‘Tráth na práinne sa Ghaeltacht’ agus an Ghaeilge ‘caite amach’ as an mBuiséad ‘amhail is gur bruscar í’ – Tóibín

'Tá an baol ann gurb í seo an ghlúin dheireanach a mbeidh an Ghaeilge mar theanga phobail acu sa Ghaeltacht' a deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin

‘Tráth na práinne sa Ghaeltacht’ agus an Ghaeilge ‘caite amach’ as an mBuiséad ‘amhail is gur bruscar í’ – Tóibín

Tá curtha i leith an Rialtais ag urlabhaí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Peadar Tóibín, gur léirigh siad “dímheas” ar an teanga nuair a fógraíodh “ciorruithe móra” ar bhuiséad na teanga i mBuiséad 2017 agus gur “caitheadh an Ghaeilge amach” mar a chaithfí amach “bruscar”.

Fógraíodh laghdú 9% ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbuiséad na bliana seo chugainn, ó €51,026 milliún in 2016 go dtí €46,736 milliún do 2017. Ní bhfuair Foras na Gaeilge ardú ar bith i mBuiséad 2017 agus beidh an leithdháileadh caipitil céanna ag Údarás na Gaeltachta i mbliana is a bhí acu anuraidh – €6.687 milliún – nuair a chuirtear san áireamh an milliún breise a tugadh don eagraíocht i meastacháin dheireadh na bliana seo caite.

Dúirt Peadar Tóibín gur léiriú dímheasa a bhí sa mhéid sin agus go bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge “ina smidiríní” anois.

“An chuspóir a bhí [ag an Straitéis] ná go mbeadh 250,000 cainteoir Gaeilge in Éirinn faoin mbliain 2030, 20 bliain ó seoladh an Straitéis in 2010. Tá sé sin ina smidiríní anois agus tá an baol ann gurb í seo an ghlúin dheireanach a mbeidh an Ghaeilge mar theanga phobail acu sa Ghaeltacht.

“Tá nach mór 90% gearrtha de bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta ó bhí 2008 ann. An bhliain seo caite, gearradh arís é agus tá laghdú 9% déanta arís ar mhaoiniú an stáit don Ghaeilge,” a dúirt sé.

Mhaígh Tóibín gur “cuid lárnach” d’fhéiniúlacht na hÉireann í an Ghaeilge agus gur gné thábhachtach “d’éagsúlacht teangacha ar domhan” í.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, cheana féin an tseachtain seo go bhfuil “díomá” air nár éirigh le hachainí an Chonartha agus an 80 eagraíocht a thacaigh lena n-éilimh maidir le maoiniú breise a fháil d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta.

“Níl aon rud a bhféadfá maíomh as i mBuiséad 2017. Níl aon mhéadú ar an gciste caipitil, tá an méid céanna ann d’Údarás na Gaeltachta. Lorgaíomar leathmhilliún, tá ceathrú milliún curtha ar fáil. Níl aon ardú fógartha d’Fhoras na Gaeilge, agus is mór an náire é sin nuair atá cúig mhilliún fógartha don Chomhairle Ealaíon.

“Léiríonn sé seo arís, cén chomh deacair is a bhíonn sé nuair nach mbíonn Aire Sinsearach againn. Tá Seán Kyne tiomanta don rud agus tá a chroí san obair, ach ní raibh sé in ann dul i bhfeidhm ar an Roinn ina bhfuil sé, ná ar an Roinn Caiteachais Phoiblí,” a dúirt de Spáinn.

Fág freagra ar '‘Tráth na práinne sa Ghaeltacht’ agus an Ghaeilge ‘caite amach’ as an mBuiséad ‘amhail is gur bruscar í’ – Tóibín'

  • Gabriel Rosenstock

    Guy Fawkes na Gaeilge atá ag teastáil uainn.

  • pól Ó Braoin

    Tá a fhios ag madaí an bhaile mhóir go bhfuil an dearg-ghráin ag Fine ‘Gael’ ar an nGaeilge agus ar na daoine ‘bearránacha’ conóracha úd in áiteanna mar ghaeltachtaí, srl. a bhíonn i gcónaí ag iarraidh ‘cearta teanga’ agus, Dia ár sábháil, a bhíonn ag iarraidh ‘an teanga oifigiúil’ mhallaithe sin a labhairt leis an gcóras poiblí, go háirid an dream ‘díograiseach’ úd nach bhfuil sásta glacadh leis na bréaga a dtógann sé an oiread sin iarrachta fuinnimh agus a laghad sin maoinithe ón bpáirtí polaitíochta céanna le cuma na fírinne a chur orthu agus nach bhfuil in ann, i ndiaidh an méid sin uilig, a mbéal a choinneáil dúnta!!