Top Oil buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh

Fógraíodh aréir in Óstán an Westwood i nGaillimh gurb iad Top Oil, Bóthar Thuama, príomhbhuaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.

Top Oil na Gaillimhe (buaiteoirí iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh) i dteannta Conor O’ Dowd, Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe,  Iggy Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, agus  An Teachta Dála Seán Kyne.  Chun Tosaigh: Proinséas Ó hÓgartaigh, Cairde Ghaillimh le Gaeilge, Áine Ní Thuathail agus Tony Ó Laoi, Top Oil, Bóthar Thuama, Gaillimh, Joe McHugh T.D., Iar-Aire Stáit na Gaeltachta agus Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir  Frank Fahy i láthair ag Bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2016 in Óstán an Westwood, An Daingean, Gaillimh
Foireann Top Oil na Gaillimhe buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i dteannta Conor O’Dowd, Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Iggy Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, agus An Teachta Dála Seán Kyne. Chun Tosaigh: Proinséas Ó hÓgartaigh, Cairde Ghaillimh le Gaeilge, Áine Ní Thuathail agus Tony Ó Laoi, Top Oil, Joe McHugh T.D. agus Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Frank Fahy ag an mBronnadh

Bhronn an t-iarAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh an gradam, dealbh a léiríonn an 14 treibh a luaitear le Gaillimh leis an ealaíontóir Pádraic Reaney, ar fhoireann an chomhlachta ag searmanas san óstán aréir. Léirítear ar an ngradam freisin treibh eile, ‘treibh nua na linne seo’ atá ina siombail do bhuaiteoir an Ghradaim.

Bhí breis agus 100 duine i láthair ag an ócáid bhronnta, ag a ndearnadh ceiliúradh ar úsáid na Gaeilge i ngnólachtaí na cathrach agus ar an stádas nua dátheangach a bronnadh ar an gcathair níos túisce i mbliana.

Tá lógó nua dátheangach, teachtaireacht fáilte i nGaeilge ar an bhfón agus seirbhísí Gaeilge ar fáil do chustaiméirí sa stáisiún Top Oil. Tá fógraí dátheangacha ar crochadh taobh istigh agus taobh amuigh den stáisiún seirbhíse agus na hoifigí riaracháin atá ar an láthair chéanna. Tá brandáil Ghaeilge ar leoraithe seachadta agus ar fheithiclí díolacháin an chomhlachta agus tá brandáil ar leith ar chultacha na mball foirne a bhfuil Gaeilge acu.

Ba iad seo a leanas na buaiteoirí sna rannóga eile:

Bronnadh pacáiste gnó ar fiú €2,000 é ar na buaiteoirí uilig.

Ba é Péarla na Mara a bhuaigh Bronnadh Speisialta na Moltóirí, duais aitheantais a thugtar do ghnólacht atá tar éis cur isteach ar an gcomórtas den chéad uair agus a bhain caighdeán an-ard amach.

Gallimh le Gaeilge

Bronnadh, den chéad uair, scoláireacht ollscoile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ar ghnó atá ag déanamh iarracht faoi leith chun seirbhís i nGaeilge a fhorbairt dá gcuid custaiméirí. Bronnadh an scoláireacht seo ar Michaela McDermott ó Shiopa Leabhar Charlie Byrne. Freastalóidh McDermott ar chúrsa sealbhaithe teanga, an Dioplóma sa Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Top Oil buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh'