Tomás Ó Criomhthain, Brian Ó Ceallaigh agus Roger Casement…

Cérbh é Brian Ó Ceallaigh agus cén t-ualach a bhí á iompar aige nuair a tháinig sé chun an Bhlascaoid Mhóir? Is le gairid féin atá sonraí scéal a bheatha ag teacht chun solais…

Tomás Ó Criomhthain, Brian Ó Ceallaigh agus Roger Casement…

‘Tomás an Éithigh’ an leasainm a ghlaotaí ar Thomás Ó Muircheartaigh, fear a bhí bainteach le bunú na scoileanna Protastúnacha i gCorca Dhuibhne sa naoú haois déag. Ministir Protastúnach ab ea é a bhí tráth ina Chaitliceach agus a thuig a thábhachtaí a bhí sé muintir na háite a mhúineadh ina dteanga féin chun go meallfaí iad lena gcreideamh a athrú.

Táthar ann a deir gurb iad na scoileanna Protastúnacha sin a d’fhág go raibh léamh agus scríobh na Gaeilge ag Tomás eile, Tomás Ó Criomhthain. Faoin am a raibh na scoileanna ag dul i léig, bhí múinteoir Gaeilge darbh ainm Tadhg Ó Ceallaigh ar an oileán agus deirtear gurbh eisean a mhúin Tomás.

Más Ceallach a mhúin é, níorbh fhada ina dhiaidh go mbeadh Ceallach eile á mhúineadh aigesean é féin. Tháinig Brian Ó Ceallaigh – nó Brian Albert Kelly, fear cúthaileach, aonaránach ó Chill Airne – ag triall ar Thomás in Aibreán na bliana 1917 chun faobhar a chur ar a chuid ‘Gaoluinne’, idir labhairt agus scríobh. D’fhan an Ceallach ann go Nollaig agus tar éis dó féin agus do Thomás Séadna a léamh le chéile, tuigeadh dó go raibh mianach chun cruthaitheachta sa Chriomhthaineach agus thosnaigh sé á ghriogadh chun pinn.

Léigh sé sleachta as saothair le Pierre Loti agus Maxim Gorki chun a thaispeáint do Thomás go raibh an  t-ábhar aige – an saol ina thimpeall agus a shaol féin.

Ba é a dúirt Tomás féin i dtaobh Bhrian Uí Cheallaigh gur ghríosaigh sé é chun ‘cúpla leabhar a scríobh, an fhaid a bheinn beo, chun go mbeinn beo agus mé marbh’. Bhí dealramh leis an gcaint sin, ar ndóigh, óir maireann Tomás agus a chomharsain beo beathaíoch ina gcuid focal go dtí an lá inniu féin. Is in Allagar na hInise is túisce a chastar na daoine seo orainn, i Nollaig na bliana 1918. Mar seo a leanas atá ceann de na chéad bhlúiríní ann:

‘Cloiseann Máire na nAmhrán, Bean Bhofair, go bhfuil deireadh leis an gcogadh. Í ina seasamh sa doras. ‘Cabhair Dé is Mhuire chughainn, beidh deireadh leis an bpreasáil anois,’ ar sise. ‘Mo mhallacht orthu nár lean tamall eile air,’ arsa Siobhán Bhán, Bean Bheil, sa doras ba ghiorra di. ‘Léan ort, a bhean mhallaithe,’ arsa Máire, ‘is beag leat ag rá do chainte’.’

Ba é an cogadh céanna – an Chéad Chogadh Domhanda – a thug Brian Ó Ceallaigh chun an Bhlascaoid an chéad lá riamh, más fíor scéal. Bhí Ó Ceallaigh sa Ghearmáin nuair a bhris an cogadh amach agus cuireadh i gcampa géibhinn é in Marburg. Tugadh le fios do Ruairí Mac Easmainn – Roger Casement – go raibh fear leochaileach, ‘íogair’ curtha i bpríosún ann agus bheartaigh Casement cuairt a thabhairt air sa champa d’fhonn sólás agus ardú meanman a thabhairt dó.

Bhí cúis eile fós leis an gcuairt, áfach. Le linn dó a bheith ann, rinne Casement iarracht a chur ina luí ar Ó Ceallaigh agus ar Éireannaigh eile sa champa tacú leis an nGearmáin sa chogadh in aghaidh Shasana. Dhiúltaigh Ó Ceallaigh agus na príosúnaigh eile rud a dhéanamh air. Má dhiúltaigh, bhí cara sa chúirt ag Ó Ceallaigh, mar d’fhéach Casement le dul i gcion ar na húdaráis chun go scaoilfidís saor fear Chill Airne, rud a rinne siad. 

D’fhéadfadh sé gur thuig na Sasanaigh chomh leochaileach agus chomh goilliúnach is a bhí Ó Ceallaigh, agus gur chuir siad brú air géilleadh dóibh. Pé ní ba chúis leis, thug Ó Ceallaigh tuairisc do Matthew Nathan, Fo-Rúnaí na hÉireann ag an am, ar an méid a dúirt Casement leis féin agus leis na príosúnaigh eile istigh sa champa géibhinn. Cuireadh an tuairisc sin faoi bhráid Rialtas Shasana go luath i 1915.

Ó bhéal a roinn an Ceallach a chuid eolais le Nathan, de réir mar a thuigim, agus an tríú duine á thrascríobh, focal ar fhocal. Is ceart a rá gur roinn Ó Ceallaigh a chuid leis na húdaráis tar éis dóibhsean a rá leis nach n-úsáidfí é mar fhianaise in aghaidh Casement. Mar is eol dúinn anois, gabhadh Casement an bhliain dár gcionn agus cuireadh chun báis é.

Maidir leis an am a chaith Ó Ceallaigh ar an mBlascaod, is é a deirtear agus a thuigtear coitianta ná gur tugadh geallúint dó go bhfaigheadh sé post mar chigire scoile dá n-éireodh leis líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach. Léiríonn taighde atá déanta ag Muiris Mac Conghail, áfach, go bhféadfadh go bhfuair Ó Ceallaigh an post mar gheall ar an tuairisc a sholáthraigh sé do na húdaráis. Tarraingíonn Mac Conghail ar abairt atá le fáil i leabhar beathaisnéise an státseirbhísigh shinsearaigh, Leon Ó Broin:

‘The report [an tuairisc a sholáthraigh Ó Ceallaigh] described what Kelly had learned of Casement’s efforts to change the allegiance of Irish prisoners of war and the award of a Junior Inspectorate of National Schools was made to him in reward for his services’ (Irene Luchitti, The Islandman: The Hidden Life of Tomás O’Crohan).

Ní foláir gur luigh na heachtraí seo go trom ar intinn Uí Cheallaigh, go mórmhór agus fios aige go raibh a thuairisc fós ar coimeád i gCaisleán Bhaile Átha Cliath tar éis an Éirí Amach, tráth a raibh malairt tuairime ag teacht ar an bpobal i leith an neamhspleáchais agus claonadh chun foréigin ag teacht chun barra sa tsochaí.

Ba é seo an t-ualach a bhí á iompar aige, más ea, nuair a tháinig sé go dtí Tomás Ó Criomhthain in Aibreán na bliana 1917. B’fhurasta a thuiscint, i bhfianaise an méid sin, cén fáth nach raibh sé istigh leis féin. In olcas a chuaigh an scéal aige le haimsir, sa tslí is nach raibh sé ‘go maith ina shláinte ná sásta ina aigne’ (Pádraig Ó Fiannachta) faoin am a raibh bloghanna den Oileánach á seoladh ag Tomás chuige i mBaile Átha Cliath sna fichidí déanacha.

Thug sé aghaidh ar an Mór-Roinn am éigin ina dhiaidh sin agus sa deireadh, bhuail póilió é agus cailleadh é i mí na Nollag, 1936. I gcathair Split, a bhí an t-am sin san Iúgslaiv ach atá anois sa Chróit, a cuireadh é.

Ón uair a bádh Dónall Ó Criomhthain amach ón dTráigh Bhán, bhí Brian Ó Ceallaigh mar a bheadh mac ag Tomás Ó Criomhthain, agus d’éirigh an bheirt acu an-mhór lena chéile. Más fear uaigneach, aonaránach a bhí ann a raibh rud éigin ag dó na geirbe aige, deirtí, leis, go raibh bua chun cairdis aige. Bhraitheadh Tomás go mór uaidh é ar uairibh agus chumadh sé amhráin in ómós dó.

Agus an geimhreadh agus Oireachtas Chill Airne ag druidim linn, is tráthúil an ceann seo thíos:

Tá an oíche ag dul i bhfaid’s i ngearra laetha,

Ar bhánta an Bhlascaoid Mhóir,

Is dá bhficfinn Brian sa mbliain seo féinig,

Ar bhánta an Bhlascaoid Mhóir;

Is fíor’s follas gur corraithe an saol é,

Gach lá chuin aitis ó scaramair le chéile,

Ach beimíd fós i dtreo lá éigin,

Ar bhánta an Bhlascaoid Mhóir.

Fág freagra ar 'Tomás Ó Criomhthain, Brian Ó Ceallaigh agus Roger Casement…'

  • Sean

    Tuairisc an-suimiuil go deo. Ta siad ann adeir go raibh caidreamh gneasach idir O Criomhthain agus an Ceallach, go raibh siad i ngra le cheile. Cen dochar ma bhi? Is ar litreacha an Chr. chuig an gCeallach a bhunaitear an eachtaint sin. No ceard e go baileach a ‘bhi ag do na geirbe’ aige? Nach ag iarraidh ealu on gconairt a chuaigh an Ceallach ar a choimead san oilean? Agus thug se an loch amach air fein ina dhia’ sin ‘dti tir aineoil. An fear bocht craite nar eirigh leis e fein na an ‘feillebheart’ a rinne se, ma rinne, a mhaitheamh do fein? Cuireadh san uir ansin e i Split i bhfad o ghaolta is o chairde mar a raibh se ina chaonai aonair. Ba cheart duit tuilleadh taighde a dheanamh faoi, ta abhar ursceil ann. Ach coinnigh guaim ort fein, ar aithnigh Casement gur homaighneasach a bhi aige? Agus ceard faoin gCriomthanach? An rud is annamh is iontach.