TORTHAÍ GHRADAIM GHLÓR NA nGAEL: Na buaiteoirí ar fad ag Gradaim Ghlór na nGael

Bronntar duaiseanna Ghlór na nGael ar choistí pobail, ar chlubanna de chuid Chumann Lúthchleas Gael, agus ar chumainn Ghaelacha na n-institiúidí tríú leibhéal as an obair a dhéantar leis an nGaeilge a chur chun cinn

TORTHAÍ GHRADAIM GHLÓR NA nGAEL: Na buaiteoirí ar fad ag Gradaim Ghlór na nGael

Ba ar Chumann Forbartha Chois Fharraige, i nGaeltacht na Gaillimhe, a bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn príomhdhuais Chomórtas Ghlór na nGael i Maigh Nuad ag an deireadh seachtaine. Ar an gCumann Forbartha a bronnadh an seic €20,000 a théann leis an bpríomhdhuais.

Bronntar duaiseanna Ghlór na nGael ar choistí phobail, ar chlubanna de chuid Chumann Lúthchleas Gael, agus ar chumainn Ghaelacha na n-institiúidí tríú leibhéal as an obair a dhéanann siad leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Ba iad CLG Na Piarsaigh, i Ros Muc, a thug leo an duais náisiúnta sa rannóg CLG agus bhuaigh an Cumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide an duais don chumann tríú leibhéal is fearr.

D’éirigh le Cumann Forbartha Chois Fharraige an chéad duais i rannóg na Gaeltachta a thabhairt leis freisin, chomh maith le duais speisialta as an léitheoireacht a chur chun cinn i measc an aosa óig, duais a ndearna an comhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnacht urraíocht uirthi. Fágann na trí dhuais sin go bhfuil €25,000 ar fad buaite ag Cumann Forbartha Chois Fharraige i mbliana.

Duaischiste €80,000 ar fad a bhí ar fáil do Gradaim Ghlór na nGael i mbliana agus duaiseanna ann do choistí a bhfuil pobail bheaga faoina gcúram (níos lú ná 4,000 duine) chomh maith le coistí a bhfuil pobal mór faoina gcúram (os cionn 20,000 duine). Bhuaigh Coiste Forbartha Charn Tóchair, Glór na Móna, agus Glór Cheatharlach duaiseanna na gcoistí pobail agus thug leo seic €4,000.

Bronnadh gradam speisialta, Gradam Ghlór na nGael, ar an gcraoltóir agus an tráchtaire spóirt Séamus Mac Géidigh, ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhásaigh go tobann an samhradh seo caite agus ghlac a bhean agus a chlann leis.

Thug Gael Linn, COGG, Comhairlí Contae na Gaillimhe agus Dhún na nGall, Comhairle na Gaelscolaíochta, Ógras, Conradh na Gaeilge, agus an Foras Pátrúnachta, urraíocht do dhuaiseanna i rannóga eile freisin.