TOGHCHÁN TIONÓIL 2016: Ceithre thoghcheantar an Dúin (agus deisceart Ard Mhacha)

Agus an toghchán ó thuaidh ag teannadh linn caitear súil sa tsraith seo ar na toghcheantair ar fad – Ceithre Thoghcheantar an Dúin (agus deisceart Ard Mhacha) atá faoi chaibidil inniu againn

4/2/2010 Stormont in Northern Ireland. Pictured is Stormont, home of the Northern Ireland Assembly. Photo: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

An Dún Thuaidh

Sé dhuine dhéag atá san iomaíocht sa Dún Thuaidh. Tá triúr ón DUP ag cosaint trí shuíochán, triúr ón UUP ag iarraidh cur leis an aon suíochán a bhí acu, beirt ón Alliance sa tóir ar an dara suíochán agus an Comhaontas Glas ar a ndícheall chun suíochán cheannaire an pháirtí sin a chosaint.

Tá an toghcheantar suite ar chósta theas Loch Cuan, ag síneadh ó oirthear Bhéal Feirste go leithinis na hArda. ‘Cuan an Óir’ a thugtar ar chuid de mar gur ann atá cónaí ar lucht an rachmais. Tá Ard Mhic Nasca agus Beannchar ann, bailte ina bhfuil pócaí bochtanais ach ar an mórgóir is ceantar teolaí é.

65,760 atá ar chlár na dtoghthóirí. Tá móramh mór aontachtach ann. ’Sí Sylvia Hermon an feisire Parlaiminte ó 2001 nuair a toghadh í don UUP. D’fhág sí an páirtí sin in 2010 mar agóid in aghaidh a naisc leis na Tóraithe agus bhí an lá léi gan stró san dá olltoghchán ó shin. Tá an DUP an-láidir anseo agus bhaineadar an tríú suíochán den UUP in 2011. Tá suíochán ag Alliance anseo le fada agus bhí an t-ádh ar an gComhaontas Glas a theacht slán an uair dheiridh.

Toghchán Tionóil 2011

3442

Meastar go bhfuil athrú nó dhó ar na bacáin, agus suíochán Stephen Agnew ón gComhaontas Glas agus an tríú suíochán de chuid an DUP araon faoi ionsaí. Tá Peter Weir, Alex Easton agus Gordon Dunne ag cosaint a suíochán ach tá an UUP cíocrach chun an suíochán a chaill siad an uair dheiridh a fháil ar ais. Tá an teachta a toghadh dóibh in 2011 éirithe as ach maítear go gcoinneoidh Alan Chambers an suíochán sin agus go n-éireoidh leis an mbeirt iarrthóirí eile, Chris Eisenstadt agus Carl McClean dóthain vótaí a bhailiú le suíochán amháin eile a ghnóthú. Bheadh gá acu le feabhas mór, áfach.

Tá Alliance seanbhunaithe sa toghcheantar mar a bhfuair Stephen Farry an suíochán in 2007 nuair a d’éirigh a réamhtheachtaí Eileen Bell as. Tá iarmhéara an Dúin, Andrew Muir ag seasamh in éindí le Farry agus meastar go mbeidh Stephen Agnew, ceannaire an Chomhaontais Ghlais faoi bhrú acu. Tá Agnew goilliúnach mar gur bheag a bhí idir é agus an dara hiarrthóir ag an Alliance an uair cheana. Anuas air sin, tá iarcheannaire na nGlasach, an chéad Teachta Tionóil Glas a bhí i Stormont, Brian Wilson, ag seasamh mar neamhspleách. Chomh maith leo sin tá TUV, UKIP, An Páirtí Coimeádach, an SDLP, Sinn Féin agus an Lucht Oibre Neamhspleách sa rás. Beidh tionchar na n-aistrithe ríthábhachtach agus iomaíocht fhíochmhar ann don chúigiú agus don séú suíochán.

Toghchán an Tionóil 2011

12412

Olltoghchán 2015

8487

Loch Cuan

Cúigear déag atá san iomaíocht. Tá ceathrar iarrthóirí ón DUP ag cosaint a dtrí suíochán. Tá ceannaire an UUP agus comhghleacaí leis ag féachaint le suíochán a fuaireadar in 2011, ach a chaill siad nuair a d’imigh David McNarry go UKIP, a fháil ar ais chomh maith le suíochán Mike Nesbitt féin a choinneáil ina chéad toghchán Tionóil mar cheannaire. Tá iarrthóir nua ag cosaint suíochán an Alliance agus tá iarrthóir ón SDLP ag triail, don cheathrú huair, le suíochán a bhaint.

Leithinis na hArda siar go Baile na hInse agus An Comar atá sa toghcheantar ina bhfuil Baile Nua na hArda mar phríomhbhaile. Ceantar mór tuaithe é a bhfuil cáil air i ngeall ar a chuid prátaí chomh maith leis an iasc as Loch Cuan.

65,695 atá ar chlár na dtoghthóirí. ’Sé Jim Shannon an DUP an feisire Parlaiminte ó 2010 nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Iris Robinson a d’éirigh as an bpolaitíocht de bharr scannail agus drochshláinte. Tá móramh mór aontachtach anseo. Áiríonn lucht staidrimh go mbeadh cuóta náisiúnach ann dá gcaithfeadh níos mó náisiúnach a vóta. Ceapadh go mbeadh an lá le Joe Boyle an SDLP in 2011 ach bhí sé 6% taobh thiar d’Alliance, bearna níos mó ná an 3% a bhí ann in 2007.

Toghchán an Tionóil 2011

3488

*d’fhág David McNarry an UUP de bharr aighnis leis an gceannaire Mike Nesbitt. Chuaigh sé le UKIP agus tá sé mar cheannaire áitiúil air ach níl sé ag seasamh an t-am seo.

Tá sé mar aidhm ag Mike Nesbitt agus a chomh-iarrthóir, Philip Smith, an dá shuíochán a bhaint. Tá siad muiníneach ach beidh gá acu le méadú ar vóta an UUP – tástáil do cheannaire an UUP ina thoghcheantar féin. Cuóta go leith a bhí acu an uair dheiridh nuair a d’éirigh leo suíochán a bhaint den DUP a raibh trí chuóta go leith acu. Ba iad na hiar-airí Simon Hamilton, Michelle McIlveen agus Jonathan Bell teachtaí an DUP agus déantar talamh slán de go n-atoghfar iad. Drochsheans go bhfaighidh Harry Harvey an ceathrú suíochán dóibh ó tá UKIP, TUV, na Coimeádaigh agus iarrthóir neamhspleách sa rás freisin.

’Sí Kellie Armstrong, comhairleoir áitiúil a chruthaigh go maith san olltoghchán anuraidh iarrthóir an Alliance. Maítear gurbh é suíochán Alliance a bheadh faoi bhrú dá bhfaigheadh an SDLP vóta maith agus aistrithe ó Shinn Féin ach bhí an bhearna mór an uair cheana – seans gurb é an dara suíochán a bhfuil an UUP sa tóir air a bheadh i gceist. ’Sé is dóichí ná a mhalairt gur amhlaidh a bheidh – trí shuíochán ag an DUP, péire ag an UUP agus ceann ag Alliance.

Toghchán an Tionóil 2011

14469

Olltoghchán 2015

15053

An Dún Theas

Dáréag atá san iomaíocht. Tá triúr ón SDLP ag cosaint dhá shuíochán agus ’sé an scéal céanna é ag Sinn Féin, iad araon ag iarraidh cur lena stór go háirithe ó tá aontachtaithe trína chéile. Tá iar-theachta an DUP Jim Wells ag cosaint a shuíocháin más mall go maith féin a ainmníodh é mar iarrthóir. Tá an UUP san iomaíocht ag iarraidh an suíochán a bhí acu, ach a chailleadar nuair a d’fhág John McCallister an páirtí, a fháil an athuair. Tá McCallister sa tóir ar a shuíochán arís ach is mar neamhspleách atá sé ag seasamh an uair seo agus meastar go bhfuil seans maith ag TUV ar shuíochán.

Deisceart Chontae an Dúin atá sa toghcheantar seo – ó bhruachbhailte thoir an Iúir go dtí na Beanna Boirche, an Caisleán Nua agus an cósta thoir go dtí sáil leithinis na hArda. Ceantar mór turasóireachta agus iascaireachta é.

77,409 atá cláraithe le vótáil. Tá móramh mór náisiúnach san Dún Theas agus an suíochán Parlaiminte ag an SDLP ó 1987. Toghadh Margaret Ritchie ina feisire in 2010 nuair a tháinig sí i gcomharbacht ar Eddie McGrady. Tá dhá shuíochán Tionóil ag an SDLP agus péire ag Sinn Féin a bhain suíochán den SDLP in 2003. ’Sé aidhm Shinn Féin a dhul chun tosaigh ar an SDLP anseo, agus cé gur laghdaigh siad an bhearna idir an dá pháirtí is ar éigean a dhéanfaidh siad an beart an t-am seo. Is ar an taobh aontachtach is mó atá éiginnteacht agus ceathrar sa tóir ar dhá shuíochán atá idir dhá cheann na meá.

Toghchán an Tionóil 2011

2358

Ba é John McCallister a bhuaigh an suíochán don UUP. D’fhág sé an páirtí sin agus bhunaigh sé féin agus Basil McCrea NI21, páirtí a d’imigh le haer an tsaoil sula raibh sé tagtha in inmhe fiú. Snámh in aghaidh easa a bheidh ann do McCrea má tá sé ag iarraidh an suíochán a choinneáil mar neamhspleách go háirithe ó chruthaigh iarrthóir an UUP Harold McKee go maith nuair a sheas sé san olltoghchán anuraidh. Sheas Henry Reilly do UKIP in 2011 ach thit sé amach le ceannairí an pháirtí sin agus tá sé ag seasamh don TUV. Ceaptar go mbeidh sé san áireamh chomh maith le McKee don chúigiú agus don séú suíochán ’Sí an cheist cé mar a éireodh le hiar-aire sláinte conspóideach an DUP, Jim Wells atá ag cosaint a shuíocháin. Bhí drochbhliain ag Wells. D’éirigh sé as a aireacht anuraidh mar gheall ar chonspóid i leith ráiteas uaidh faoi homaighnéasaigh. B’éigean dó fanacht achar fada sular dhearbhaigh an DUP go mbeadh sé ina iarrthóir an t-am seo.

’Siad Caitríona Ruane agus Chris Hazzard iar-theachtaí Shinn Féin. Tá Michael Gray-Sloan ag seasamh in éindí leo. Dhá chuóta a bhí acu in 2011, sna toghcháin áitiúla in 2014 agus arís anuraidh. Bhí dhá chuóta go leith ag an SDLP in 2011 agus in 2014 agus trí cinn anuraidh. Mar sin féin níl aon iarrthóir a toghadh in 2011 ag an SDLP; comhthoghadh Seán Rodgers agus is iarrthóirí nua iad Sinéad Bradley agus an comhairleoir Colin McGrath. Seans go bhféadfaidís ceann de na suíocháin aontachtacha a ghnóthú ach chuige sin theastódh an sciar céanna den vóta a fuair Margaret Ritchie anuraidh uathu. Tá iarrthóirí ag an gComhaontas Glas agus Alliance freisin.

Toghchán an Tionóil 2011

14927

Olltoghchán 2015

18077

An tIúr agus Ard Mhacha

Ceithre dhuine dhéag atá san iomaíocht. Tá triúr ó Shinn Féin ag cosaint trí shuíochán. Tá beirt ón SDLP ag iarraidh cur lena suíocháin agus an scéal amhlaidh ag an UUP. Tá iartheachta an DUP ag cosaint a shuíocháin. I measc an tseisir eile tá iarrthóirí ag Alliance, An Comhaontas Glas, UKIP, neamspleáigh agus iarrthóir i bhfabhar cannabais.

Toghcheantar é seo ina bhfuil cathair Ard Mhacha agus an tIúr. Síneann sé ó dheas ó Loch gCál go Crois Mhic Lionnáin agus soir go dtí béal an chuain ag an Iúr. Ceantar turasóireachta é agus an-bhéim ann ar thaisteal agus trádáil thrasteorann. Údar imní, dá réir, is ea ‘Brexit’ an reifreann faoi pháirtíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach.

81,756 atá ar chlár na dtoghthóirí. Ceantar mór náisiúnach é agus léiriú gléineach ar fáil ann ar an aistriú nirt ón SDLP go Sinn Féin. Toghadh Mickey Brady ó Shinn Féin ina fheisire anuraidh nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar a chomhghleacaí Conor Murphy a d’fhill ar Stormont tar éis deich mbliana mar fheisire. Fuair Murphy an ceann is fearr ar an SDLP in 2005 tar éis do Shéamus Mallon éirí as. Tá trí shuíochán Tionóil ag Sinn Féin a bhain suíochán den SDLP in 2003 – cor a d’fhág suíochán amháin ag an SDLP, ceann ag an UUP 1 agus ceann ag an DUP.

Toghchán an Tionóil 2011

3408

’Siad na hiartheachtaí Conor Murphy, Cathal Boylan agus an bhean a comhthoghadh anuraidh Megan Fearon iarrthóirí Shinn Féin. Má tá imní orthu is faoin titim ar an tinreamh é seachas faoi vótaí a ligean leis an SDLP. ‘Sé Justin McNulty an t-iarpheileadóir ó fhoireann Ard Mhacha a bhuaigh Corn Mhic Uidhir, agus Karen McKevitt, iartheachta Tionóil a bhog isteach ón Dún Theas na hiarrthóirí don SDLP a tháinig i gcomharbacht ar Dominic Ó Brolcháin a d’éirigh as. Bhí trí chuóta ag Sinn Féín anuraidh agus in 2011 agus cuóta go leith ag an SDLP. Níor mhór dóibh cúpla míle vótóir eile a mhealladh amach. Bhí dhá chuóta ag Danny Kennedy ón UUP anuraidh nuair a bhí tacaíocht an DUP aige agus bhí dhá chuóta aige féin agus William Irwin, teachta an DUP in 2011. B’fhéidir go scoiltfeadh Paul Berry aontachtach neamhspleách, iarbhall den DUP, an vóta ach meastar go n-aistreoidh a chuid vótaí ar ais chuig an DUP. Drochsheans go mbeidh aon athrú, mar sin.

Toghchán an Tionóil 2011

18995

Olltoghchán 2015

20488

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN TIONÓIL 2016: Ceithre thoghcheantar an Dúin (agus deisceart Ard Mhacha)'