Toghchán molta do Bhord an Údaráis i mbille Seanaid tráthnóna

Glacadh leis an mbille 22 vóta in aghaidh 18 agus rachaidh sé chun cinn anois chuig an chéad chéim eile

Toghchán molta do Bhord an Údaráis i mbille Seanaid tráthnóna

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin

Baineadh na putóga as Údarás na Gaeltachta, gníomh a thosaigh le linn réimeas Fhianna Fáil, agus níor chualathas gíog na míog ó Bhord Údarás na Gaeltachta, a dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin agus é ag labhairt sa Seanad tráthnóna.

Ghlac an Seanad leis an dara céim den bhille le 22 vóta in aghaidh 18 agus rachaidh sé chun cinn anois go dtí an chéad chéim eile sa Seanad an Mháirt seo chugainn.

An Seanadóir Ó Clochartaigh  a mhol an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2017, a chinnteodh go mbeadh toghcháin arís ann le baill Bhord an Údaráis a roghnú.

Dúirt sé gur ó ghluaiseacht na gcearta sibhialta agus brú ón bpobal a tháinig an tÚdarás ach go raibh ceisteanna faoin Údarás nach raibh á bplé go poiblí anois de bharr go raibh 75% den Bhord ceangailte le páirtithe an rialtais.

Agus é ag cur in aghaidh an bhille, dúirt an tAire Stáit Joe McHugh go raibh €1.9m d’airgead an cháiníocóra sábháilte ó 2012 de bharr deireadh a bheith curtha le toghcháin an Údaráis. Rinneadh cuid den tsábháil sin, €500,000, ar na toghcháin agus €180,000 in aghaidh na bliana ar an laghdú ar líon na gcomhaltaí ar an mbord.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh “go bhfeiceann an Rialtas an costas ach ní fheiceann siad an luach”.

I measc na n-ábhar nach raibh dóthain plé poiblí fúthu bhí díol an fhochomhlachta Arramara Teo le comhlacht as Ceanada agus fostú iarbhaill foirne de chuid an Údaráis sa chomhlacht sin.

Dúirt sé go raibh ceisteanna freisin ann faoin eagraíocht Muintearas agus faoi fhiosrúchán atá ar siúl ansin a bhfuiltear ag fanacht fós ar thuairisc faoi. Thagair sé freisin do chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht agus míshástacht faoi chúrsaí pleanála teanga.

Mheabhraigh an Seanadóir Ó Clochartaigh gur cheadaigh an tÚdarás €16m i ndeontais in 2006 ach nach raibh ach €2.4 ceadaithe i ndeontais in 2014.  Sa tréimhse chéanna thit scairchaipiteal infheistíochta an Údaráis ó €4.26m go dtí €445,000 agus thit líon na bhfostaithe san eagraíocht ó 113 go dtí 79.

Ar an mbunús sin ba cheart an daonlathas a thabhairt ar ais san Údarás, a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Dúirt an Seanadóir Niall Ó Donnghaile, ó Shinn Féin, gur daoine a chuirfidh brú ar an Údarás agus ar an rialtas ar son an phobail a theastóidh mar bhaill ar Bhord an Údaráis.

Dúirt an Seanadóir Maura Hopkins ó Fhine Gael gur laghdaíodh Bord an Údaráis ó 20 duine go 12 agus go raibh an Bord laghdaithe sin dóthanach don chúram a bhí le comhlíonadh. Ní bheadh Fine Gael ag tacú leis an mBille nua seo a dúirt sí.

Dúirt an Seanadóir Catherine Ardagh, Fianna Fáil, go mbeadh a páirtí siúd ag tacú leis an mBille, agus gur ionsaí ar an daonlathas a bhí i ndeireadh a chur le toghcháin don Údarás agus gur tugadh an iomarca smachta don Aire Gaeltachta.

Dúirt an Seanadóir Brian Ó Domhnaill “más sábháil airgid a bhí i gceist” le deireadh a chur le toghcháin an Údaráis go bhféadfaí iad a reáchtáil an lá céanna le toghcháin áitiúla, reifrinn, nó olltoghcháin agus nach mbeadh “aon chostas breise i gceist leis sin”.

Dúirt an Seanadóir Grace O’Sullivan, ón gComhaontas Glas, go dtacódh sise leis an mBille agus go raibh ceisteanna aici faoi dhíol Arramara le comhlacht as Ceanada ar shuim airgid a coinníodh ina rún.

Dúirt sí nár mhaith léi go bhfeicfí ballraíocht ar Bhord an Údaráis mar dhuais pholaitiúil do bhaill pháirtithe polaitíochta.

Dúirt Rose Conway Walsh, Seanadóir de chuid Shinn Féin, nach smaoineamh maith é a fhágáil faoi chomhairleoirí contae cé a bheadh mar ionadaithe do phobal na Gaeltachta. “Fág faoi mhuintir na Gaeltachta féin é,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Toghchán molta do Bhord an Údaráis i mbille Seanaid tráthnóna'