TOGHCHÁN 2016: ‘Vóta amú a bhí i mo chéad vóta in Éirinn, ach níor lúide an gliondar a bhí orm’

Agus olltoghchán ar na bacáin, breathnaíonn ár gcolúnaí ar chearta vótála na n-inimirceach agus na n-eisimirceach in Éirinn agus thar lear

Toghchán StrapVoting_in_UKNach mise a bhí ar bís nuair a chaith mé vóta, thiar sa bhliain 1999, do Luke ‘Ming’ Flanagan (nó ‘Ming the Merciless’, mar a thugadh sé air féin fós sna laethanta sin.) Toghchán Eorpach a bhí ann agus bhí Flanagan ag seasamh i dtoghcheantar Connacht-Ulaidh. Cúig mhíle vóta a fuair sé, 1.6 faoin gcéad den iomlán. Vóta amú a bhí i mo vótasa, mar sin, ach níor lúide an gliondar a bhí orm. Bhí mise, inimirceach, tar éis vóta a chaitheamh den chéad uair sa tír ina raibh cónaí orm agus ina raibh cáin á híoc agam.

I bPoblacht na hÉireann, tá cead ag inimircigh, cuma cá as iad, vóta a chaitheamh sna toghcháin áitiúla. Tá cead ag inimircigh as tíortha eile san Aontas Eorpach vóta a chaitheamh i dtoghcháin Eorpacha freisin. Tá cead ag saoránaigh de chuid na Breataine vóta a chaitheamh i dtoghchán Dála leis, ach níl an cead sin ag aon inimircigh eile in Éirinn, agus is ag muintir na hÉireann amháin atá cead vóta a chaitheamh i dtoghcháin uachtaránachta agus i reifrinn.

I dTuaisceart Éireann, tá cead ag muintir na hÉireann agus ag inimircigh a rugadh i dtíortha Chomhlathas na Breataine vóta a chaitheamh i ngach toghchán. Tá cead ag inimircigh as tíortha eile an Aontais Eorpaigh vóta a chaitheamh sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, mar atá acu taobh ó dheas den teorainn freisin, ach tá cead acu vóta a chaitheamh sna toghcháin do Chomhthionóil an Tuaiscirt lena chois. Ach is bocht an scéal sna Sé Chondae d’inimircigh nach as an Aontas Eorpach ó dhúchas dóibh: níl vóta ar bith acu sin, fiú amháin i dtoghcháin áitiúla.

Ach tá Éire, taobh ó dheas agus taobh ó thuaidh den teorainn, réasúnta flaithiúil ó thaobh cearta vótála d’inimirceach de. San Ísiltír (mo thír dhúchais), is i dtoghcháin áitiúla amháin (agus ní sna cinn Eorpacha) a bhíonn vóta ag inimircigh. Sa Bhrasaíl (mar a bhfuil cónaí orm anois) níl vóta ar bith ag inimircigh, agus sin deireadh leis an scéal.

Nach ait an scéal é go bhfuil Poblacht na hÉireann ar cheann de na tíortha is flaithiúla dá bhfuil ann nuair a bhíonn vóta an inimircigh i gceist, nuair a shéanann sí cearta vótála ar a sliocht féin atá thar lear. 

Tuigim gur cás ar leith é cás na hÉireann agus cónaí ar chéatadán ard de mhuintir na hÉireann thar sáile, ach bíonn trua agam i gcónaí d’eisimircigh Éireannacha nuair a chaithim féin, Ísiltíreach a bhfuil cónaí air ar an gcoigrích, vóta in olltoghchán de chuid na hÍsiltíre. Tá go leor páipéarachais ag baint leis sin agus theip orm uair nó dhó clárú in am mar gheall ar an moill a bhí ar an bpost, ach na huaireanta gur éirigh liom, bhí mé sásta go raibh ionadaíocht á déanamh orm i rialtas náisiúnta éigin – fiú más rud é nach raibh cónaí orm sa tír a bhí i gceist.

Aisteach go leor is í an Bhrasaíl, a shéanann cearta vótála ar inimircigh scun scan, is ‘flaithiúla’ maidir le cearta vótála a sleachta féin a bhfuil cónaí orthu thar lear. Ní ceart vótála a bhíonn ag muintir na Brasaíle, ach dualgas vótála. Is é an scéal céanna é do Bhrasaíligh a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den tír, agus is mairg don té nach gcaitheann vóta.

Céard é an cur chuige ceart? Creidim féin gur cheart go gcaithfeadh duine, cuma cá rugadh é, a chuid vótaí ar fad sa tír ina bhfuil cónaí air: ionadaíocht sa tír ina n-íocann duine cáin. 

Ar an gcaoi sin, chaithfeadh inimircigh in Éirinn vóta, ní amháin sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, ach sna holltoghcháin, sna toghcháin uachtaránachta agus sna reifrinn chomh maith. Chaithfeadh Éireannaigh a bhfuil cónaí orthu thar lear vóta ní in Éirinn, ach sa tír ina bhfuil cónaí orthu. Agus bheadh dualgas orm féin vótáil sa Bhrasaíl, ós rud é go bhfuilim i mo chónaí sa tír sin. Ach go dtí go gcuirfear córas simplí, bunaithe ar an bprionsabal ‘ionadaíocht sa tír ina n-íocann duine cáin’ i bhfeidhm, tá mé buíoch go dtugann mo thír dhúchais cead vótála dom fiú gan chónaí orm ann.