Ryan Tubridy iarracht díospóireacht shollúnta, mheasúil a reáchtáil ach d’imigh an rud ar fad ar bóiléagar. Bheadh sé chomh maith aige a bheith ag snámh in aghaidh easa. Ní den chéad uair aige cac ar na huibheacha. 

D’éirigh rudaí níos measa nuair a chuathas a fhad leis an lucht féachana agus ráitis á gcaitheamh chugainn go mbeadh tú ag súil leo in íochtar an idirlín. Más díospóireacht le dealramh a bhí ón Late Late d’fhéadfadh an t-iliomad tráchtairí agus saineolaithe deisbhéalacha, eolasacha a bheith tugtha ’on chlár acu. Dá olcas é George Hook b’fhearr i bhfad a léargais siúd ar chlár Ray D’Arcy ar an Satharn. Truflais mar seo a thabharfaidh buille maraithe na muice do stádas fadbhunaithe an Late Late.

Maidir le Katie Hopkins féin ní fiú an deich triuf a cuid tuairimí. Níl iontu ach cur i gcéill.

Ní dóigh liom go gcreideann sí féin leath acu, nó ar a laghad níl sí chomh diongbháilte sin fúthu. Níl uaithi ach séideadh faoina cáil agus féachaint ar na pinginí ag titim isteach ina cuntas bainc. Deir na hintleachtóirí, na liobrálaigh go bhfuil sí dúr agus cúngaigeanta. Pé rud eile atá sí, níl sí dúr mar go bhfuil adhmad á bhaint aici as an gcáineadh sin le breis cáile agus pinginí a bhaint amach. Is iad na daoine atá á cáineadh atá dúr mar tá a port siúd á dhamhsa acu. Níl de leigheas uirthi ach an ciúnas, an chluas bhodhar, an neamhaird agus ansin sleamhnaíonn sí uainn faoi mar a shleamhnaíonn an taoide de ghaineamh na trá.

We have serious problems to solve, and we need serious people to solve them.’