Tragóid staire agus tragóid chomhaimseartha

LÉIRMHEAS: Bhí guthanna tábhachtacha aduaidh le cloisteáil ar chláir ar RTÉ agus TG4 a chaith súil ar iarmhairtí na dTrioblóidí

Above the law

Ceann de na clocha is mór ar phaidríní pholaiteoirí an Tuaiscirt ar na saolta seo ná teacht ar chomhaontú maidir le slite gur féidir leis an bpobal  dul i ngleic le tragóidí na staire. Chaith TG4 agus RTÉ luach a leathphingne isteach sa phróiséas an tseachtain seo.

Sa tsraith sé chlár Bhí Mé Ann (TG4, aréir) tugann daoine a bhí ag maireachtaint sa Tuaisceart nuair a bhí na Trioblóidí faoi bharr lasrach a gcuimhní gcinn agus léargais féin.

Sa chéad chlár, closimid ó dhaoine a bhí ag éirí chun coinlíochta sa tréimhse. Ina measc siúd a labhair, bhí iarshaighdiúir Sasnach a bhí ag beartú gunna ar shráideanna Bhéal Feirste nuair nach raibh sé ach seacht mbliana déag d’aois, bean bhí ina cónaí faoi scáth ionad faire an airm sa bhFoirceal agus mórán eile nach iad. Closimid faoi lámhach, faoi bhumaí agus faoi shochaí fhoréigeanach, dheighilte.

Ní raibh na daoine seo lárnach sa chogaíocht. Ní shin a chuir an clár roimhe ach éachtaint a thabhairt ar shaol an ghnáthduine agus iad ag streachailt leis an saol i sochaí a bhí go hiomlán neamhghnách.

Comharthaí sóirt suntasach amháin a bhí le sonrú i measc na rannpháiritithe ar fad ná an tslí gur ghlac siad leis ag an am agus nach n-aithníonn siad an saol sin anois – comhartha ar an athrú atá tagtha ar an tsochaí ó shin agus an tábhacht atá ann go mbeadh cuntais ar na guthanna seo.

Sa chlár suaiteach Above the Law (RTE 1, Dé Luain), tugadh léargas ar ghné eile de shaol an Tuaiscirt i rith na dTrioblóidí, gné nach nochtar chomh minic is ba cheart: buailtí pionóis agus lámhach pionóis. Léirigh íobartaigh an chláir seo mar aon leis na heachtraí go ndein siad cur síos orthu cén fáth go bhfuil sé tábhachtach dul i ngleic le foréigean na staire.

Labhraíonn athair le Gerard Marley (a mharaigh é féin tar éis drochbhualadh) agus deirfiúr Andrew Kearney (a cailleadh tar éis eachtra lámhaigh) go mothúchánach.

Meastar gur deineadh ionsaí pionóis ar tuairim is 6,000 duine agus tugtar léargas anseo ar an tionchar fisiciúil agus aigneolaíoch a bhí ag na hionsaithe ar na híobartaigh agus a muintir. Bhain na seatanna do chneácha agus coilm na n-íobartach siar asam.

Úsáidtear ábhar cartlainne agus cloigne cainte le comhthéacs polaitiúil na linne, ina raibh folús póilíneacha i gceantair Chaitliceacha, a mhíniú. As an gcomhthéacs seo a d’eascair an cleachtas brúidiúil pionóis agus is cúis iontais dúinn anois ag féachaint siar go raibh an pobal chomh fulangach faoi. Bean amháin ag rá nár mhiste léi go gcuirfí clúmh agus tarra ar a hiníon dá mbeadh sé ag déanamh caidrimh leis an namhaid agus agallaimh chartlainne le híospartaigh atá nach mór fuarchúiseach faoin méid atá tarlaithe dóibh.

Chuir rannpháirtithe áirithe in iúl go fiarsceabhach go raibh sciar den phobal a bhí ag éileamh ar na grúpaí paraimíleatacha na pionóis seo a ghearradh, nó nach raibh ina choinne. Níor deineadh an ghné seo a fhiosrú nó a phlé chun mo shástachta.

Ba ag deireadh an chláir a baineadh an gheit is mó asam. Le sé bliana anuas bhí tarrac ar 500 ionsaí pionóis, 200 eachtraí lámhaigh ina measc, agus níl ach duine amháin ciontaithe as na coireanna seo. Seo tragóid staire agus tragóid chomhaimseartha

Fág freagra ar 'Tragóid staire agus tragóid chomhaimseartha'