Trí chomhad a bhaineann le hÚdarás na Gaeltachta á gcoimeád faoi rún i Roinn na Gaeltachta

Baineann na comhaid, nár scaoileadh leis an gCartlann Náisiúnta iad, le 1982-83, ceann de na tréimhsí is corraithí i stair na heagraíochta

udaras_DB

Tá trí chomhad a bhaineann le hÚdarás na Gaeltachta á gcoimeád faoi rún i Roinn na Gaeltachta toisc eolas íogair a bheith iontu.

Níor scaoileadh na comhaid seo, a bhaineann le tréimhse shuaite i stair an Údaráis, leis an gcartlann náisiúnta toisc gur cinneadh go bhfuil eolas iontu nár cheart go mbeadh teacht ag an bpobal air.

Trí chúis atá á lua le coinneáil siar na gcomhad seo: go mbeadh sé i gcoinne leas an phobail iad a scaoileadh; go bhfuil eolas iontu a tugadh faoi rún; agus go bhfuil eolas iontu a d’fhéadfadh daoine a chlúmhilleadh dá scaoilfí é.

Faoin reachtaíocht a bhaineann leis an gCartlann Náisiúnta tá cead comhaid a choimeád siar ar na cúiseanna sin.

Baineann na trí chomhad faoin Údarás le 1982 agus 1983 agus is iad na teidil atá orthu ná ‘Údarás na Gaeltachta (Fiosrúchán)’, ‘Údarás na Gaeltachta (Nochtadh Eolais)’ agus ‘Údarás na Gaeltachta (Fadhbanna maidir le hÚdarás na Gaeltachta)’.

Ba í an tAire Heather Humphreys a chuir an t-eolas faoi na comhaid rúnda seo ar fáil agus í ag freagairt cheist Dála a chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín uirthi faoi líon na gcáipéisí nach bhfuil curtha ar fáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don Chartlann Náisiúnta le trí bliana anuas.

Cé nach eol go díreach cén t-ábhar atá sna comhaid seo atá a gcoimeád siar, bhí fiosrúcháin ar bun i dtaobh an Údaráis sna blianta atá i gceist, an tréimhse is corraithí, b’fhéidir, i stair na heagraíochta.

In alt leis faoi chomhaid eile faoin Údarás a bhaineann leis an tréimhse chéanna, dúirt an t-iriseoir Breandán Delap nach mbeadh go leor de na heachtraí a tharla san Údarás i 1983 “as alt i scéinséir de chuid John Grisham ach gur dócha go mbeidís ag síneadh inchreideacht an léitheora”.

Bhain na comhaid a dhein Delap scagadh orthu le Roinn an Taoisigh agus le hOifig an Ard Aighne agus scaoileadh faoi Riail 30 Bliain iad in 2013.

I 1981 bhunaigh an Rialtas “an enquiry into the constitution and operation of Údarás na Gaeltachta”, fiosrúchán a d’eascair as ceisteanna a bhí á gcur faoi dhá phaiste talún a cheannaigh an tÚdarás, ceann acu i nGaeltacht Chorcaí agus an ceann eile i nGaeltacht Chiarraí.

Nuair a tháinig líomhaintí eile chun solais faoi chaimiléireacht a bheith ar bun i roinnt comhlachtaí a raibh an tÚdarás ag tacú leo, shocraigh an Rialtas gur ghnó do Scuad Calaoise an Gharda Síochána a bhí ann. D’fhógair an tAire Dlí is Cirt, Michael Noonan sa Dáil i mí an Mheithimh, 1983 go raibh deireadh le fiosrúchán na nGardaí.

Go gairid ina dhiaidh sin bhí conspóid mhór eile ann faoi iasacht a socraíodh do chomhlacht i gConamara, i ngan fhios do chomhaltaí Bhord an Údaráis.

Mar seo a chuir Breandán Delap tús lena alt ar an iris Comhar faoi na heachtraí seo ar fad:

“Idirbheart aisteach airgeadais, cúléisteacht ar chomhrá gutháin, bagairtí báis, sceitheadh eolais, caingin dlí, bagairt ar stailc ocrais – níl ansin ach cuid de na heachtraí a tharla in Údarás na Gaeltachta tríocha bliain ó shin…”

Fág freagra ar 'Trí chomhad a bhaineann le hÚdarás na Gaeltachta á gcoimeád faoi rún i Roinn na Gaeltachta'