TOGHCHÁN TIONÓIL 2016: Toghcheantair an chósta thuaidh

Agus an toghchán ó thuaidh ag teannadh linn caitear súil sa tsraith seo ar na toghcheantair ar fad –Toghcheantair an chósta thuaidh atá faoi chaibidil inniu againn

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

17 atá san iomaíocht. Tá trí shuíochán á gcosaint ag triúr ón DUP ach tá Gregory Campbell imithe den pháirc chun díriú ar Westminster. Tá beirt sa rás ag Sinn Féin atá ag iarraidh an dara suíochán a ghnóthú, tá iarrthóir aonair ag an SDLP ag cosaint an tsuíocháin a bhí ag an teachta sinsearach, John Dallat, atá éirithe as. Tá Claire Sugden, aontachtach neamhspleách ag cosaint a suíocháin siúd ach tá beirt ón UUP chomh maith leis an TUV san iomaíocht.

Síneann an toghcheantar soir ó Bhaile Uí Cheallaigh i nDoire go Contae Aontroma. ’Siad Cúil Raithin, Léim an Mhadaidh agus Dún Geimhin na príomhbhailte agus tá an ceantar mór turasóireachta gar do Chlochán an Aifir ann. Cailleadh postanna sa tseirbhís phoiblí i gCúil Raithin, druideadh monarcha próiseála bia agus tá imní faoi chúrsaí in Ollscoil Uladh a bheith á n-aistriú go Béal Feirste. Tá borradh faoin turasóireacht, áfach, agus an roinn talmhaíochta ó Stormont á haistriú go dtí an t-iarbhunáit mhíleata i mBaile Uí Cheallaigh, beairic Shackleton.

68,600 atá ar chlár na vótóirí. ’Sé Gregory Campbell DUP an feisire Parlaiminte ó 2001 nuair a fuair sé an ceann is fearr ar Willie Ross, ionadaí frithchomhaontaithe an UUP. Chaill an UUP a suíochán Tionóil in 2011 nuair nár ainmnigh siad iar-theachta dá gcuid, David McClarty. Bhuaigh McClarty an suíochán mar neamhspleách. Cailleadh go hóg é agus tháinig Claire Sugden i gcomharbacht air. Bhí suíochán ag Cathal Ó hOisín do Shinn Féin, agus ceann ag John Dallat don SDLP. Bhí an t-ádh ar an DUP an tríú suíochán a fháil.

Toghchán Tionóil 2011

DUP Sinn Féin SDLP Aontachtach n/s

3(36.9%) 1 (21.1%) 1(14.9%) 1 (8.6%)

3369

Meastar go bhfuil dhá shuíochán de chuid an DUP slán agus go dtoghfar Cathal Ó hOisín ó Shinn Féin gan stró. Ar an taobh aontachtach, tá ceist faoin tríú suíochán de chuid an DUP agus faoi sheansanna an neamhspleáigh Claire Sugden. Áirítear go mbainfidh William McCandless an UUP ceann de na suíocháin sin agus go bhféadfadh an TUV a bheith san iomaíocht don cheann eile leis an DUP agus/nó le Sugden. Ar an taobh náisiúnach tá Caoimhe Archibald, Sinn Féin. san iomaíocht le Gerry Mullan an SDLP don suíochán a bhí ag John Dallat. Ní cheaptar go mbainfidh náisiúnaithe suíochán d’aontachtaithe agus is údar imní é an tinreamh a bheith ag titim, go háirithe i measc náisiúnaithe.

Toghchán an Tionóil 2011

12807

Olltoghchán 2015

14663

Aontroim Thuaidh

15 iarrthóir atá san iomaíocht. ’Sé seo ríocht Phaisley agus cé nach bhfuil éinne den chlann san iomaíocht tá trí shuíochán an DUP á gcosaint ag an triúr iartheachtaí agus duine sa bhreis. Bhí suíochán amháin anseo ag an UUP agus an TUV fá seach, agus tá beirt san iomaíocht acu araon, Jim Allister ceannaire an TUV, san áireamh. Ag Sinn Féin a bhí an suíochán eile atá á chosaint ag Daithí McKay.

Tá na hionaid thurasóireachta Clochán an Aifir, oileán Reachlainn agus Baile Chaistil sa toghcheantar ach is i mBaile Monaidh agus ar an mBaile Meánach atá an chuid is mó den phobal. Tá idir fheirmeoireacht agus déantúsaíocht rathúil ann. Tá fostóirí móra ar nós Wrightbus (a bhfuil a bhunaitheoir i bhfabhar an Brexit), ach buaileadh buille trom ar an gceantar le déanaí nuair a cailleadh míle post i gcomhlacht tobac agus gar do mhíle post eile i Michelin.

78,337 atá ar chlár na vótóirí. Tá móramh mór aontachtach ann agus cúig cinn as na sé shuíochán ag aontachtaithe. Bhí an suíochán Parlaiminte ag Ian Paisley ó 1970 go dtí gur éirigh sé as nuair a bhain a mhac Ian Óg é. Ó ghlac Ian Paisley agus an DUP le roinnt na cumhachta le Sinn Féin, tá Jim Allister i mbun feachtais i gcoinne an réimis i Stormont. Theip ar a iarracht dúshlán Ian Paisley óg a thabhairt i dtoghchán Westminster in 2010 ach bhain sé suíochán Tionóil in 2011 don TUV. Is ón SDLP a bhain sé an suíochán sin. Tá próifíl ard aige mar ‘freasúra aonair’ sa Tionól agus súil aige buntáiste a bhaint as sin chun an dara suíochán a fháil in Aontroim Thuaidh.

Toghchán an Tionóil 2011

3476

Tá Allister ag súil go n-éireoidh leis féin agus Timothy Gaston, a chomhiarrthóir óg suíochán a bhaint den DUP ach theastódh casadh ollmhór ina threo chuige sin; cuóta amháin a bhí acu anuraidh agus toghadh Allister in 2011 gan an cuóta a shroicheadh.

Faigheann sé an-chuid poiblíochta i ngeall ar a chumas díospóireachta agus bheifí ag súil le méadú ar a vóta – ach a dhóthain chun dhá shuíochán a fháil?

Ní ligfidh Mervyn Storey, Paul Frew agus David McIlveen aon cheann de shuíocháin an DUP leis gan dianchath. Tá an UUP meáite de go gcoinneodh Robin Swann a shuíochán agus áirítear go bhfuil Daithí McKay, Sinn Féin slán.

Maíonn roinnt saineolaithe go mbeadh suíochán Allister féin faoi bhrú dá dtiocfadh vótóirí an SDLP amach do Connor Duncan. Ní raibh idir an dá pháirtí ach 600 vóta cúig bliana ó shin. Tá Alliance, an Comhaontas Glas, UKIP, na Tóraithe agus an Lucht Oibre neamhspleách san iomaíocht chomh maith, ach is fánach an seans ar athrú.

Toghchán an Tionóil 2011

19196

Olltoghchán 2015

18107

Aontroim Thoir

15 atá san iomaíocht do na sé shuíochán. Tá triúr ag an DUP ag cosaint a dtrí shuíochán, triúr ón UUP ag iarraidh cur leis an suíochán aonair a bhí acu, beirt ag Alliance ag a raibh suíochán amháin agus tá iartheachta Shinn Féin ag cosaint an tsuíocháin a fuair sé gan choinne in 2011. Tá UKIP agus TUV sa tóir ar shuíochán freisin agus seans go mbeidh tionchar anseo ag an ‘Brexit’ agus an reifreann faoi bhallraíocht san Aontas Eorpach.

Síneann an toghcheantar ó bhruach thuaidh Loch Lao suas fán chósta go Glinnte Aontroma. Maireann daoine ar an turasóireacht, feirmeoireacht, ar thionscal an chalafoirt i Latharna agus ar roinnt tionscal déantúsaíochta cóngarach do Bhéal Feirste.

64,194 atá ar chlár na vótóirí. Tá móramh mór aontachtach in oirthear Aontroma agus na dreamanna frith-Eorpacha ina measc – an DUP, UKIP agus TUV – an-láidir. ’Sé Sammy Wilson an DUP an feisire Parlaiminte agus bhí sé ar dhuine den triúr teachtaí tionóil ach roghnaigh sé Westminster nuair ab éigean dó éirí as ceann den dá phost. Comhthoghadh Gordon Lyons mar chomharba air i Stormont agus tá seisean, David Hilditch agus Alastair Ross ag cosaint a gcoda. Tá Roy Beggs, UUP, ag iarraidh a shuíochán a choinneáil agus beirt chomhghleacaithe ina fhochair ag iarraidh cur lena stór; fuair Oliver McMullan ó Shinn Féin an ceann is fearr ar iarrthóir ón UUP in 2011 le farasbarr 499 vóta.

Toghchán Tionóil 2011

3462

’Sí an cheist atá ag dó na geirbe ag aontachtaithe an éireoidh le UKIP suíochán a bhaint. Bhí dhá thrian de chuóta acu anuraidh agus le naonúr iarrthóirí aontachtacha ar fad tá Noel Jordan ag súil le dóthain aistrithe chun an beart a dhéanamh. Cé a chaillfidh? Meastar go bhfuil beirt ón DUP slán sábháilte, Ross agus Hilditch, seans, ach go mbeifear ag streachailt don tríú suíochán. Áirítear go mbeidh an lá le Roy Beggs an UUP agus go bhféadfadh John Stewart a bheith san iomaíocht ag an deireadh. Ceaptar freisin go gcoinneoidh Stewart Dickson suíochán d’Alliance. Ní bheidh sé éasca ag Oliver McMullan, Sinn Féin, a shuíochán a choinneáil. Leath cuóta a bhí aige anuraidh agus beidh sé ag brath ar aistrithe ó Margaret McKillop ón SDLP, is dócha.

Mar sin dhá shuíochán ag an DUP, ceann ag an UUP, ceann ag Alliance agus an DUP, UKIP, UUP, Sinn Féin agus, seans TUV, san iomaíocht don chúigiú agus don séú suíochán.

Toghchán an Tionóil 2011

13398

Olltoghchán 2015

12103

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN TIONÓIL 2016: Toghcheantair an chósta thuaidh'