Trí phlean teanga curtha faoi bhráid na Roinne agus súil le naoi gcinn eile i mbliana

De réir an eolais is déanaí atá ar fáil faoin gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht, tá plean teanga aontaithe le hÚdarás na Gaeltachta i gcás trí cheantar Gaeltachta

Trí phlean teanga curtha faoi bhráid na Roinne agus súil le naoi gcinn eile i mbliana

Trí cinn de phleananna teanga atá curtha faoi bhráid Roinn na Gaeltachta mar chuid den phróiseas pleanála teanga go n-uige seo.

Níl aon phlean teanga faofa fós ag Aire Stáit na Gaeltachta d’aon cheann den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta atá aitheanta in Acht na Gaeltachta 2012, ach tá an próiseas pleanála tosaithe i 23 ceann de na limistéar sin.

De réir an eolais is déanaí atá ar fáil faoin gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht, tá plean teanga aontaithe le hÚdarás na Gaeltachta i gcás trí cheantar Gaeltachta – Gaoth Dobhair agus na Rosa, Cois Fharraige, agus Cloich Chionnaola. Tá na trí phlean sin curtha faoi bhráid na Roinne agus súil lena bhfaomhadh roimh dheireadh na bliana seo.

Táthar ag súil go gcuirfear naoi gcinn eile de phleananna faoi bhráid na Roinne sna míonna amach romhainn agus go mbeidh na pleananna sin faofa ag an Aire chomh maith roimh dheireadh na bliana. Is iad na ceantair atá i gceist leis na pleananna sin ná Ciarraí Thiar, Ciarraí Theas, Na Déise, Árainn Mhór, Dún na nGall Theas, An Cheathrú Rua, Múscraí, Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh, agus
Conamara Láir.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo i mí an Mhárta, bhí ar Údarás na Gaeltachta síneadh ama a lorg  maidir leis an spriocam do naoi gcinn de na pleananna teanga atá á n-ullmhú sa Ghaeltacht faoi láthair.

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, ceadaíodh síneadh ama do gach ceann de na heagraíochtaí a raibh a sprioc don phlean teanga leagtha síos don bhliain seo caite.

Tá Roinn na Gaeltachta ag súil go gcuirfear tús leis an bpróiseas sna trí limistéar atá fágtha faoi dheireadh na bliana seo, is iad sin Bearna agus Cnoc na Cathrach, Oirthear Chathair na Gaillimhe agus an tEachréidh.

Is in Acht na Gaeltachta (2012) a leagadh an cúram ar Údarás na Gaeltachta an córas pleanála teanga a stiúradh.

Faoin gcur chuige a cuireadh i bhfeidhm, roghnaíonn Údarás na Gaeltachta eagraíocht chun plean teanga a ullmhú do gach limistéar pleanála teanga. Nuair atá na pleananna sin aontaithe leis an Údarás, cuirtear faoi bhráid na Roinne Gaeltachta iad chun go ndéanfadh an tAire iad a fhaomhadh.

Fág freagra ar 'Trí phlean teanga curtha faoi bhráid na Roinne agus súil le naoi gcinn eile i mbliana'