Toit is tormán, sin uile…

LÉIRMHEAS: Scannán maith aicsin is ea Fury ach gioblach go maith atá an scéal is na carachtair ann

Fury


FURY

Stiúrthóir: David Ayer

Cliar: Brad Pitt, Shia LaBeouf, Logan Lerman, Michael Peña, Joe Bernthal.


 

Ba chlochmhíle scannánaíochta é Saving Private Ryan (1998), na radharcanna tosaigh ar thránna Normandy (a deineadh a thaifeadadh i Loch Garman) ach go háirithe.

Chuir brúidiúlacht, foréigean agus réalachas na radharcanna sin uafás agus iontas ar an lucht féachana agus bhí scéalta coitianta ag an am go raibh an-tionchar ag an scannán ar iarshaighdiúirí cogaidh.

Ainmníodh le haghaidh 11 duais Oscar é agus thug sé leis cúig cinn acu, ina measc ceann do Steven Spielberg don stiúrthóir is fearr.

Pé acu gur áin linn é nó nach áin, tá Saving Private Ryan mar shlat tomhais do gach scannán cogaidh ó shin agus dualgas ar lucht a ndéanta an réalachas céanna a léiriú.

Is amhlaidh atá le Fury.

Ina theannta sin. tá comparáidí láidre le rianú idir an scannán seo agus Lebanon (2009), scannán Iosraelach frithchogaidh ina ndírítear ar shaighdiúirí atá sáinnithe ina dtanc le linn chogadh na Liobáine i 1982.

Sin é an iomaire ina bhfuil sé mar sin, sáinnithe áit éigin idir réalachas/foréigean Ryan agus téagar/léargas an táirge Iosraelaigh.

Caithfear cuimhneamh chomh maith gurb é seo Hollywood agus tá an cathú/brú ann i gcónaí an táirge mórthaibhseach a sholáthar, go mórmhór agus piardaí móra mar Pitt agus LaBeouf páirteach ann.

Ag tús an scannáin feicimid Don ‘Wardaddy’ Collier (Pitt) agus criú a thainc ag filleadh ó láthair na cogaíochta.

Tá duine den chriú tar éis bháis agus déantar iarracht a thionchar seo, agus tionchar na cogaíochta go gineárlta ar an gcriú a chur abhaile orainn go leanúnach.

Téitear i muinín an chleas seanchaite sin – an saighdiúir úr ag iarraidh guailleáil isteach i meitheal sheanbhunaithe- le léargas a thabhairt dúinn ar an méid a bhfuilid gafa tríd. Tá blas an fhrithchogaidh á fháil againn.

Nuair a deirtear leis an gcriú go gcaithfidh siad crosbhóthar a chosaint ar ais nó ar éigean (dála an droichid in Ryan) tá a fhios againn go bhfuiltear ár seoladh ar bhóthar an aicsin.

Lena cheart a thabhairt don scannán ní raibh barr cleite isteach ná bun cleite amach sna radharcanna aicsin céanna agus ba bhuaicphointe é an comhrac leis an Panzer.

Cé nach gcúbaim ón bhfoiréigean crólinnteach chuaigh seo thar fóir ar uairibh (an tanc ag dul anuas ar choirp, baill choirp á mbaint de shaighdiúirí srl) agus taibhsíodh go raibh sé ann ar mhaithe le bheith ann.

Fágtar aon léargas ar charachtair in áit na leathphingne sa 40 nóiméad deireanach nó mar sin.

Roimhe sin déantar iarracht fhónta dinimic na meithle a chíoradh agus tugtar léiriú cumasach ar chlástrafóibe an tainc.

Ar uairibh bhí an buaileam sciath míleata le sonrú agus bhí radharcanna eile ann (an ceann ina raibh carachtar Pitt ag cur brú ar an saighdiúir óg Gearmánach a dhúnmharú) nach luíonn leis an mbéaloideas faoi The Greatest Generation.

Bhí an radharc leis an mbeirt bhan an-ait agus ní rabhas compordach leis an tslí go raibh sé ar tí beagán a dhéanamh don éigniú.

Dhein an cliar a gcúraimí go paiteanta, Pitt agus LeBeof, ach go háirithe.

I ndeireadh na dála, áfach, is scannán maith aicsin atá anseo, agus faoi mar is dual do scannáin san iomaire fágtar an scéal agus na carachtair in áit na leathphingne.

Fág freagra ar 'Toit is tormán, sin uile…'