Trí bhriseadh isteach i nGaelscoil le trí lá anuas

Tuairiscítear go ndearnadh idir £5,000 agus £10,000 de dhamáiste nuair a briseadh isteach i nGaelscoil i mBéal Feirste trí huaire le trí lá anuas

Trí bhriseadh isteach i nGaelscoil le trí lá anuas

Briseadh isteach i nGaelscoil i mBéal Feirste trí huaire le trí lá anuas agus tuairiscítear go ndearnadh idir £5,000 agus £10,000 de dhamáiste le linn na n-eachtraí.

Deir an PSNI gur briseadh isteach i mBunscoil An tSléibhe Dhuibh ar bhóthar Bhaile Uí Mhurchú trí huaire idir Domhnach agus Máirt na seachtaine seo.

Briseadh fuinneoga agus goideadh boscaí airgid le linn na n-eachtraí.

Briseadh isteach sa scoil den chéad uair timpeall 3am Dé Domhnaigh seo caite agus tuairiscíodh go ndearnadh damáiste do charr agus d’fhuinneoga na scoile.

De réir tuairiscí, chonacthas fear a raibh húdaí gorm agus liath air, agus an chuma air gur dhéagóir a bhí ann, ag fágáil na háite i ndiaidh na heachtra.

Tuairiscítear gur caitheadh cloch mhór tríd fhuinneog oifig na scoile le linn an dara briseadh isteach, a tharla tar éis mheán oíche Dé Luain.  Ransaíodh tarraiceáin agus cófraí le linn an ruathair seo ach níor goideadh aon ní.

Tuairiscítear gur tharla an tríú heachtra ag 10:30am maidin inné, tráth ar caitheadh pota plandaí trí fhuinneog de chuid na scoile.

Rinneadh oifig na scoile a chuardach arís an babhta seo ach tuairiscítear nach léir gur tógadh aon rud.

Tá an PSNI ag iarraidh ar an bpobal cuidiú lena gcuid fiosrúchán.

Dúirt Príomhoide Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh in iarthar Bhéal Feirste go raibh “fearg” ar an bpobal faoi na heachtraí.

“Ba scéal eile ar fad é i ndiaidh bhriseadh isteach na hóiche aréir. Bhí daoine ag teacht isteach chugainn ag rá: ‘Caithfear breith ar na daoine seo agus an dlí a chur orthu. Caithfear stop a chur leis seo láithreach’,” a dúirt an Príomhoide agus é faoi agallamh ag an BBC.

Tá lucht bainistíochta na scoile i mbun athbhreithnithe ar chóras slándála na scoile i bhfianaise na n-eachtraí.

Fág freagra ar 'Trí bhriseadh isteach i nGaelscoil le trí lá anuas'