TOGHCHÁN TIONÓIL 2016: Na toghcheantair taobh thiar den Bhanna (Cuid 2)

Agus an toghchán ó thuaidh ag teannadh linn caitear súil sa tsraith seo ar na toghcheantair ar fad – An Feabhal agus Lár Uladh atá faoi chaibidil inniu againn

Pictiúr: Photocall Ireland
Pictiúr: Photocall Ireland

An Feabhal

16 atá san iomaíocht anseo do na sé shuíochán. Ina measc siúd, tá an LeasChéad Aire, Martin McGuinness a d’fhill ar Dhoire chun iarracht eile a dhéanamh thar ceann Shinn Féin leis an lámh in uachtar a fháil ar an SDLP i ndaingean John Hume agus toghcheantar cheannaire nua an SDLP, Colum Eastwood. Tá trí shuíochán á gcosaint ag Eastwood agus beirt chomhghleacaí dá chuid, ach tá McGuinness agus a fhoireann sa tóir ar cheann de na suíocháin sin. Tá an suíochán eile á chosaint ag an DUP. Tá Eamonn McCann, Pobal Roimh Bhrabús i measc an naonúir eile sa rás.

Toghcheantar beag é agus is é atá ann go bunúsach ná cathair Dhoire agus na bruachbhailte taobh thoir den abhainn. Is ann atá an líon is mó daoine óga – idir ocht mbliana déag agus ceithre bliana fichead d’aois gan obair, is ann atá an céatadán is airde d’éilitheoirí ar shochar dífhostaíochta agus is ann atá an líon is mó daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach. Is iad faillí sna ceantair taobh thiar den Bhanna, easpa infheistíochta, easpa forbartha, cliseadh ar gheallúintí go bhfeabhsófaí infreastruchtúr – idir bhóithre, bhóthar iarainn, leathanbhanda agus an ollscoil – na mórcheisteanna coitianta ach tá ginmhilleadh agus comhionannas pósta ina n-ábhair chonspóide sa bhfeachtas chomh maith.

71,247 toghthóir atá cláraithe. ‘Sé Mark Durkan SDLP atá ina Fheisire Parlaiminte anseo, ó tháinig sé i gcomharbacht ar John Hume in 2005. Sheas iarrthóirí sinsearacha ó SF ina choinne sna trí thoghchán is déanaí – Mitchel McLaughlin, Martina Anderson agus Gearóid Ó hEára – ach theip orthu triúr. Sa toghchán Tionóil áfach, d’éirigh le Sinn Féin an bhearna idir an dá pháirtí a chúngú: ní raibh ach 500 vóta idir iad féin agus an SDLP in 2011.

SDLP   Sinn Féin   DUP

3 (35.3%)   2 (34%)   1 (18.4%) 

335.3

An geábh seo, tá tréaniarracht á déanamh chun a dhul chun tosaigh ar an SDLP agus trí shuíochán a fháil. Comhartha sóirt den bhéim a chuireann Sinn Féin ar an iomaíocht leis an SDLP i nDoire is ea Martin McGuinness, réalt an pháirtí, a bheith aistrithe ar ais go toghcheantar an Fheabhail tar éis naoi mbliana déag i Lár Uladh. Tá suim thar na bearta sa choimhlint idir bheirt cheannaire na náisiúnach McGuinness agus Eastwood agus is cinnte gur buille tubaisteach do cheannaire nua an SDLP a bheadh ann suíochán a chailliúint ina chathair féin.

Táthar ag déanamh talamh slán de go mbeidh suíochán ag McGuinness, ag Eastwood agus ag Gary Middleton ón DUP. Áirítear freisin go bhfaighidh Mark Durkan óg nó Gerard Diver suíochán don SDLP agus go dtiocfaidh Raymond McCartney nó Maeve McLaughlin ó Shinn Féin slán. D’fhágfadh sin scata mór san iomaíocht don séú suíochán – an SDLP, Sinn Féin, Eamonn McCann, feachtasóir ar son rogha a bhí sa seachtú háit an uair dheiridh agus an Dr Anne McCloskey feachtasóir in éadan an ghinmhillte.

Is léir go measann an SDLP agus Sinn Féin gur baol dóibh na neamhspleáigh/ mionpháirtithe. Tá siad ag rá le vótóirí ag na doirse, mar a rinne Colum Eastwood ar an raidió le déanaí, gur vóta amú é vóta do na dreamanna eile nach mbeidh aon tionchar acu ar chomhdhéanamh an Fheidhmeannais. Bhí vóta frith-bhunaíochta, frith-Stormont sa toghcheantar seo sa toghchán don chomhairle áitiúil agus d’fhéadfadh éifeacht a bheith aige sin ar an 6ú suíochán.

Toghchán Tionóil 2011

SDLP   Sinn Féin  DUP  Pobal Roimh Bhrabús

13,699   13,200   7,154   3,120

13699

Olltoghchán 2015

SDLP   Sinn Féin  DUP  

17,725(47.9%) 11,679 (31.6%) 4,573 (12.4%)

17725

Lár Uladh

Dháréag atá san iomaíocht do na sé shuíochán, ceann de bheagán toghcheantar ina bhfuil líon beag iarrthóirí. Ó tá Martin McGuinness imithe tá beirt iar-chomhalta agus iarrthóir nua ó Shinn Féin ag cosaint a dtrí shuíochán. Tá iar-chomhalta de chuid an DUP agus comhghleacaí leis ag cosaint suíochán amháin – cor aisteach a tharraing go leor cainte – agus tá iar-chomhaltaí an UUP agus an SDLP ag féachaint lena suíocháin a choinneáil. I measc an chúigir eile tá aontachtaithe, ó TUV agus UKIP, a d’fhéadfadh a gcuid aistrithe tionchar a imirt ar an toradh.

Suite ar bhruach thiar Loch nEathach ag síneadh ó Dhún Geanainn go deisceart Chontae Dhoire tá móramh mór náisiúnach ann. Tá an ráta dífhostaíochta íseal, tá ag éirí cuíosach maith le cúrsaí gnó agus talmhaíochta agus tá próiseáil bia rathúil ann, ach tá pócaí móra bochtanais ann freisin.

79,243 vótóir atá cláraithe. Tá Sinn Féin an-láidir i Lár Uladh, agus suíochán Parlaiminte acu ann ó bhain Martin McGuinness de Willie McCrea an DUP é i 1997. Tháinig Francie Molloy i gcomharbacht ar McGuinness in 2013 agus choinnigh sé an suíochán gan stró anuraidh. Bhí trí chuóta ag Sinn Féin i ngach toghchán le fada agus meastar nach baol don triúr iarrthóirí acu, Michelle O’Neill, Ian Milne agus an t-iarrthóir nua, Linda Dillon. Ceaptar go mbeidh Patsy Mac Giolla Eoin an SDLP agus Sandra Overend an UUP slán. Is faoi shuíochán an DUP atá amhras ós údar iontais é beirt a bheith ag seasamh i bhfianaise na bhfigiúirí is déanaí, ó 2011.

Toghchán an Tionóil 2011

Sinn Féin   DUP   SDLP  UUP   TUV

3 (49.2%)  1 (16.7%)  1 (14.7%)  1 ( 10.3%)  0 (4.9%)

349.2

Ba é Ian McCrea Comhalta Tionóil an DUP. Mac é leis an iarFheisire Parlaiminte, an SaorPhreispitéireach an tUrramach Willie McCrea. Theip ar an gComhalta McCrea ainmniúchán an pháirtí áitiúil a fháil –roghnaigh an coinbhinsiún Keith Buchanan agus ba é ardoifig an pháirtí a chuir McCrea ar an dticéad. N’fheadar an féidir na ráflaí faoi ‘chogadh cathartha’ sa pháirtí a chreidiúint, ach níl aon dabht ach go bhfuil míshuaimhneas sa DUP sa toghcheantar seo. Bhí an vóta a fuair McCrea anuraidh faoi bhun cuóta agus tá súil ag an TUV a theacht i dtír ar an scoilt sa DUP i mbliana ach chuige sin chaithfí vótaí an DUP a roinnt go cothrom agus méadú mór a dhéanamh ar vóta an TUV féin. Tá UKIP, Alliance, An Comhaontas Glas agus Páirtí na nOibrithe ag seasamh freisin.

Toghchán an Tionóil 2011

Sinn Féin   DUP  SDLP  UUP   TUV

21,033/49.2% 7,127/16.7% 6,279/14.7% 4,409/10.3% 2,075/4.9%

21033

Olltoghchán 2015

Sinn Féin   DUP  SDLP   UUP   TUV

19,935 (48.7%) 5,465(13.4%) 5,055(12.4%) 6,318(15.4%) 1,892(4.6%)

19,935

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN TIONÓIL 2016: Na toghcheantair taobh thiar den Bhanna (Cuid 2)'