Troid go bun an angair i ndán dúinn in dhá chluiche mhóra Gaeltachta – i gCorca Dhuibhne agus i gConamara

Tabharfaidh na comharsana, an Daingean agus an Ghaeltacht, aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Chraobh Chiarraí Thiar amárach agus beidh cluiche ollmhór inniu ag Micheál Breathnach i nGaillimh agus iad ag iarraidh fanacht i ngrád na sinsear

Troid go bun an angair i ndán dúinn in dhá chluiche mhóra Gaeltachta – i gCorca Dhuibhne agus i gConamara

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Má bhuann Cill Chonla i gcluiche ceannais dícháilithe Chraobh na Gaillimhe tráthnóna, d’fhágfadh sé, den dara bliain as a chéile, go ndíbreofaí foireann as Conamara as grád na sinsear i nGaillimh.

Carna-Caiseal a chuaigh síos go dtí an chraobh idirmheánach anuraidh, agus tá fir Chois Fharraige, Micheál Breathnach, anois ag iarraidh an chinniúint chéanna a sheachaint agus iad ag dul chun páirce sa Prairie ag 2.00i.n. inniu.

Cé go raibh na Breathnaigh compordach go maith sa chraobh shinsir le roinnt blianta anuas, tá rudaí imithe in olcas an séasúr agus dúshlán mór rompu an stádas sin a choinneáil.

Ceann de na fadhbanna atá acu ná go mbíonn siad ag brath i gcónaí ar na seanfhondúirí céanna, agus gan mórán imreoirí óga ag teacht tríd. Seans gurb é an scéal céanna a bheidh ann tráthnóna, go háirithe agus beirt de na himreoirí is fearr atá ar fhoireann Mhicheál Breathnach in easnamh.

Tá Seán Denvir, a bhí ar fhoireann an chontae le roinnt blianta anuas, bailithe leis ag taisteal agus ní bheidh fáil ach an oiread ar chaptaen na foirne, Fiontán Ó Curraoin. Bhí Ó Curraoin, imreoir contae eile, ar fheabhas do Mhicheál Breathnach le cúpla cluiche anuas ach briseadh a chos sa chluiche deiridh in aghaidh na Ceathrún Rua.

Ábhar dóchais amháin atá ag fir Chois Fharraige ná go dtuigtear go mbeidh fáil acu ar Pheadar Óg Ó Gríofa do chluiche an lae inniu. Tosach cumasach é Ó Gríofa a d’imir le sinsir an chontae ach a raibh mí-ádh ceart air ó thaobh gortuithe.

Má bhíonn Ó Gríofa, Rónán ‘Beag’ Mac Donnacha is a leithéidí i mbarr a maitheasa i measc na dtosaithe, beidh deis ag Micheál Breathnach teacht slán, ach níor mhór flosc chun catha a bheith orthu ó thús.

Ní hé sin an t-aon chluiche mór Gaeltachta atá ann an deireadh seachtaine seo, áfach, agus cluiche ceannais Chraobh Chiarraí Thiar á imirt amárach. Níl aon stad ar na cluichí móra ag an nGaeltacht. Tá cluiche ceannais na sraithe in aghaidh na gCrócach fós le teacht, ach beidh siad ag díriú ar dtús ar a gcomharsana béal dorais agus an Daingean rompu i gcluiche ceannais na craoibhe áitiúla.

Cé nach ar Chraobh Chiarraí Thiar ba mhó a bhí na foirne seo ag díriú ag tús na bliana seo, ní ghéillfidh ceachtar foireann an t-orlach féin agus iad ag imirt in aghaidh a sean-naimhde.

Lena bhfuil de mholadh faighte ag an nGaeltacht le mí nó dhó anuas, is cinnte go mbeidh an Daingean ag iarraidh an ghaoth a bhaint as a gcuid seolta, go háirithe nuair nach bhfuil siad róshásta lena séasúr féin go dtí seo.

Ba iad a bhuaigh an cath seo anuraidh nuair a bhí bua compordach go maith acu ar an nGaeltachtsa chluiche ceannais, cé nach raibh eatarthu ach cúpla pointe ag deireadh na himeartha. Bhí an-tionchar ag Paul agus Conor Geaney ar an gcluiche sin agus cé go ndéarfá go mbeadh Marc Ó Sé agus Cathal Ó Lúing na Gaeltachta in ann acusan, gortaíodh Ó Lúing i gcluiche ceannais na Mumhan an deireadh seachtaine seo caite.

Níl aon dabht ach go gcaithfidh cosantóirí an Daingin a bheith ar a n-airdeall mar tá slad á dhéanamh ag tosaithe na Gaeltachta le cúpla cluiche anuas. Bí cinnte gur cluiche crua atá i ndán dúinn i clasico Chorca Dhuibhne.

Fág freagra ar 'Troid go bun an angair i ndán dúinn in dhá chluiche mhóra Gaeltachta – i gCorca Dhuibhne agus i gConamara'