Táim ag scríobh, i gcead duit fan amach uaim!

Nach bhfreagraíonn an scríbhneoir i do shaol an fón nuair a chuireann tú glaoch air? Seans mór go bhfuil sé i dtollán na scríbhneoireachta

Táim ag scríobh, i gcead duit fan amach uaim!

Cúpla bliain ó shin, tháinig cara liom ón Ísiltír, ar síceolaí agus scríbhneoir é, aníos le téarma a dhéanann cur síos an-bheacht ar fhadhb shíceolaíoch a bhíonn ag cur as do scríbhneoirí go minic: tollán na scríbhneoireachta.

Is éard atá i gceist, go bunúsach, ná neamhshuim iomlán an scríbhneora i rud ar bith nach mbaineann leis an leabhar atá idir lámha aige.

Is féidir le cairde an scríbhneora glaoch a chur air nuair a bhíonn sé sa tollán seo, ach drochsheans go bhfreagrófar an fón. Má fhreagraítear, diúltófar d’aon chuireadh dul amach i gcomhair pionta, cupán caife nó eile.

Is féidir leis an spéir titim anuas ar an saol, ach ar éigean a gcuirfidh scríbhneoir a bheadh i dtollán na scríbhneoireachta spéis i pé Ord Nua Domhanda a bheadh á chur i réim.

Tá seanaithne ag mo chara Ísiltíreach agus agam féin ar a chéile. Aithnímid na comharthaí sóirt nuair a bhíonn an duine eile i dtollán na scríbhneoireachta. Níos túisce i mbliana, nuair nár fhreagair sé ríomhphost ar bith, chuir mé teachtaireacht chuige ar a ghuthán póca.

‘An bhfuil leabhar nua á scríobh agat nó rud éigin?’

‘Tá’ an freagra gonta a tháinig ar ais, agus an chuma ar an bhfocal beag sin go raibh neart tola ollmhór ag teastáil chun an méid sin féin a chló isteach.

Níor chuala mé aon rud uaidh ó shin.

Ná ní chloisfidh sé aon rud uaimse go ceann tamaill.

Tá mé féin i dtollán na scríbhneoireachta faoi láthair. Tá leabhar nua le tabhairt ar láimh agam don fhoilsitheoir ag deireadh na míosa seo, agus le cúpla seachtain anuas, tá sé deacair orm comhrá a choinneáil ar bun le duine ar bith: tá sé mar a bheadh balla idir mé agus gach duine eile – balla an tolláin.

Cuireann na daoine is tábhachtaí i mo shaol i mo leith go bhfuilim seachantach agus míchairdiúil. Déanaim iarracht an coincheap a mhíniú dóibh, ach ar mhí-ámharaí an tsaoil is cosúil go gceapann daoine nach raibh istigh ann riamh nach bhfuil i dtollán na scríbhneoireachta ach leithscéal fánach ar iompar frithshóisialta.

D’ainneoin a gceapann mo chairde, ní maith liom a bheith scoite amach uathu, ná ón ngnáthshaol. Áit uaigneach é an tollán. Ach tuigim an próiseas. Níl ann ach go dteastaíonn ón leabhar atá ar tí teacht ar an saol a chinntiú nach gcuireann an scríbhneoir a chuid fuinnimh amú ar aon rud eile.

Buíochas leis na Béithe, bíonn solas ag deireadh an tolláin: an spriocdháta.