TORTHAÍ GAEILGE NA hARDTEISTE: 24% a fuair na grádanna is airde agus níor theip ach ar 66 duine

A mhalairt ar fad de scéal a bhí ann ag an ngnáthleibhéal, áit nár éirigh ach le 67 duine grád H1 (AI) a bhaint amach, agus ar theip ar 473 duine

TORTHAÍ GAEILGE NA hARDTEISTE: 24% a fuair na grádanna is airde agus níor theip ach ar 66 duine

Údar ceiliúrtha! Scoláirí as Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua i gConamara lena dtorthaí ardteiste ar maidin. In éineacht lena múinteoir Sinéad Nic Stiofáin tá, Cian Breathnach (510 pointe), Sruthán, atá ag cuimhneamh ar dhul leis an innealtóireacht; Laila Ní Fhlatharta (578 pointe), Cuileán, a bheidh ag déanamh Tráchtáil Idirnáisiúnta le Fraincis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; agus Úna Mac Donnchadha (567 pointe), An Gleann Mór, a bheidh ag tabhairt faoi Na Dána agus an Eolaíocht Shóisialta in Ollscoil Utrecht, an Ísiltír. Pic: Seán Ó Mainnín

Fuair 23.6% de na daltaí a thug faoin nGaeilge ag an ardleibhéal in Ardteist 2017 an dá ghrád is airde faoin gcóras nua marcála, H1 agus H2 (A1, A2, agus B1 faoin seanchóras).

58,543 a rinne Ardteist na bliana seo agus 47,833 a rinne scrúdú Gaeilge, rud a fhágann nach ndearna 18.7%, nó 11,010 duine, aon scrúdú Gaeilge i mbliana.

Níor theip ach ar 66  den 22,122 dalta, 0.3%, a rinne an scrúdú Gaeilge ardleibhéil, an ráta teipe is ísle ar fad i measc mhórábhair na hArdteiste agus laghdú 50% ar ráta teipe na bliana seo caite.

Bhí an ráta teipe níos ísle sa Ghaeilge don ardleibhéal ná mar a bhí in aon ábhar eile seachas an Ceol, an tseanGhréigis agus scata teangacha Eorpacha nach mbíonn ach dornán beag daoine ag gabháil dóibh san Ardteist — an Ollainnis, an Rúisis, an tSeicis, an Ungáiris agus an Bhulgáiris.

Fágann na torthaí sin go bhfuil níos mó daoine ag baint grádanna maithe amach sa Ghaeilge ná mar atá i bhformhór mhórábhair eile na hardteiste.

Conal Ó Caoimh, Sidheán, An Spidéal, a ghnóthaigh na pointí is airde (601) i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal. Tá súil ag Conal Leigheas a dhéanamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Sa Bhéarla, mar shampla, níor éirigh ach le 6.1% d’iarrthóirí na bliana seo grád H1 nó H2 a fháil. Mar sin féin, fuair céatadán níos lú daoine grád H1 agus H2 sa Ghaeilge don ardleibhéal ná mar a fuair a gcomhionann (A1, A2 agus B1) an bhliain seo caite — 25%.

Fuair céatadán níos lú daoine H3 agus H4 (B2, B3, C1 agus C2) i mbliana freisin. Fuair 26.2% grád B2 nó B3 anuraidh agus fuair 24.1% a macasamhail de thoradh i mbliana. 24.2% de na daltaí a rinne an scrúdú ardleibhéil a fuair C1 nó C2 anuraidh, agus 23.5% a fuair H4 i mbliana.

A mhalairt ar fad de scéal a bhí ann ag an ngnáthleibhéal. Níor éirigh ach le 67 duine, 0.3%, ag an leibhéal sin grád H1 a bhaint amach, agus theip ar 473 duine sa scrúdú, nó 2.1%.

Tháinig laghdú chomh maith ar líon na ndaoine a fuair H1 agus H2 (A1, A2 agus B1) ag an ngnáthleibhéal ón mbliain seo caite. 8% d’iarrthóirí na bliana seo caite a bhain na grádanna sin amach ag an ardleibhéal i gcomparáid le 6.1% i mbliana. Bhí laghdú suntasach chomh maith ar líon na ndaoine a fuair H3 (B2 agus B3) sa ghnáthleibhéal i mbliana. 18.3% a bhain an grád sin amach i mbliana i gcomparáid le 23.1% anuraidh.

B’amhlaidh an scéal i gcás na ndaoine a bhain H4 (C1 agus C2) amach ag an ngnáthleibhéal. D’éirigh le 29.2% na grádanna sin a bhaint amach in 2016 ach níor éirigh ach le 26.5% a gcomhionann a fháil i mbliana.

Tháinig méadú ar 10.1% ar líon na ndaoine a rinne an scrúdú Gaeilge ag an ardleibhéal i mbliana. Thug 20,097 dalta faoi in 2016 agus 22,122 a rinne amhlaidh in 2017.

Fág freagra ar 'TORTHAÍ GAEILGE NA hARDTEISTE: 24% a fuair na grádanna is airde agus níor theip ach ar 66 duine'

  • Mánus

    Dumáil dum dum. Tá an Curaclam Ghaeilge dírithe go hiomlán ar foghlaimeoirí T2. Curaclam páistiúil amach is amach do scoláirí go bhfuil Gaeilge á labhairt acu sa bhaile nó atá ag freastal ar Ghaelcholáiste. Tóg curaclam Bhéarla an GCSE (Teastas Sóiseareach! ) i Sasana dírithe ar aoisghrúpa 13-16. Dráma le Shakespeare, dráma nuaimseartha, úrscéal nó dhó agus go leor filíocht. Ardteist Gaeilge dírithe ar aoosghrúpa 17-19 tá 100 leathnach as úrscéil agus beagán filíocht ghearr shimplí! Q.e.d.

  • Ursa Minor

    A dhiabhail, a Mhánuis, níor mhór duit a ghoil siar agus an scéal a chur ina cheart – agus seasamh faoi bhealach go bhfoghlaimí tú féin beagán Gaeilge. Mol an óige agus tiocfaidh sí, buail sa tóin í agus titfidh sí. Tús caite (agus cainte) don saoi gan locht.

  • Siobhan

    Agus ag dul in olcas a rachaidh sé, mura nathrítear an chúrsa go lua, ós rud é go mbeidh i bhfad níos mó taithí ag daltaí T1 – daltaí scoileanna lán-Ghaeilge – ar a leithéad de rud leis an gcúrsa nua seo don Teastas Shóisearach a thosnóidh i gceann cúpla seachtain. Beidh daltaí T1 ag déanamh i bhfad níos mó litríocht ná daltaí T2 atá ag freastal ar scoil lán-Bhéarla, agus beidh buntáiste níos mó ná ríomh acu ar an daltaí nách freastalaíonn ar Ghaelcholáiste