‘Tréimhse lán-tumoideachais’ le ceadú

Fáilte mhór curtha ag Gaelscoileanna Teo. roimh an scéal ach ábhar imní dóibh caighdeán Gaeilge na gcéimithe ag teacht amach ó na coláistí oiliúna

25/1/2007. Irish Speaking Schools
Pictiúr: Photocall Ireland

Tá fáilte mhór curtha ag Gaelscoileanna Teo. roimh an scéal go bhfuil tréimhse lán-tumoideachais le ceadú sna naíonáin i scoileanna lán-Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Ach is ábhar imní i gcónaí don eagraíocht an easpa múinteoirí “le caighdeán inniúlachta cuí sa Ghaeilge”.

“Is é caighdeán Gaeilge na gcéimithe ag teacht amach ó na coláistí oiliúna agus ag dul isteach sna scoileanna lán-Ghaeilge príomhábhar imní na scoileanna,” a dúírt Uachtarán Gaelscoileanna Teo, Máirín Ní Chéileachair.

Ba ag Comhdháil Bhliantúil Oideachais 2014 Gaelscoileanna Teo inniu a d’fhógair Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, Seán Ó Foghlú, go bhfuil sé i gceist tréimhse lán-tumoideachias luath sna naíonáin a cheadú.

“Is léiriú é an beart seo ar aitheantas na Roinne ar thábhacht an luath-thumoideachais iomlán do shealbhú na Gaeilge agus d’fháilteodh an eagraíocht go mór roimh thréimhsedhá bhliain iomlán den luath-thumadh sna scoileanna lán-Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, mar aon leis na tacaíochtaí praiticiúla riachtanacha d’fheidhmiú an chórais,” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo.

Dúirt Seán Ó Foghlú go n-aithníonn an Roinn Oideachais agus Scileanna, “go bhfuil go leor tairbhe ag baint leis an oideachas lán-Ghaeilge, tairbhe a chuimsíonn an leas oideachais do na foghlaimeoirí agus buanú na Gaeilge sa chóras oideachais”.

Dúirt Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo, Bláthnaid ní Ghréacháin, go raibh gá anois féachaint ar pholasaí “aitheantais scoile” na Roinne toisc go mbíonn na “mílte páistí ag an dá leibhéal nach n-éiríonn leo áit a fháil i scoil lán-Ghaeilge toisc ró-shuibscríobh don scoil is cóngaraí dóibh agus nach bhfuil a gceantair aitheanta ag an Roinn le haghaidh soláthair breise”.

 

Fág freagra ar '‘Tréimhse lán-tumoideachais’ le ceadú'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Cinneadh maith déanta an an Roinn chun cothromaíocht a fháil don Ghaeilge i ré seo an uileláithreachas Béarla