Tréimhse athnuachana na gCúigí

Ar éigean go mbeidh na foirne móra club na hEorpa ar crith ina gcraiceann má tá orthu teacht go Baile Átha Cliath nó go Luimneach

Luke O'Dea tackled by Sam Coghlan Murray 4/10/2014

Tá cuimhne mhaith ag David Wallace, iar-chúltosaí cliatháin na Mumhan agus na hÉireann, ar an gcéad chluiche idirchúige a d’imir sé i gcoinne na Laighneach thiar sna nóchaidí. “Is i Luimneach ar pháirc Gharraí Eoin a d’imríomar ina gcoinne,” ar sé, ag caint dó ag ócáid don phreas i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh.

Ba chuma leis mura raibh ach cúpla céad duine i láthair ag an gcluiche. Buaicphointe na bliana a bhí ann, ó thaobh cúrsaí spóirt de, dó féin agus dá chomhimreoirí.

Samhlaím iad ar a ndícheall leis an lámh in uachtar a fháil ar ghaigí na hardchathrach, ceacht rugbaí (agus béasa!) a mhúineadh dóibh agus iad a sheoladh ar ais abhaile.

Ach ní dócha gur mórtas cúige amháin a bhí i gceist an tráth sin ná go deimhin anois. Is iondúil go mbíonn roghnóirí na foirne náisiúnta i láthair ag na cluichí idirchúige agus imreoirí á meas acu.

Agus má theastaíonn ó imreoir aird an chóitseálaí a tharraingt air féin, ní mór dó é féin a chruthú sna cluichí idirchúige.

Leoga, ní fada uainn anois cluichí idirnáisiúnta an fhómhair agus má bhí Joe Schmidt, an cóitseálaí náisiúnta, i láthair i measc an tslua i Staid Aviva le súil a chaitheamh ar an gcluiche idir na Laighnigh agus na Muimhnigh ag tús na míosa agus é á réiteach féin dá bhfuil roimhe, seans láidir nach mó ná sásta a bhí sé lena bhfaca sé ar an dá thaobh.

Bímis macánta faoi, ní raibh an caighdeán iontach, go háirithe ó thaobh na Laighneach de. Trí úd a scaoil siad isteach sa chéad daichead nóiméad agus an t-ádh orthu nach raibh siad ach naoi bpointe dhéag taobh thiar ag leath ama.

Nuair a shocraigh na Muimhnigh an chaid a cheilt ar fhir Chúige Laighean sa dara leath, thit an tóin ar fad as cúrsaí.

Ach bhí tráth ann traidhfil de bhlianta ó shin, go háirithe idir 2007 agus 2012, agus ba iad na Laighnigh agus na Muimhnigh an tslat tomhais a chuireadh tráchtairí rugbaí leis na clubanna eile sa Domhan Thuaidh a mheas, bíodh sé sa tSraith Cheilteach, mar a thugtaí air, nó sna comórtais Eorpacha.

Ní hamhlaidh atá anois. Ar éigean go mbeidh na foirne móra club na hEorpa, leithéidí Clermont nó Toulon in Top Quatorze na Fraince mar aon le Naoimh Northampton nó Saracens san Aviva Premiership i Sasana, ar crith ina gcraiceann má tá orthu teacht go Baile Átha Cliath nó go Luimneach.

Tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil cuid den toirt agus den téagar a bhíodh i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan ídithe go pointe.

Tuigtear gur tréimhse athnuachana é na míonna romhainn agus muid ag súil go dtiocfaidh imreoirí eile ardchaighdeáin i gcomharbacht orthu siúd atá tar éis éirí as.

Iarsma ón seansaol é an cluiche idirchúige, áfach, agus is beag tábhacht atá leis i gcomhthéacs na gcluichí a imreofar an deireadh seachtaine beag seo agus an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin arís. Is iad na comórtais Eorpacha an tslat tomhais nua. Feicfear ansin cén mianach atá sna foirne cúige in Éirinn.