Tráchtaireacht i nGaeilge ar Chluichí Leathcheannais agus Ceannais na hÉireann ar RTÉ 1

Pat Fleury agus Dara Ó Cinnéide a bheidh i mbun na hanailíse i dteannta an tráchtaire Garry Mac Donncha

Tráchtaireacht i nGaeilge ar Chluichí Leathcheannais agus Ceannais na hÉireann ar RTÉ 1

Tá sonraí curtha amach ag RTÉ 1 maidir leis an tráchtaireacht Ghaeilge a chuirfear ar fáil do chluichí leathcheannais agus ceannais peile agus iomána na hÉireann.

Beidh lucht féachana RTÉ 1 ar Saorview agus ar Sky in ann tráchtaireacht i nGaeilge a roghnú do chluichí móra CLG na bliana seo, idir pheil agus iomáint. 

Is é Pat Fleury, a bhí ina chaptaen ar Uíbh Fhailí nuair a thug siad leo craobh iománaíochta na hÉireann i 1985, a bheidh mar chomhthráctaire le Garry Mac Donncha do na cluichí iomána agus beidh Dara Ó Cinnéide, a bhí ina chaptaen ar fhoireann caide Chiarraí a bhuaigh craobh na bliana 2004, a bheidh le Mac Donncha do na cluichí leathcheannais agus ceannais peile.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge, RTÉ go rabhthas “thar a bheith sásta” leis an nglacadh a bhí leis an tráchtaireacht Ghaeilge a cuireadh ar fáil do na cluichí ceannais anuraidh.

“Is léiriú maith é ar thiomantas RTÉ i leith chraoltóireacht na Gaeilge go bhfuil muid in ann cur leis an tseirbhís sin i mbliana agus tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil do cheithre chluiche breise CLG, gan trácht ar cluichí sacair na hÉireann le linn Chraobh na hEorpa le gairid,” a dúirt Mac Con Iomaire.

Tá na sonraí maidir le conas teacht ar an tráchtaireacht Ghaeilge do mhórchluichí iomána agus peile an tsamhraidh curtha ar fáil inniu chomh maith ag RTÉ:

Saorview:

Roghnaigh Language-Irish-OK

Sky: 

Brúigh Help – Switch Audio Description OFF

Ar an gcianrialtán, brúigh Services – System Setup [nó Options] – Language&Subtitles [nó Accessibility] – Favorite Language (roghnaigh Irish) – Save New Settings.

Téigh ar ais ag Help agus cas Switch Audio Description go dtí ON.

Níl an tseirbhís Ghaeilge ar fáil ar chóras Virgin faoi láthair.

Fág freagra ar 'Tráchtaireacht i nGaeilge ar Chluichí Leathcheannais agus Ceannais na hÉireann ar RTÉ 1'

  • Darragh Ó Caoimh

    Go raibh maith agat as ucht na sonraí a thabhairt. Ní rabhas in ann an tráchtaireacht a chur ag obair an uair dheireanach!

  • Eoin

    An mbeidh sé ar fáil ar GAAGo?