TOGHCHÁN TIONÓIL 2016: Súil ar na toghcheantair – Béal Feirste Thoir

Agus an toghchán ó thuaidh ag teannadh linn caitear súil sa tsraith seo ar na toghcheantair ar fad – an geábh seo is é Béal Feirste Thoir atá faoi chaibidil

Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland
Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland

18 atá san iomaíocht. Don chéad uair le fada níl Peter Robinson sa rás, ach tá an suíochán a bhí aige agus péire eile á gcosaint ag triúr ón DUP. Tá triúr ón Alliance ag féachaint le cur leis an dá shuíochán a bhí acu, beirt ón UUP ag iarraidh suíochán a choinneáil agus iarrthóirí ó cheithre ghrúpa aontachtacha eile ag dul san iomaíocht. I measc an tseisir eile tá iarrthóirí ag Sinn Féin, an SDLP, an Comhaontas Glas, dhá ghrúpa Lucht Oibre. Tá neamhspleách amháin ag seasamh.

Dúnáras aontachtach is ea Béal Feirste Thoir agus an DUP i gceannas le fada. Baineadh stangadh astu nuair a chaill Peter Robinson a shuíochán Parlaiminte in 2010 de bharr conspóide faoi chostais agus líomhaintí mí-iompair. Naomi Long ón Alliance a bhain an suíochán de agus bhí feachtas fíochmhar ag an DUP in aghaidh an Alliance go dtí gur bhain Gavin

Robinson an suíochán ar ais dóibh anuraidh. Bhíodh suíochán anseo ag an PUP agus 10% den vóta acu uaireanta. Níl ach dornán vótaí náisiúnacha ann. Toghcheantar é ina bhfuil comharsanachtaí an-bhochta chomh maith le saibhreas mór agus síneann sé ón longchlós soir thar Stormont go dtí na bruachbhailte teolaí ag bun na gcnoc.

65,379 toghthóir a bhí cláraithe ag tús na míosa. Bhí triúr Comhaltaí Tionóil ag an DUP –  Sammy Douglas, Robin Newton agus Robinson. Bhí beirt ag an Alliance, Judith Cochrane agus Chris Lyttle, agus bhí an suíochán eile ag Michael Copeland, UUP.

I 2011:-

Tá Sammy Douglas agus Robin Newton ag cosaint a suíocháin don DUP agus Joanne Bunting ar an bhfoireann leo in áit Robinson. Tá Naomi Long leascheannaire an Alliance a chaill a suíochán Parlaiminte anuraidh san iomaíocht in éindí leis an iar-chomhalta Chris Lyttle agus iarrthóir nua Tim Morrow. ‘Sé Andy Allen iarrthóir an UUP agus tá John Kyle san iomaíocht don PUP. Tá deichniúr eile sa rás, aontachtaithe den chuid is mó. Údar suntais é go bhfuil iar-mhéara Bhéal Feirste, Niall Ó Donnghaile ag seasamh do Shinn Féin agus é san iomaíocht don Seanad freisin.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí bheadh trí chuóta ag an DUP agus ag an Alliance araon, ach maíonn Mike Nesbitt, ceannaire an UUP, go bhfuil a pháirtí ag téarnamh agus nach féidir iad a chur as an áireamh. B’fhéidir gur trí shuíochán don DUP agus dhá cheann don Alliance a bheidh ann agus seans ag an Alliance, an UUP agus an PUP ar an séú suíochán.

Toghchán Tionóil 2011

Screen Shot 2016-04-21 at 17.06.12

Olltoghchán 2015

DUP                    ALLIANCE            UUP

19,575                  16,978                                        

Béal Feirste Thuaidh

18 atá san iomaíocht i mBéal Feirste Thuaidh. Tá an triúr comhaltaí ón DUP a toghadh in 2011 ag seasamh arís mar atá an bheirt ó Shinn Féin. Tá iarrthóir nua ón SDLP ag cosaint an tsuíocháin eile. Tá banmhinistir Preispitéireach iomráiteach san iomaíocht don UUP chomh maith le ceannaire an PUP agus ionadaithe ó UKIP, TUV, Alliance, Comhaontas Glas, PBP, Páirtí na nOibrithe agus neamhspleáigh.

Tá móramh aontachtach sa toghcheantar ach an bhearna ag dul i laghad. Bhí na suíocháin Tionóil roinnte go cothrom idir aontachtaithe agus náisiúnaithe ach is ag an DUP atá an lámh in uachtar anseo le fada. ‘Sé Nigel Dodds ón DUP atá ina fheisire Parlaiminte anseo ó 2001 nuair a fuair sé an ceann is fearr ar an UUP. Bhain an DUP suíochán Tionóil den UUP in 2011. Is sa toghcheantar seo, a shíneann ó thuaidh ó lár na cathrach go Baile Nua na Mainistreach, atá Ard Eoghain, láthair na conspóide faoi mháirseálacha Oráisteacha agus an teannas a ghabhann leo.

70,650 toghthóirí a bhí cláraithe ag tús Aibreáin. An uair dheiridh toghadh Nelson McCausland, William Humphrey agus Paula Bradley don DUP, Gerry Kelly agus Caral Ní Chuilín do Shinn Féin agus Alban Maginness, atá éirithe as, don SDLP. Tá iar-mhéara na cathrach Nicola Mallon ag iarraidh a theacht i gcomharbacht ar Maginness don SDLP.

In  2011:-

Screen Shot 2016-04-21 at 17.07.15

Is léir nach gceapann an DUP ná Sinn Féin go bhféadfaidís suíochán breise a bhuachan, agus ag cosaint a gcoda atá siad. Bhí an t-ádh ar an DUP an tríú suíochán a ghnóthú cúig bliana ó shin agus cé go raibh trí chuóta acu anuraidh nuair a bhí margadh eadar-aontachtach i réim d’fhéadfadh suíochán dá gcuid a bheith i mbaol. Tá an tUrramach Lesley Carroll seanbhunaithe sa cheantar agus súil aici cur le tacaíocht an UUP a bhí 440 vóta ar gcúl an uair cheana. Dúshlán mór é do Nicola Mallon suíochán an SDLP a choinneáil. Áirítear go bhfaighidh an DUP dhá shuíochán go cinnte agus go gcoinneoidh Sinn Féin a bpéire. Thiocfadh leis an DUP, SDLP, UUP agus PUP a bheith san iomaíocht don bpéire eile.

Toghchán an Tionóil 2011

Screen Shot 2016-04-21 at 17.07.41

Olltoghchán 2015

DUP                 Sinn Féin            SDLP

19,096                13,770              3,338

Screen Shot 2016-04-21 at 17.08.04

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN TIONÓIL 2016: Súil ar na toghcheantair – Béal Feirste Thoir'