Triail Kevin McGeever curtha siar de bharr tinnis

Chualathas sa chúirt inné go bhfuil an forbróir réadmhaoine, a bhfuil sé curtha ina leith gur chuir sé am an Gharda Síochána amú, go dona tinn

0007a73f-642
Kevin McGeever

Cuireadh siar inné triail Kevin McGeever (69), an forbróir réadmhaoine a bhfuil sé curtha ina leith gur chuir sé am an Gharda Síochána amú i ndáil leis an bhfuadach sé mhí a líomhnaítear a deineadh anuraidh air.

Bhí an cás le héisteacht an tseachtain seo chugainn, ach glacadh sa Chúirt Chuarda sa Ghaillimh inné le hiarratas óna abhcóide, Dáithí Mac Cárthaigh, go gcuirfí siar an triail i bhfianaise na bhfadhbanna sláinte a bhí ag an Uas. McGeever .

Chualathas sa chúirt gur tógadh an tUas. McGeever faoi dheifir go dtí ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath oíche Dé Luain mar go raibh hipirtheannas air.

Dúradh go raibh brú fola chomh hard sin air go raibh sé i mbaol stróic a fháil.

Maíodh sa chúirt inné chomh maith go raibh dúlagar ar an Uas. McGeever agus luadh go raibh tuairisc shíciatrach déanta a thacódh leis an áiteamh sin.

Tá sé curtha i leith an Uas. McGeever gur thug sé ráitis agus tuairiscí bréige don Gharda Síochána idir an 29 Eanáir agus an 28 Feabhra 2013, ráitis agus tuairiscí bréige a thug le tuiscint go raibh eolas aige faoi líomhaintí a bhain le fuadach, ionsaithe agus bagairtí ar dhochar a dhéanamh do dhuine.

Tá sé curtha ina leith chomh maith gur chuir sé am an Gharda Síochána amú trí ráitís agus tuairiscí bréige a thabhairt dóibh le linn na tréimhse céanna.

Tuairiscíodh i mBealtaine 2012 go raibh an tUas. McGeever, a bhíodh ina chónaí i mBaile an Mhuine i gCreachmhaoil na Gaillimhe ach a bhfuil seoladh anois aige i gCluain Tairbh, Baile Átha Cliath, ar iarraidh.

Tháning lánúin air i mí Eanáir 2013 ar thaobh bóthar iargúlta i gCo. Liatroma, mearbhall air agus cuma na hainnise air.

Ghlac an t-abhcóide ionchúisimh Conor Fahy leis an iarratas go gcuirfí siar an triail a bhí beartaithe don Mháirt seo chugainn.

Chuir an Breitheamh Rory McCabe an cás siar go dtí an 5 Nollaig, tráth a shocrófar dáta nua don triail.

Éisteofar le fianaise ó os cionn tríocha finné le linn na trialach. Tugadh le fios cheana go mairfeadh an triail trí lá ach dúirt foinsí dlí le Tuairisc.ie go bhféadfadh go dtógfadh sé seachtain de bharr líon ard na bhfinnéithe.