Trí pháirtí fós i sáinn…

Dhá bhró mhuilinn. Trí pháirtí cráite: Fine Gael agus an Lucht Oibre ag táillí uisce, Sinn Féin ag a stair.

 

Keny Adams Burton

Fógróidh an rialtas tairiscint eile faoi tháillí uisce go luath. Idir an dá linn, ní léir fós go bhfuil na ceachtanna cuí foghlamtha acu. Mar shampla, dúirt an Teachta Eoghan Murphy Dé hAoine gur bhain na botúin ‘a rinneadh’ (níor dhúirt sé ‘a rinne’) an bonn de mhuinín an phobail as Uisce Éireann.

Cogar, a Eoghain, níl muinín an phobail as an rialtas neartaithe ach oiread, ach a mhalairt b’fhéidir.

Ar an taobh eile den argóínt, cuirfidh bogthairiscint gheallta an rialtais brú ar an bhfreasúra uisce.

Maíonn na ceannairí go bhfuil an pobal glan in aghaidh an phrionsabail gur cheart iachall ar dhaoine íoc as a soláthar uisce. Maíomh a thuileann amhras.

Dá ghéire achrann an uisce, ba chóir go mbeadh sé ar chumas an rialtais teacht as. Is géire go mór an cruachás ina bhfuil Sinn Féin sáinnithe, agus ní léir bealach glan as ná thairis.

Is ar Shinn Féin atá an bhéim, agus torthaí phobalbhreith Red C sa Sunday Business Post á léamh. Is idir Dé Luain 20 Deireadh Fómhair agus Dé Céadaoin seo caite a cuireadh ceisteanna le haghaidh an tsuirbhé.

Admhaím go bhfuil míshuaimhneas orm faoin gconspóid a spreag clár téagartha ‘Spotlight’ a chraol BBC Thuaisceart Éireann (ar féidir teacht air ar YouTube ach ‘Maíria Cahill’ a lorg) imní orm ar chúis amháin.

Cibé barúil atá agat ina thaobh, is léir an chontúirt dhaonna.

Ní foláir cuimhneamh nach gnáthargóint pholaitiúil atá ar bun ach argóint ina bhfuil leas agus sábháilteacht duine sa meá.

Ina dhiaidh sin, sílim go bhfuil an méid seo soiléir i bhfianaise a bhfuil ráite go dtí seo ag Maíria Cahill, agus ráite nó seachanta ag Sinn Féin.

  1. Glacann Sinn Fein leis gur éigníodh í, mar a dúirt Martin McGuinness Déardaoin, agus go raibh sí faoi bhun 18 bliain agus í á hionsaí. Diúltaíonn said don chuid eile dá scéal. Is léir an laige i gcosaint dá leithéid.
  2. Admhaíonn Gerry Adams gur phléigh sé a cás le Maíria Cahill, ach nár phléigh sé na gnéithe is tabhachtaí, is é sin, ‘fiosrú’ an IRA agus an fiosrú a theastaigh uaithi.
  3. Tá sé ráite ag Maíria Cahill gur mhol ceannairí an IRA do dhaoine a síleadh a bhí freagrach as mí-úsáid ghnéis dul thar teorainn ó dheas, nó gur chuir said iachall orthu teitheadh ó dheas. Níl a ráiteas séanta ag Sinn Féin.

Tá Sinn Féin ag cur i leith iriseoirí go bhfuil said ag glacadh go hiomlán lena bhfuil ráite ag Maíria Cahill. They have decided somebody is entirely believable and true in everything they say,” a dúirt an Teachta Pádraig McLoughlin, gan í a ainmniú, le Seán O’Rourke ar RTE Dé hAoine.

Fiú má fhágtar an áibhéil i ráiteas dá leithéid i leataobh, níl síol freagra ann ar an trí chontrárthacht thuas.

B’fhearr, ar ndóigh, dá réiteofaí os comhair cúirte fiú cuid de na ceisteanna a bhaineann lena cás. Ach tá ceisteanna tromchúiseacha dúisithe aici nach féidir a chur i leataobh mar gheall ar easpa éisteachtaí cuirte.

Ceist níos doimhne nach féidir a réiteach fós: an gcuimhneoidh vótóirí ó dheas in aon chor ar eachtraí a tharla ó thuaidh 15 bliana déag ó shin idir seo agus olltoghchán 2016?

Fág freagra ar 'Trí pháirtí fós i sáinn…'

  • Concubhar Ó Liatháín

    Ní chuirim morán spéise i dtorthaí phobal bhreitheanna mar gheall ar chomh ‘sealadach’ is atá siad. Fiú dá gcuirfinn ní léir go bhfuil Sinn Féin i sainn an oiread sin mar gheall go bhfuil an titim 3% laistigh den mhéid a cheadaitear d’earráídí. Fiú gur thit Gerry Adams 7% – tá sé fós ag 40%, libhéal atá an ard.
    Ní bhaineann an scéal seo le Gerry Adams cé go samhlófá óna chuid ramhaillí le tamall anuas gur comhcheilg mór é chun é a chur dá sheasamh seachas bean uasal ag ínsint faoin éagnú a deineadh uirthí agus an éagóir mar bharr ar sin a rinne an IRA uirthí. Go leor ceisteanna le freagairt ag Sinn Féin faoi seo – go leor ceisteanna le freagairt freisin ag na h-údaráís faoin mbealach a laimhseáíl siad san cás Mhairia – cén fath mar shampla ar tugadh tosaíocht don chúis ballraíochta san IRA thar an chúis éagnú agus na cúiseanna eile a bhain le coimead duine in éadan a tola etc?
    Ach tá Cathal ag cur na ceisteanna cearta sa cholún seo – ní doigh liom go mbeidh freagra orthu, áfach ó Shinn Féin mar gheall ar go bhfuil an iomarca imní ar an phairtí faoi cad a tharlódh gan Gerry Adams ‘mar Uachtarán Sinn Féin’.