Toghchán 2016 – tuairisc agus tuar do na Dáilcheantair – Deisceart Chúige Laighean

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Cill Mhantain


Líon Suíochán: 5

Athruithe sa dáilcheantar ó 2011: Cuid bheag de Cheatharlach chomh maith le Cill Mhantáin.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Stephen Donnelly (DS), Andrew Doyle (FG), Billy Timmins (RN), Simon Harris (FG) agus Anne Ferris (LO).

Iarrthóir le Gaeilge: Ní heol dom go bhfuil aon iarrthóir le Gaeilge ag seasamh sa dáilcheantar seo.

Anailís: I 2011 bhí 24 iarrthóir sa dáilcheantar seo agus thóg sé i bhfad an comhaireamh a dhéanamh. Gan aon iarrthóir tofa faoin 13ú comhaireamh, cuireadh moill mhór ar chúrsaí nuair a d’iarr Dick Roche (FF) athchomhaireamh iomlán. Sa deireadh níor éirigh le Fianna Fáil suíochán ar bith a fháil, cé go raibh 7,400 vóta ag an bpáirtí idir an bheirt iarrthóirí a bhí acu. Fuair Fine Gael trí shuíochán le 40% den vóta. Tá duine de na iarrthóirí a toghadh d’Fhine Gael, Billy Timmins imithe le Renua agus tá Stephen Donnelly leis na Daonlathaigh Shóisialacha.

Níor toghadh John Brady (SF) i 2011 cé go raibh os cionn 7,000 vóta aige agus cé gur toghadh Stephen Donnelly (DS) le 6,517 vóta agus Anne Ferris (LO) le 5,451 vóta. Níor tháinig mórán aistriúchán i dtreo Brady. Sa deireadh thóg Donnelly an cúigiú suíochán gan ach 100 vóta le spáráil aige ar Brady. Tá cruthaithe go maith ag Donnelly (DS) sa Dáil agus aird sna meáin air. Coinneoidh sé a shuíochán.

Is idir Anne Ferris (LO) agus Johnny Brady (SF) a bheas an choimhlint an babhta seo don chúigiú suíochán. Is as ceantar Bhré don bheirt acu. Fuair Sinn Féin 17% den vóta sna toghcháin áitiúla i gCill Mhantáin i 2014. Fuair an Lucht Oibre 3% agus níor éirigh leo oiread is duine amháin a fháil tofa ar an gComhairle Chontae. Ar an gcaoi sin, chaithfí a rá go bhfuil an-seans ag John Brady (SF) an suíochán a thógáil an babhta seo.

Simon HarrisTD. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie
Simon Harris TD. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Ba cheart go mbeadh suíochán amháin ag Fianna Fáil, cé go bhféadfadh gur botún a bhí ann beirt iarrthóir a roghnú, Jennifer Cuffe (FF) agus Pat Casey (FF). Fuair iarrthóirí Fhianna Fáil 20% den vóta sna toghcháin áitiúla i gCill Mhantáin. Ba leor é sin le suíochán a thógáil i ndáilcheantar ina bhfuil cúig shuíochán. Ach le beirt iarrthóirí ag seasamh, d’fhéadfadh sé tarlú nach mbeidh aistriúchán sách láidir idir Jennifer Cuffe (FF) agus Pat Casey (FF). 

Toghadh Billy Timmins (RN) nuair a sheas sé d’Fhine Gael in 2011 agus 9,170 vóta aige. Tá sé anois le Renua agus seans maith aige a shuíochán a choinneáil, ach má choinníonn ní bheidh ach suíochán amháin ag Fine Gael. Tá Simon Harris (FG) á lua le haireacht sa chéad rialtas eile. Seans maith gurb é is túisce a thoghfar.

Beidh géarchoimhlint ann idir na Teachtaí Dála Andrew Doyle (FG) agus Billie Timmins (RN). D’fhéadfadh aistriúchán vótaí cinniúnach a theacht ó Ferris (LO) chuig Doyle (FG) agus an suíochán a choinneáil i seilbh pháirtithe an rialtais.

Níor cheart Joe Behan (Nspl) a chur as an áireamh. Fuair Behan 4,205 vóta i 2011 agus bhí 1,776 vóta aige i gceantar Bhré sna toghcháin áitiúla i 2011. Beidh sé san iomaíocht ag an deireadh. Is de shliocht Fhianna Fáil é agus seans go dtabharfaidh a chuid aistriúchán Pat Casey (FF) thar an líne.

Tuar: Donnelly (DS), Harris (FG), Doyle (FG), Brady (SF) agus Casey (FF).


Loch Garman

Líon Suíochán: 5

Athruithe sa dáilcheantar ó 2011: Contae Loch Garman ar fad atá sa dáilcheantar, gan aon athrú ó 2011.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Mick Wallace (Nspl), Brendan Howlin (LO) agus Paul Kehoe (FG)

Iarrthóirí le Gaeilge: Malcolm Byrne (FF).

Anailís: Tá suíocháin an triúr Teachtaí Dála atá ag seasamh sa dáilcheantar seo réasúnta slán. ‘Sé Brendan Howlin (LO) an duine is mó a bheadh i mbaol. Cé nach bhfuair Páirtí an Lucht Oibre ach 8% den vóta i Loch Garman sna toghcháin áitiúla i 2014 tá suíochán Brendan Howlin (LO) réasúnta slán toisc go bhfuil próifíl ard aige go náisiúnta agus é chun tosaigh sna meáin ag maíomh as an mbealach a d’éirigh leis an gcomhrialtas geilleagar na tíre a thabhairt slán gan olc a chur ar dhaoine.

Níl an Teachta John Browne (FF) ag seasamh an babhta seo. Ina áit beidh a mhac, an Comhairleoir James Browne (FF) ag iarraidh an suíochán sin a choinneáil sa chlann. Caithfidh sé fanacht chun tosaigh ar Malcolm Byrne (FF) a fuair 1,688 vóta sna toghcháin áitiúla i nGuaire. Bhí James Browne (FF) ar bharr an liosta ina cheantar féin, Inis Chórthaidh, le 1,969 vóta sna toghcháin áitiúla. Is as an gceantar céanna, Johnny Mythen (SF) a bhí sa dara háit agus 1,812 vóta aige in 2014.

Brendan Howlin TD. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Brendan Howlin TD. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Beidh suíochán amháin cinnte ag Fine Gael. Tá an Teachta Dála Paul Kehoe (FG) réasúnta slán, is dóigh liom. Beidh an dara hiarrthóir de chuid Fine Gael, an Seanadóir Michael D’Arcy (FG) san iomaíocht don chúigiú suíochán le Johnny Mythen (SF) agus Malcolm Byrne (FF). Beidh ar Brendan Howlin vóta maith a fháil sa chéad chomhaireamh, mar ní mórán aistriúchán a thiocfaidh chuige má thoghtar beirt iarrthóirí  Fhine Gael, Kehoe (FG) agus D’Arcy (FG).

Cé go dtiocfaidh laghdú ar an 13,329 vóta a fuair Mick Wallace (Nspl) i 2011, ba cheart go gcoinneoidh sé a shuíochán. Is cosúil nach reáchtálann sé aon chlinicí sa dáilcheantar agus cé go gcaillfidh sé vótaí dá bharr sin tiocfaidh sé slán.

Fuair Mythen (SF) vóta maith sna toghcháin áitiúla agus 1,812 vóta aige. Ach sa chontae ar fad ní raibh ach 12% den vóta ag Sinn Féin i gcomparáid le 27% ag Fianna Fáil agus 25% ag Fine Gael. Ar an gcaoi sin, ní dóigh liom go dtoghfar Mythen, cé go mbeidh sé san iomaíocht go dtí an deireadh. Tabharfaidh a chuid aistriúchán roinnt vótaí breise do James Browne (FF) agus do Kehoe (FG) ar as ceantar Inis Córthaidh iad chomh maith.

Tuar: Wallace (Nspl), D’Arcy (FG), Kehoe (FG), Howlin (LO) agus Browne (FF).

Ceatharlach-Cill Chainnigh

Líon Suíochán: 5

Athruithe sa dáilcheantar ó 2011: Níl aon athrú déanta ar an dáilcheantar ó 2011

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Bobby Aylward (FF), Pat Deering (FG), John McGuinness (FF), Anne Phelan (LO) agus John Paul Phelan (FG)

Anailís: Coinneoidh Fine Gael dhá shuíochán anseo. Ba é John Paul Phelan (FG) ó Chill Chainnigh ba thúisce a toghadh san ollthoghchán i 2011 agus beidh an scéal amhlaidh i 2016. Níl mórán iomaíochta ann do Pat Deering (FG) i gcontae Cheatharlach agus ba cheart go gcoinneodh sé an suíochán atá aige. Sheas David Fitzgerald (FG) d’Fhine Gael sa bhfothoghchán a bhí ann i 2014 nuair a chuaigh Phil Hogan (FG) chun na hEorpa. Tá Fitzgerald ag seasamh arís sa toghchán seo ach ní bhainfidh sé an suíochán atá ag Fine Gael i gCill Chainnigh de John Paul Phelan (FG).

Beidh sé deacair ar Fhianna Fáil an dá shuíochán atá acu a choinneáil. Toghadh Bobby Alyward (FF) sa bhfothoghchán i 2015 le 28% den vóta. Dá bhféadfadh Fianna Fáil an vóta sin a choinneáil agus é a roinnt go cothrom idir na iarrthóirí bheadh seans an-mhaith ann go dtoghfaí an bheirt, McGuinness (FF) agus Alyward (FF). Ní cabhair don pháirtí go bhfuil triúr iarrthóirí ag seasamh.

Tá Anne Phelan (LO) i mbaol a suíochán a chailleadh agus seans gur Kathleen Funchion (SF) a fuair 16% den vóta, sa bhfothoghchán i 2015, a sciobfaidh uaithi é. Ba cheart go mbaileodh Funchion (SF) cuid mhaith aistriúchán ó Conor Mac Liam (AAA/PBPA) agus Adrienne Wallace (AAA/PBPA), nuair a chuirfear as an áireamh iad.

Bobby Aylward TD. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie
Bobby Aylward TD. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Ó thaobh na tíreolaíochta de, ní bheidh mórán de dhúshlán i gCeatharlach ag Pat Deering (FG). Jennifer Murnane O’Connor (FF) an t-aon iarrthóir láidir ó Cheatharlach atá ag seasamh. Rinne sí thar cionn sna toghcháin áitiúla i 2014 agus 1,530 vóta aici i gceantar Cheatharlach.

Ag seasamh do Renua, tá Patrick Mc Kee (RN), fear óg a toghadh ar Chomhairle Chontae Chill Chainnigh d’Fhianna Fáil i 2014 agus 984 vóta aige. Fuair sé 9.5% den vóta sa bhfothoghchán i 2015 agus é ag seasamh mar iarrthóir do Renua. Níl an tacaíocht chéanna ón bpobal ag Renua lena raibh siad ag súil, áfach. Seans go mbeadh McKee (RN) níos fearr as dá mbeadh sé ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách.

Bhíodh suíochán ag Mary White ó na Glasaigh sa dáilcheantar seo agus tá tacaíocht i gcónaí ag an bpáirtí i gCill Chainnigh. Toghadh an té atá ag seasamh dóibh sa toghchán seo, Malcolm Noonan (CG), sna toghcháin áitiúla agus 987 vóta a fuair sé; 5% den vóta a fuair Noonan sa bhfothoghchán i 2015 agus cé nach mbeidh sé san iomaíocht ag an deireadh d’fhéadfadh a chuid aistriúchán cúnamh a thabhairt d’iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, Ann Phelan, má bhíonn sí fós san iomaíocht.

Tuar: Alyward (FF), McGuinness (FF), Phelan (FG), Deering (FG) agus Funchion (SF).


Tuar ar na suíochán ar fad i gCúige Laighean

Screen Shot 2016-02-03 at 18.47.22

  • Nóta: Líon na suíochán sa toghchán 2011 i lúibíní

Na suíocháin eile:

Comhghuaillíocht na Neamhspléach: 2

Na Daonlathaigh Shóisialacha: 2

Neamhspléaigh ar an eite chlé: 1

Iomlán: 5

Fág freagra ar 'Toghchán 2016 – tuairisc agus tuar do na Dáilcheantair – Deisceart Chúige Laighean'