Trevor Ó Clochartaigh an polaiteoir is mó in Éirinn a bhíonn ag Gaeilgeoireacht ar Twitter

Bíonn an ceathrú cuid de ghiolcacha an tSeanadóra Gaeltachta i nGaeilge, agus é i bhfad chun cinn ar aon pholaiteoir eile i dTeach Laighean nó Stormont

Trevor Ó Clochartaigh an polaiteoir is mó in Éirinn a bhíonn ag Gaeilgeoireacht ar Twitter

Is é an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh, as Conamara, an polaiteoir is mó a bhíonn ag Gaeilgeoireacht ar Twitter. Bíonn an ceathrú cuid de ghiolcacha an tSeanadóra Gaeltachta i nGaeilge, agus é i bhfad chun cinn ar aon pholaiteoir eile, thuaidh ná theas.

Mar a léiríodh i dtaighde Tuairisce.ie cheana, is é an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, an Teachta Dála is mó a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge agus 17% dá chuid giolcacha siúd i nGaeilge.

Tá Ó Clochartaigh i bhfad chun cinn freisin ar a chomhghleacaithe sa Seanad maidir le húsáid na Gaeilge ar Twitter. Sa dara háit ar an liosta den deichniúr Seanadóirí is mó a chuireann teachtaireachtaí Gaeilge amach tá an Seanadóir Niall Ó Donnghaile, iar-mhéara Bhéal Feirste, a bhfuil 8% dá chuid giolcacha i nGaeilge.

Tá duine amháin eile ó Shinn Féin ar an liosta den deichniúr Seanadóirí is mó a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge — Fintan Warfield, duine a bhfuil 0.1% dá chuid giolcacha i nGaeilge.

Is Seanadóirí neamhspleácha den chuid is mó atá ar liosta na ngiolcairí Gaeilge: Pádraig Ó Céidigh, an fear gnó as Conamara; Rónán Mullen, a toghadh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; Brian Ó Domhnaill; an t-amhránaí Frances Black; agus an t-iarThánaiste Michael McDowell.

Tá an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin, ó Pháirtí an Lucht Oibre, ar an liosta freisin. Níos túisce i mbliana, chuir sé tús le hachainí le brú a chur ar Bhanc na hÉireann rogha Ghaeilge a thabhairt ar ais ar ATManna nua an bhainc. Dúirt BOI gur 1% líon na n-idirbheart a rinneadh i nGaeilge ar na ATManna, an céatadán céanna giolcacha Gaeilge atá curtha amach ag an Seanadóir Ó Ríordáin.

Is é Terry Leyden ó Fhianna Fáil an t-aon duine ón bpáirtí sin atá i measc an deichniúr Seanadóirí is mó a bhíonn ag cur teachtaireachtaí Gaeilge amach ar an ardán meán sóisialta.

Tá na figiúirí seo bunaithe ar thaighde de chuid Tuairisc.ie ar shonraí a sholáthair an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Saint Louis i Missouri mar chuid dár sraith alt faoi úsáid na Gaeilge ar Twitter.

Fág freagra ar 'Trevor Ó Clochartaigh an polaiteoir is mó in Éirinn a bhíonn ag Gaeilgeoireacht ar Twitter'

  • Samuel

    is mo agus is coitianta a bhionn ag giolcaireacht…..!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cá bhfuil na polaiteoirí seo uilig as an Ghaeltacht a bhfuil Gaeilg acu??? Náireach!!

    Maith na fir seo agus iad ag tabhairt aitheantas don Ghaeilg! An bhfuil polaiteoir ban ar bith ag úsáid na Gaeilge???