‘Toisc nár éirigh leo mise a mharú, deir siad go maróidh siad m’iníon i m’áit’

Labhair Tuairisc.ie le Huber Ballesteros, ceardchumannaí as an Cholóim a chaith trí bliana go leith sa phríosún, faoina bhfuil i ndán dá thír

‘Toisc nár éirigh leo mise a mharú, deir siad go maróidh siad m’iníon i m’áit’

Tá géarchéim leanúnach sa phróiseas polaitíochta ó thuaidh le scor an Fheidhmeannais ach ní tada iad i gcomparáid leis an streachailt atá ag dul ar aghaidh sa Cholóim, ainneoin comhshocrú síochána a bheith sínithe i mbliana ag gach dream a bhí páirteach sa choimhlint sa tír sin le corradh agus 50 bliain.

Tá ceardchumannaithe agus gníomhaithe cearta daonna agus daoine eile á marú go rialta, níl freasúra ceart sa pharlaimint agus mothaíonn saoránaigh go bhfuil siad taobh amuigh den chóras polaitiúil agus gan guth acu.

Bhí Huber Ballesteros, ceardchumannaí as an Cholóim, i mBéal Feirste an tseachtain seo agus é ag cur síos ar na constaicí atá le sárú go fóill ina thír dhúchais.

Tá Huber i ndiaidh teacht amach as príosún sa Cholóim, áit ar chaith sé trí bliana go leith agus ballraíocht FARC curtha ina leith. Tógadh é agus é ag reáchtáil stailce d’oibrithe talmhaíochta.

Dúirt sé gur mheas sé go dtuigfeadh muintir na Sé Chontae a bhfuil ag titim amach sa Cholóim cionn is go raibh taithí againn araon ar na fadhbanna céanna.

“Is ceardchumannaí mé in earnáil na talmhaíochta, Tá mé ar choiste CUT (macasamhail ICTU in Éirinn), is ball mé de La Marcha Patriotico, scátheagras a bhfuil corradh le 2,000 eagraíocht páirteach ann, an grúpa is ionadaíche sa Cholóim, a bhfuil eagraíochtaí ar an eite chlé agus an eite dheas páirteach ann,” arsa Huber agus ateangaireacht á déanamh ar a chuid cainte ag Mariela Kohon ó Justice for Colombia.

“Caithfidh mé buíochas a thabhairt do cheardchumannaithe na hÉireann cionn is go bhfuil mé saor mar gheall ar an stocaireacht a rinne siadsan agus daoine eile ar mo shon. Bhí toradh dearfach ar na teachtaireachtaí físe a chuir mé chucu ó mo chillín,” a dúirt sé, agus aoibh gháire air.

Ach is léir go ndeachaigh streachailt na mblianta i bhfeidhm air. Ó tháinig sé amach as an phríosún, tá ocht mbagairt bháis faighte aige.

“Ach níos measa arís, caitheann an t-aon iníon amháin atá agam garda cosanta a bheith aici an t-am ar fad,” arsa Huber agus tocht ina ghlór.

“Tá muid ag dul fríd achar idirthréimhseach sa Cholóim i láthair na huaire. Tá deireadh leis an choimhlint armtha agus tá próiseas síochána i réim ach tá cuid mhór deacrachtaí le sárú go fóill.

“Mar chuid de phróiseas na síochána, tá muid ag iarraidh spás a chruthú ina dtig leis na ceardchumainn fás agus forbairt agus ina dtig linn freasúra ionadaíoch a chruthú sa pharlaimint ach ag an am céanna, gan an tsíorbhagairt a bheith ann go marófaí muid.

“Ainneoin comhshocrú Habana a síníodh i mí na Samhna anuraidh, tá an feachtas dúnmharuithe in éadan lucht ceardchumann agus oibrithe ar son cearta daonna ag leanstan ar aghaidh.

“Ó mhí Feabhra 2016 go dtí mí Aibreáin 2017, maraíodh 140 ceardchumannaí sa Cholóim.

“Tá grúpaí paraimíleatacha ar an eite dheas ag leanstan ar aghaidh lena bhfeachtais foréigin. I mo chás féin, tá ocht mbagairt bháis déanta i m’éadan le trí mhí anuas ach cionn is nach bhfuil ag éirí leo mise a mharú, deir siad go maróidh siad m’iníon i m’áit.”

Deir Ballesteros nár ligeadh saor bunús na bpríosúnach ba cheart bheith amuigh mar thoradh ar Chomhshocrú Habana – 1,600 acu.

“I láthair na huaire, tá stailc ocrais ag dul ar aghaidh agus cuid de na príosúnaigh, tá a mbéal fuaite acu,” arsa Ballesteros.

Ach measann sé gurb é an próiseas síochána an t-aon bhealach amháin chun cinn.

“Níl ach bealach amháin leis an tsíocháin a chur i réim agus sin gan ligean do ghrúpaí atá i bhfad amach ar an eite dheas agus atá in éadan an chomhshocraithe buachan, nó má dhéanann muid sin beidh muid ar ais chuig na laethanta is uafásaí inár stair, an caoga bliain ar maraíodh 280,000 duine lena linn.

“As an líon sin, bhí 50,000 acu ina dtrodaithe, idir threalltrodaithe agus fhórsaí an rialtais araon, agus 230,000 sibhialtach. Sin an spreagadh atá againn an comhshocrú a chur i réim mar is ceart,” arsa Huber.

Measann sé go bhfuil buntáistí móra ag baint le comhshocrú Habana, agus teacht ar an fhírinne an ceann is tábhachtaí acu. Deir sé go bhfaighidh muintir na Colóime an deis a fháil amach go díreach cad a tharla le linn na coimhlinte, cé a bhí taobh thiar de na gníomhartha. Tabharfaidh sé sin faoiseamh éigin do na híobartaigh agus don chúig mhíle duine atá díshealbhaithe sa tír.

“Le bunú Choimisiún na Fírinne, gheobhaidh muid amach cé a bhí taobh thiar de na grúpaí paraimíleatacha, cén dream i measc na bpóilíní, an airm, na bpolaiteoirí agus élite an ghnó, a chuidigh leo.

“Tabharfaidh sé deis do lucht FARC a bheith mar dhlúthchuid den phróiseas polaitíochta agus a gcuid smaointe polaitiúla a chur chun cinn ar an dóigh sin seachas i gcoimhlint armtha.”

Dar le Huber Ballesteros go dtabharfadh an tsíocháin seans don tír aghaidh a thabhairt ar fhadhb mhór sa Cholóim a bhfuil tionchar aici ar fud an domhain – gnó na ndrugaí.

“Seo deis stairiúil ag muintir na Colóime rud as an nua a chruthú, deis don limistéar agus don mhór-roinn: iarrann muid ar mhuintir na hÉireann leanstan ar aghaidh leis an tacaíocht atá tugtha go fial acu go dtí seo,” ar sé.

Fág freagra ar '‘Toisc nár éirigh leo mise a mharú, deir siad go maróidh siad m’iníon i m’áit’'