‘Traders’ rómhór i dtuilleamaí an fhoréigin agus na háiféise

Tá scannán nó sraith teilifíse machnamhach, tuisceanach le baint as an gcúlú eacnamaíoch. Ní hé seo é

Screen Shot 2016-03-15 at 19.40.35

Traders

Stiúrthóir: Rachael Moriarty agus Peter Murphy

Cliar: Killian Scott, John Bradley, Peter O’Meara, Nika McGuigan, Barry Keogan

Níor thóg sé rófhada orthu siúd atá ag treabhadh iomaire na scannán dul i ngleic leis an tonn tuile eacnamaíoch a tháinig i dtír in 2008. Ba chláracha faisnéise den chéad scoth iad Capitalism: a Love Story (2009) agus Too Big to Fail (2011) a thug léargas ar thoisí difriúla den tubaiste. Thug How We Blew the Boom éachtaint dúinn ar chás na hÉireann. Dhein na saothair dhrámata a gcion féin chomh maith: Company Men (2010), Margin Call (2011), Freefall (2009), The Big Short (2015) agus anseo in Éirinn, The Guarantee (2014).

Cloch eile ar an gcarn sin is ea Traders, cé nach áin leis an réalachas an oiread céanna leis na táirgí thuas. Go deimhin imíonn sé amach ón gcairt ar fad. Baineann an saothar seo macallaí nach beag as Fight Club (1999) ach gan a bheith chomh cumasach céanna leis an saothar mearbhlach, draíochtúil sin.

Is seat fadálach do scáileastát atá againn ag tús an scannáin agus filltear ar sheatanna de thírdhreach ghruama ó thús go deireadh. Cinnte ní bheadh aon suim ag Fáilte Ireland aon mhíreanna físe ón scannán seo a úsáid ina gcuid feachtas.

Cuirtear in iúl dúinn go bhfuil an comhlacht airgeadais ina n-oibríonn Vernon Styles (Bradley) agus Harry Fox (Scott) imithe go tóin poill. Nuair a chuireann bas leo lámh ina bhás féin gintear smaoineamh i scioból samhlaíochta Vernon a chuireann sraith eachtraí foréigneacha sa tsiúl. Cruthaíonn méadú 1% sa ráta dífhostaíochta ardú 0.8% sa ráta féinmharaithe, dar le Vernon. Leis an staitistic sin á ghríosadh cruthaíonn sé suíomh in íochtar an idirlín inar féidir le daoine comhrac go himirt anama a shocrú agus an chreach ar fad ag an té a thugann an svae leis.

Bhí an t-amhábhar anseo do scannán a thabharfadh léargas ar an saol a chaith piardaí na mbanc nuair a bhí an earnáil in airde láin agus an tionchar a bhí ag an gcliseadh orthu agus ar an tsochaí. Ní dhéanann an táirge seo an iomaire sin a threabhadh. Téann sé i muinín an fhoréigin agus na háiféise agus an méid sin mar mheafar, mar dhea, do mheon na linne agus na hearnála.

Tá íomhánna glinne d’fhoréigean nach dtaitneoidh le mórán agus cé go bhfuil paistí grinn anseo agus ansiúd is táirge duairc, gruama atá anseo. Chun a cheart a thabhairt do Scott téann sé go feirc ina charachtar agus éiríonn leis an scannán a iompar cé gur síceapatach aontoiseach é a charachtar faoi dheireadh.

Tugann Bradley (ó Game of Thrones) taispeántas caolchúiseach agus cumhachtach uaidh mar an leathamadán de chomhghuaillí/namhaid.

Ar na saolta seo ní féidir aon saothar drámata a chur i gcrích gan ar a laghad beirt ó Love/Hate a bheith sa mheitheal, (féach Charlie agus Rebellion mar shamplaí), agus is amhlaidh atá anseo le cúigear os ár gcomhair agus duine acu ag léiriú carachtar atá ana-chosúil leis an gceann a bhí idir lámha aige i dtáirge Stuart Carolan. Chuir sé an saothar dá bhuille ábhairín.

Dar liom go bhfuil scannán nó sraith teilifíse machnamhach, tuisceanach le baint as an gcúlú eacnamaíoch. Ní hé seo é.