Tragóid Bherkeley: ‘Lá brónach é do scoláirí na tíre seo inniu, go háirithe muintir agus cairde na scoláirí a cailleadh’

Seisear mac léinn Éireannach ar víosaí J1 caillte i dtragóid in arásáin Library Gardens i mBerkeley, Calafornia i Stáit Aontaithe Mheiricá

CHoBQrlUkAAC7-6

Tá Aontas na Mac Léinn in Éirinn thar a bheith brónach agus cráite faoin scéal gur cailleadh seisear mac léinn Éireannacha – Niccolai Schuster, Eoghan Culligan, Eimear Walsh, Olivia Burke, Ashley Donohoe and Lorcan Miller – go tragóideach i mBerkeley, Calafornia ar maidin.

Dúirt Uachtarán Aontas na Mac Léinn Éireann, Laura Harmon:

“Is lá brónach é do scoláirí na tíre inniu, go háirithe muintir agus cairde na scoláirí bochta a bhí ar an láthair, táimid ag cuimhneamh orthu inniu”.

Baineadh creathadh chomh maith as mic léinn eile atá ar JI sa cheantar.

“Tá sé thar a bheith scanrúil. Bhí mé buartha faoi mo chairde go léir atá i mBerkeley faoi láthair. Is tragóid uafásach é atá thar a bheith brónach,” a dúirt Gráinne Ní Shuilleabháin, mac léinn atá ar J1 faoi láthair agus í ag cur fúith 20 nóiméad ón áit a tharla an tragóid.

Tuigtear gur cóisir bliain is fiche a bhí á cheiliúradh nuair a tharla an tubaiste ar an gceathrú urlár de bhloc arásán Library Gardens i mBerkeley, Calafornia i Meiriceá ag 12.45 ar maidin, de réir an chloig thall.

Cailleadh seisear agus gortaíodh seachtar eile go dona nuair a d’imigh balcóin an arásáin fúthu go moch ar maidin inniu.

Tá sé deimhnithe ag An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála gur Éireannaigh an seachtar atá gortaithe freisin agus go bhfuil siad ar fad tugtha chuig ospidéil sa cheantar le gortuithe a d’fhéadfadh iad a chur i mbaol a mbáis.

Tá póilíní, briogáid dóiteáin agus oifigigh cathrach ag fiosrú an scéil.

Tá líne cabhrach oscailte ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha le haon chúnamh a thabhairt do shaoránaigh Éireannacha a bheadh buailte ag an tragóid seo. Aon duine atá imníoch faoi chairde nó daoine muinteartha sa cheantar féadfaidh siad glaoch ar +353 1 4180200

Fág freagra ar 'Tragóid Bherkeley: ‘Lá brónach é do scoláirí na tíre seo inniu, go háirithe muintir agus cairde na scoláirí a cailleadh’'