Toscaire ón Roinn Iompair agus Turasóireachta le ceapadh do ghrúpa an N59

Cruinniú ‘díreach’ ag Grúpa Gnímh an N59 leis an Aire Iompair Shane Ross

Toscaire ón Roinn Iompair agus Turasóireachta le ceapadh do ghrúpa an N59

Beidh toscaire ar leith ón Roinn Iompair agus Turasóireachta á cheapadh le teagmháil rialta a choinneáil le Grúpa Gnímh an N59 i gConamara.  Thug an tAire Iompair, Shane Ross, an gealltanas seo ag cruinniú a bhí aige le toscaireacht as an ngrúpa gnímh i dTeach Laighean tráthnóna inné.  Bhí feidhmeannaigh shinsearacha as Transport Infrastructure Ireland  – eagraíocht cheannais na mbóithre sa tír – agus ionadaithe sinsearacha as Comhairle Chontae na Gaillimhe ag an gcruinniú freisin.  Ba é an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh a shocraigh an cruinniú seo.

De réir na tuairisce a thug an toscaireacht tar éis an chruinnithe, gheall an tAire Ross go mbeadh sé ag iarraidh go gcuirfí iarratas isteach in athuair ar chead pleanála don stráice den N59 idir an Teach Dóite agus an Clochán. Diúltaíodh cead pleanála le haghaidh an stráice seo sa mBealtaine seo caite.

De réir na dtuairiscí, d’fhiafraigh an tAire Ross den stiúrthóir atá ag Transport Infrastructure Ireland san iarthar an raibh dáta socraithe acu fós leis an dara hiarratas ar chead pleanála a chur isteach.  Níl sin déanta ach tá an tAire ag iarraidh anois go dtabharfadh Transport Infrastructure Ireland an dáta a gcuirfear an t-iarratas pleanála isteach.

Gheall an tAire Iompair agus Turasóireachta go dtiocfadh sé féin anuas go Conamara le súil a chaitheamh ar an N59 go gairid.

Ceapann an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh go dtarlóidh dul chun cinn níos túisce anois ar fhorbairt an bhóthair, an N59, i gConamara, de bharr an chruinnithe a bhí ar bun sa Dáil tráthnóna inné idir an toscaireacht as Conamara agus an tAire Iompair agus Turasóireachta.

Dúirt an Seanadóir Ó Céidigh gur chuir an tAire Ross fíorshuim i gceist an N59 agus go bhfuil fonn air féachaint le leigheas a fháil ar an scéal. Thug sé isteach feidhmeannaigh shinsearacha i gcóras na mbóithre agus ba léir go ndearna sé staidéar ar an gceist, a dúirt an Seanadóir.

Beifear ag leanúint ar aghaidh le tuilleadh teagmhála, a deir an Seanadóir agus beidh sé féin ag tarraingt an ábhair anuas arís ag cruinniú den Choiste Oireachtais Um Thurasóireacht, Iompair agus Spóirt as seo go ceann cúpla seachtain, a dúirt sé.

Dúirt Josie Conneely, duine de bhunaitheoirí Ghrúpa Gnímh an N59 gur labhair an tAire “go hoscailte” agus “go díreach” leo.  “Ní raibh an t-eolas uilig aige faoi chás an N59 roimhe seo ach chuir sé go leor ceisteanna agus chuaigh sé domhain go maith sa scéal.  Tá go leor le déanamh againn ach is cabhair agus dul chun cinn é an cruinniú seo inniu,” a dúirt Josie Conneely.

Dúirt sé go dteastaíonn brú láidir i gcónaí.  “Caithfidh Comhairleoirí Contae Chonamara cur leis an iarracht seo i bhfad níos láidre,” a dúirt Conneely.   

Dúirt sé gur údar mór díomá é nach bhfuil Transport Infrastructure Ireland ag tabhairt aon ghealltanas anois go gcuirfear gaineamh agus brat tarra i mbliana ar an stráice uilig den bhóthar as Uachtar Ard siar chomh fada le baile fearainn Bhun an Choill i dtreo an Tí Dhóite. 

“Rinneadh plé air seo ag an gcruinniú agus níl muid sásta le freagraí Transport Infrastructure Ireland.  Is cosúil anois nach ndéanfar ach cuid den obair shealadach seo i mbliana,” a dúirt Conneely le Tuairisc.ie.

Dúirt Pádraig Ó Céidigh go gcaithfear tús a chur leis an obair go gairid agus tá sé féin ag iarraidh go gcuirfí caoi ar an bpíosa uilig den bhóthar as Uachtar Ard go Bun an Choill i mbliana.