TOGHCHÁN AN TIONÓIL: ‘Athrú’ ó gach páirtí. Shílfeá nach raibh éinne acu i gcumhacht cheana…

Níl éinne ag maíomh as an obair a rinne an feidhmeannas agus is é ‘athrú”’ an focal faire ag gach dream ar na doirse agus sna forógraí

TOGHCHÁN AN TIONÓIL: ‘Athrú’ ó gach páirtí. Shílfeá nach raibh éinne acu i gcumhacht cheana…

Michelle O’Neill le Arlene Foster

Cor neamhghnách i scéal na polaitíochta sa Tuaisceart is ea an toghchán Tionóil atá buailte linn. Neamhghnách mar gur toghchán obann é ach tá sé aisteach agus neamhchoitianta ar bhealach eile chomh maith. Níl éinne ag maíomh as an obair a rinne an feidhmeannas agus ‘athrú”’ an focal faire atá ag gach dream ar na doirse agus sna forógraí. Cé nach bhfuil tairiscintí cuimsitheacha déanta i gceachtar acu, is iad forógraí an dá phríomhpháirtí is suntasaí.

‘Aguisín’ le forógra na bliana seo caite is ea an cháipéis 12 leathanach a d’fhoilsigh an DUP Dé Luain seo caite.

‘This document is an addendum to the manifesto for the 2016 Assembly Election for which we received a five year mandate. It reflects developments since last May and our stance in the negotiations that will follow the election.’

Ina dhiaidh sin, deirtear go bhfuil an DUP ag iarraidh a bheith i gcumhacht – fanacht inti – chun athrú a dhéanamh ar mhaithe le pobal Thuaisceart Éireann. Ba é seo an páirtí ba mhó sa bhFeidhmeannas le deich mbliana anuas. Nach iontach go deo gur anois atá athrú uathu? I measc a gcuid geallúintí, tá, go mbainfí leas as Breatimeacht agus go mbeadh an DUP níos láidre ná aon dream eile i mbun na hidirbheartaíochta atá ar na bacáin.

Ní léir d’éinne cén sórt athraithe a dhéanfaí de bharr na ngeallúintí sin. Chonacthas ‘athrú’ ag seoladh an fhorógra, gan dabht. Dhiúltaigh an páirtí glacadh le ceist ar bith ó na meáin faoin bhforógra. Dúirt Arlene Foster, an t-iarChéad-Aire, ceannaire an DUP, go raibh slaghdán uirthi ach níor dhúirt sí gurbh é sin an fáth nach bhfreagrófaí aon cheist. Bhí leascheannaire an pháirtí, Nigel Dodds, ann freisin mar aon le hionadaithe eile ach ceist ní fhreagróidís. Bhain cartúnaithe agus lucht scigmhagaidh ceol as an iompar neamhghnách seo. Mheas saoithe na sráide gur sciath chosanta ab ea an tost in aghaidh a thuilleadh cainte ainmheasartha faoi chrogaill nó rógairí nó fealltóirí.

Athrú atá ó Shinn Féin freisin, an dara páirtí ba mhó sa bhFeidhmeannas le deich mbliana  anaus. I mbrollach an fhorógra acu, bhí an teachtaireacht seo a leanas ag Michelle O’Neill ceannaire Shinn Féin sa tuaisceart.

“Tá deis agat seasamh linn ar son an athraithe. Tá siad ann atá ag iarraidh an seicteachas  a úsáid sa toghchán seo – chun seanchathanna a throid, agus le dul chun cinn a stopadh. Tá an ré sin thart. Is leatsa an ré atá anois linn.”

Fearacht an DUP, bhí forógra na bliana seo caite mar dhlúthchuid den cháipéis reatha ag Sinn Féin. Níor thagair ceachtar den dá pháirtí mhóra don rud ba shuntasaí faoina bhforógraí anuraidh –gur mar a chéile iad nach mór agus iad ag teacht leis an margadh a bhí déanta acu san Tús Nua tamall roimhe sin. Mar a dúirt O’Neill, is cosúil go bhfuil an ré sin thart.

Tá Sinn Féin ag cur cuma na maitheasa ar a dtréimhse mar íochtaráin ag an DUP, ag maíomh gur léiriú ab ea a dtréimhse dheireanach rialtais ar a dtiomantas do na hinstitiúidí, agus ar thiomantas Martin McGuinness dóibh go háirithe. Tá siad ag féachaint le milleán nó freagracht as a ról san Fheidhmeannas a chealú lena ngeallúint nach bhfillfidh siad ar an status quo i Stormont.

Maidir leis an iomaíocht idir Sinn Féin agus an SDLP, airítear gurb é an toghchán seo an deis is fearr ag an SDLP le fada chun stop a chur leis an meath agus an fód a sheasamh in éadan Shinn Féin. Mura n-éiríonn le Colum Eastwood agus a fhoireann buntáiste a bhaint as an mí-éifeacht fhollasach a bhain le réimeas SF/DUP, tá sé chomh maith a rá nach bhfuil téarnamh i ndán don SDLP.

Ní haon iontas é gur athrú atá á éileamh ag na páirtithe a bhí sa bhfreasúra. Is é ceannteideal fhorógra an SDLP –

‘Déan an t-athrú a fhíorú. Make Change Happen’.

Gné nua eile den athrú atá a thairiscint ag Eastwood is ea an comhoibriú idir an SDLP agus an UUP agus idir an SDLP agus an páirtí Alliance, cur chuige a cheapfá atá bunaithe ar uimhríocht. Níl an SDLP agus an UUP ar aon intinn faoi Acht Gaeilge ná faoi Bhreatimeacht. Ta béim an-mhór ag SDLP ar Acht Gaeilge agus ar stádas speisialta do Thuaisceart Éireann i leith an AE tar éis an Bhreatimeachta. Maíonn Mike Nesbitt, ceannaire an UUP, nár chruthaigh aon duine go fóill dó go bhfuil Acht Gaeilge riachtanach agus tá sé meáite de, mar aontachtach, go gcaithfear glacadh leis an mBreatimeacht. Deir Eastwood agus Nesbitt araon go dtig leo a bheith sibhialta faoi easaontas. Ach is léir nach ribín réidh a bheadh ann.

Cháin cuid d’iarrthóirí an UUP a gceannaire nuair a dúirt sé go n-aistreodh sé a vóta féin chuig an SDLP agus uimhir a dó nó a trí a thabhairt dóibh. Athrú ab ea é sin, gan dabht, ó cheannaire a rinne margadh réamhthoghcháin cheana leis an DUP.

Ba é a phort i bhforógra nua a pháirtí:

‘Some parties will ask you to vote on 2nd March on those old ‘Orange and Green’ lines. I ask you to concentrate on whether we want to have proper democracy in Northern Ireland, because if you do, this is about what voters do at elections – they either reward the government for a job well done, or give the opposition their turn to try to do better.

If ever there was an election that cried out for a vote for change, this is it! UUP!’

Beidh le feiceáil cé mhéad aontachtach nó náisiúnach a aistreoidh go dtí “ an taobh eile” nó an leanfaidh na vótóirí na seanphatrúin.

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN AN TIONÓIL: ‘Athrú’ ó gach páirtí. Shílfeá nach raibh éinne acu i gcumhacht cheana…'