‘Triomaigh bhur súile, a phóilíní an PSNI’ – comhairle stuama?

Bhain conspóid mhór le tvuít Phríomh-Chonstábla an PSNI, George Hamilton faoi phóilíní a bhíonn ag gearán. Ar chiallmhar an fhainic í?

‘Triomaigh bhur súile, a phóilíní an PSNI’ – comhairle stuama?

Gach seans nach scothchleachtas bainistíochta é a bheith ag tvuíteáil tar éis meán oíche ar an Satharn agus foighne caite le hoibrí gearánach. Bhí ciall cheannaithe ag Príomh-Chonstábla an PSNI, George Hamilton ar an Domhnach. Ghabh sé a leithscéal. Ach níorbh é sin deireadh na conspóide faoi choinníollacha oibre na bpóilíní agus ‘easpa tuisceana’ na saoistí.

Tá sé de nós ag an bPríomh-Chonstábla Hamilton úsáid a bhaint as na meáin shóisialta go minic. Oíche Dé Sathairn agus é ag tathant ar dhaoine cur isteach ar phostanna san PSNI, d’fhoilsigh sé cóip d’fhógra ó 1839 faoi choinníollacha oibre na bPeelers, é ag maíomh go bhfuil na téarmaí i bhfad níos fearr inniu. Níorbh é gach duine a bhí sásta.

D’fhreagair roinnt ball den PSNI féin é ag rá nach raibh an cultúr oibre acu sásúil.

Dúirt fear amháin, atá ina phóilín le dhá bhliain déag, go raibh ualach i bhfad níos troime ar phóilíní an lae inniu ná mar a bhí sa tseanaimsir. “Ní mór dó [an póilín] gníomhú mar oibrí sóisialta, paraimhíochaineoir, feighlí páistí agus araile,” a dúirt sé.

Tar éis a thuilleadh cur agus cúiteamh idir an bheirt, dúirt Hamilton gurbh fhearr tabhairt faoin obair agus éirí as an bhféintrua. D’fhéadfadh an gearánaí post eile a fháil agus ní raibh éinne ag cur iallach air fanacht san PSNI, arsa an Príomh-Chonstábla. “Triomaigh do shúile, déan an jab nó imigh leat,” ar sé mar chlabhsúr ar an argóint.

Tharraing an tvuít rabharta cáinte. Dúirt cathaoirleach cheardchumann na bpóilíní, Mark Lindsay, gur údar mór díomá é dearcadh an Phríomh-Chonstábla. Léirigh a ráiteas dothuigthe chomh mór is atá George Hamilton scoite amach ó shaol oibre an ghnáthchonstábla, dar le Lindsay. Chosain iar-oifigigh shinsearacha Hamilton, ach dúirt teachta tionóil ón UUP go raibh brú sa bhreis ar an PSNI i ngeall ar chiorruithe ar chaiteachas poiblí. Mhaígh Doug Beattie go raibh cúraimí breise ar phóilíní mar go raibh orthu bearnaí sna seirbhísí éigeandála eile a líonadh toisc easpa otharcharr agus seirbhísí eile.

Ghabh Hamilton leithscéal as daoine a ghortú agus dúirt nárbh tvuít an bealach cuí le déileáil leis an gceist. Sheas sé lena bhreithiúnas faoi chúram an phóilín ach bhí aiféala air má thug sé le fios nach raibh tacaíocht le fáil ag comhaltaí uaidh. Bhí sé mórtasach as a fhoireann, ar sé, agus sheasfadh sé gualainn ar ghualainn leo.

Is iomaí duine i measc an phobail a d’aontódh le fainic Hamilton, cuma cé chomh giorraisc is a bhí sé. Feictear dóibh nach bhfuil cuid den tseirbhís phóilíneachta thar mholadh beirte. Ar ndóigh, caithfear a chur san áireamh go bhfuil comhaltaí i mbaol ó easaontóirí poblachtacha agus coirpigh agus iad faoi strus mór dá réir.

Ba chosúil, áfach, gur faoi ghnáthobair a bhíothas ag casaoid. Dúradh go raibh ‘obair shóisialta nó pharamhíochaine’ de dhlúth agus d’inneach i bpóilíneacht le fada. Gnó do phóilíní é nuair a chuirtear fios orthu de bharr aighnis sa teaghlach, nuair a bhíonn fadhb ag tuismitheoir le duine óg a iompaíonn ar ól nó drugaí nó nuair a bhíonn timpiste nó bruíon ann.

Céard leis a mbeadh póilíní ag déileáil mura mbeadh obair den sórt sin idir lámha acu? Ní féidir le gach duine a bheith ina bhleachtaire, ag obair sa tseirbhís faisnéise nó ina shuí in oifig.

Is é dualgas na bainistíochta cóir a chur ar fáil d’oifigigh atá faoi strus nó atá ag fulaingt de bharr tráma, ach ní hionann sin agus gnáthobair a sheachaint. Má mhúscail George Hamilton póilíní as an mbaothaislingíocht is maith sin.

Fág freagra ar '‘Triomaigh bhur súile, a phóilíní an PSNI’ – comhairle stuama?'