Toghchán 2016 – tuairisc agus tuar do na Dáilcheantair – Co Chorcaí

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Corcaigh Theas Lar

Líon na suíochán: 4

Athruithe sa dáilcheantar ó 2011: Tá laghdú tagtha ar líon na vótálaithe sa dáilcheantar seo ó 2011 agus thart ar 17,000 vóta i mBaile an Easpaig agus Glaisín aistrithe isteach i gCorcaigh Lár-Thuaidh.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Simon Coveney (FG), Jerry Buttimer (FG), Micheál Martin (FF), Micheal McGrath (FF) agus Ciarán Lynch (LO).

Iarrthóirí le Gaeilge: Micheál Martin (FF), Donnchadh Ó Laoghaire (SF), Lorna Bogue (CG).

Anailís: Is é seo ceann de na toghcheantair is spéisiúla sa tír le cúigear Teachtaí Dála ag seasamh ann agus gan ach ceithre shuíochán le líonadh. Tá próifíl ard ag gach duine de na iarrthóirí.   

Ciarán Lynch (LO) is mó atá i mbaol.  Rinne Páirtí an Lucht Oibre go dona ar fad i gCathair Chorcaí sna toghcháin áitiúla in 2014. Níl oiread is duine amháin ón Lucht Oibre ar an gComhairle Cathrach. Sa chuid seo den chathair ní bhfuair siad ach faoi bhun 5% den vóta agus tá an chuma ar an scéal go gcaillfidh Ciarán Lynch (LO) a shuíochán. Seans láidir go dtógfaidh Donnchadh Ó Laoghaire an suíochán sin ach beidh air fanacht chun cinn ar Michael McGrath (FF), a bhfuil tacaíocht láidir aige sa cheantar tuaithe céanna taobh thoir den chathair.  Fuair Séamas McGrath, dearthár le Michael 4,700 vóta sna toghcháin áitiúla i gceantar Charraig Leighin/Baile an Chollaigh in 2014 i gcomparáid leis na 2,567 vóta a fuair Donnchadh Ó Laoghaire (SF) sa cheantar céanna.

Seo é an t-aon dáilcheantar inar éirigh le Fianna Fáil dhá shuíochán a bhuachan in 2011 (Micheál Martin agus Michael McGrath).  An babhta seo, beidh sé níos deacra dhá shuíochán as ceithre cinn a fháil. Ach má bhíonn ardú beag ar líon vótaí Fhianna Fáil agus má éiríonn leo vótaí a roinnt go réasúnta cothrom idir Martin agus McGrath, d’fhéadfadh Fianna Fáil an dá shuíochán a choinneáil.

Bhíodh suíochán anseo ag na Glasaigh ach chaill Dan Boyle an suíochán sin in 2007 agus rinne sé go dona in 2011 nuair nach bhfuair sé ach 1,640 vóta. Níl Boyle ag seasamh an babhta seo agus ina áit tá iarrthóir óg, Lorna Bogue.

Maidir le Fine Gael níl aon bhaol ar shuíochán Simon Coveney (FG) ach tá Jerry Buttimer (FG) i mbaol. Tar éis do Coveney (FG) agus Martin (FF) a bheith tofa, is idir Donnchadh Ó Laoghaire (SF), Michael McGrath (FF) agus Jerry Buttimer (FG) a bheidh an dá shuíochán eile.

Má chuirtear Ciarán Lynch as an gcomhaireamh tiocfaidh sciar maith dá chuid aistrithe chuig Buttimer (FG).  Ach ní dóigh liom go mbeidh a dhóthain ann lena chur chun cinn ar an mbeirt eile agus is é Jerry Buttimer (FG) a chaillfeas sa choimhlint.   

Tuar: Martin (FF), Coveney (FG), McGrath (FF), agus Ó Laoghaire (SF).


Corcaigh Thuaidh Lar

Líon na suíochán: 4

Athruithe sa dáilcheantar ó 2011: Tá an-chuid d’iarthar an dáilcheantair aistrithe isteach i gCorcaigh Thiar Thuaidh ó 2011 ach tá an líon suíochán mar a bhí.  beagnach a leath de na vótaí sa dáilcheantar seo taobh amuigh den chathair.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Dara Murphy (FG), Billy Kelliher (FF), Jonathan O’ Brien (SF) agus Kathleen Lynch (LO).

Iarrthóirí le Gaeilge: Ní heol dom go bhfuil aon iarrthóir ag na páirtithe a bhfuil Gaeilge aige

Anailís: Tá Billy Kelliher (FF) agus Jonathan O’ Brien (SF) réasúnta cinnte de shuíochán sa Dáilcheantar seo ach tá Kathleen Lynch (LO) agus Dara Murphy (FG) i mbaol agus ní thógfaidh ach duine amháin acu suíochán. Sna toghcháin áitiúla bualadh greadadh ar Pháirtí an Lucht Oibre i gCathair Chorcaí, gan oiread is duine amháin tofa ar an gComhairle Cathrach. Dá réir sin ceapaim go dtoghfar Dara Murphy (FG) le haistrithe ó Kathleen Lynch (LO) agus creidim gur ag an gComhairleoir Mick Barry (AAA-PBP) a bheidh suíochán an Lucht Oibre.

Fuair an Comhairleoir Mick Barry (AAA) 4,803 vóta in 2011 agus bhí 1,462 vóta aige sna toghcháin áitiúla ina cheantar féin.  Beidh Sinn Féin san iomaíocht don tarna suíochán anseo. Is iarrthóir láidir é an Comhairleoir Thomas Gould (SF) a fuair 1,828 vóta sna toghcháin áitiúla sa gceantar céanna le Mick Barry. Dá bhféadfadh Sinn Féin an vóta a roinnt idir an bheirt iarrthóirí bheadh seans acu dhá shuíochán a thabhairt leo sa Dáilcheantar seo. Creidim gur ag Mick Barry (AAA-PBP) a bheas an suíochán. Gheobhaidh sé aistriú maith ó Ted Tynan (WP) agus níl le déanamh aige ach fanacht chun cinn ar Kathleen Lynch (LO) agus Thomas Gould (SF) 

Coinneoidh Dara Murphy (FG) a shuíochán. Níl le déanamh aige ach fanacht chun cinn ar an tarna iarrthóir atá ag Fine Gael, Julie O’ Leary (FG) agus le haistriú maith uaithi sin agus ón Lucht Oibre ba cheart go dtoghfaí é. 

Faisnéis: Kelliher (FF), O Brien (SF), Murphy (FG), agus Barry (AAA-PBP).


Corcaigh Thiar Theas

Líon na suíochán: 3

Athruithe sa dáilcheantar ó 2011: Níor tháinig aon athrú ar an Dáilcheantair seo ó 2011.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Jim Daly (FG), Noel Harrington (FG), Michael McCarthy (LO).

Iarrthóirí le Gaeilge: Jim Daly (FG)

Anailís: Fuair Fianna Fáil 23.6% den vóta, idir an dá iarrthóir a bhí acu in 2011, ach ní bhfuair an páirtí aon suíochán. Sa deireadh bhí Michael McCarthy (LO) 600 vóta chun cinn ar Denis O’Donavan (FF), de bharr go bhfuair sé aistriú maith vótaí nuair a cuireadh Kevin Murphy (FG) as an áireamh. 

Ní bheidh ach iarrthóir amháin ag Fianna Fáil an babhta seo, an Comhairleoir Margaret Murphy-O’Mahoney as an gceantar thart ar Chionn tSáile. Toghadh Murphy-O’Mahoney ar Chomhairle Contae Chorcaí anuraidh le 2,057 vóta, ach beidh iomaíocht ghéar idir í féin agus an Comhairleoir Alan Coleman, as an gceantar céanna, atá ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách. Níor roghnaíodh Coleman ag coinbhinsiún Fhianna Fáil. As an gceantar céanna atá an t-iarrthóir atá roghnaithe ag Sinn Féin chomh maith, Rachel McCarthy (SF). Bhí McCarthy ar bharr an liosta i gceantar Bhandan-Cionn tSáile sna toghcháin áitiúla anuraidh.

Tá méadú ag teacht ar thacaíocht Shinn Féin sa dáilcheantar seo ach ní dóigh liom gur leor é le suíochán a fháil i ndáilcheantar trí shuíochán. Ba cheart go mbeadh 4,000 vóta ag Rachel McCarthy (SF) sa gcéad chomhaireamh. In 2011 chuaigh sciar mór den vóta a bhí ag Sinn Féin chuig Michael McCarthy (LO) ach ní amhlaidh a bheidh an babhta seo. Fanann cuid mhaith vótaí sa cheantar rud a thabharfaidh buntáiste do Margaret Murphy-O’ Mahoney (FF). 

Iarrthóir láidir is ea an Comhairleoir Michael Collins (Nspl.) a fuair 3,409 vóta sna toghcháin áitiúla in 2014 agus d’fhéadfadh sé brú a chur ar Noel Harrington (FG) I mBeanntraí. Má fhanann sé sa rása sách fada d’fhéadfadh sé aistriú láidir a fháil ó iarrthóirí neamhspleácha eile agus ó Shinn Féin agus suíochán Harrington (FG) a bhaint.

Beidh ar Murphy-O Mahoney (FF) fanacht chun cinn ar Coleman (Nspl), agus aistriú maith a fháil uaidh, má tá sí le suíochán a fháil.  Má bhíonn inneall toghchánaíochta Fhianna Fáil ag obair ar son Murphy-O’ Mahoney (FF) ba cheart gur leor sin len í a choinneáil chun cinn ar Coleman (Nspl).

Toghadh Michael McCarthy (LO), arb as Beanntraí dó, in 2011, a bhuíochas leis an aistriú a fuair sé ó Kevin Murphy (FG), an tríú hiarrthóir de chuid Fhine Gael. An uair seo beidh Fine Gael ag brath ar aistriú láidir ó McCarthy leis an dá shuíochán a choinneáil. Más é Harrington, arb as Béarra dó, atá ag fanacht ar na vótaí sin, tá an baol ann nach rachaidh siad chomh fada lena cheantar féin má tá iarrthóirí as ceantar McCarthy (LO) fós san iomaíocht.   

Tuar: Murphy-O’Mahoney (FF), Daly (FG), Collins (Nspl).


Corcaigh Thiar Thuaidh
(dáilcheantar Gaeltachta)

Líon na suíochán: 3

Athruithe sa dáilcheantar ó 2011: Ó 2011 tá cuid de Chorcaigh Lár Thuaidh curtha leis an dáilcheantar seo. Is sa dáilcheantar seo atá Gaeltacht Mhúscraí.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Michael Creed (FG), Micheal Moynihan (FF), Áine Collins (FG).

Iarrthóirí le Gaeilge: Aindrias Moynihan (FF). 

Anailís: Tá Fianna Fáil réasúnta cinnte go mbeidh suíochán amháin ag an bpáirtí ach tá comhartha ceiste faoi cé acu duine de mhuintir Uí Mhuineachaín a bheas ann, Michael nó Aindrias.

Tá Fine Gael ag súil le dhá shuíochán a choinneáil ach tá neamhspleách ag seasamh a bhfuil tacaíocht láidir aige in oirthear an dáilcheantair, John Paul O’ Shea a fuair 4,374 vóta sna toghcháin áitiúla. Tá roinnt eile iarrthóirí neamhspleácha ag seasamh, ina measc Diarmuid O’ Flynn ón ngrúpa agóidíochta ‘Ballyhea Says No’. Fuair O’ Flynn 30,000 vóta i dtoghcháin na hEorpa in 2014.

Is as Cúil Aodha d’Aindrias Ó Muineacháin (FF), fear a fuair 3,816 vóta i gceantar na Blarnan/Mhaigh Chromtha sna toghcháin áitiúla. Tá an ceantar i nGleann an tSuláin fágtha aige féin agus seans maith aige níos mó vótaí a fháil ná mar a bheas ag a chomhiarrthóir ó Fhianna Fáil, Michael Moynihan, arb as ceantar Cheann Toirc é, gar go maith don áit arb as Áine Collins (FG).

Mhéadaigh tacaíocht Shinn Féin sa dáilcheantar seo sna toghcháin áitiúla ach níor leor 12% den vóta le suíochán a bhuachan i ndáilcheantar trí shuíochán. Mar sin féin, beidh 4,000+ vóta ag Nigel Dennehy (SF) le roinnt nuair a chuirfear amach é agus d’fhéadfadh gurb iad na vótaí sin a shocródh an suíochán deireanach. Is mó seans go dtiocfaidh na haistrithe sin chuig an iarrthóir neamhspleách, Diarmuid O’ Flynn ná éinne eile de na iarrthóirí a bheas fanta sa rása.

Go dtí seo, níl aon iarrthóir ó Pháirtí an Lucht Oibre sa dáilcheantar seo. Ghnóthaigh Martin Coughlan (LO) as Maigh Chromtha 6,421 vóta i 2011 ach chaill sé a shuíochán ar an gComhairle Contae sna toghcháin áitiúla. Gheobhaidh Aindrias Ó Maoineachán, sciar de na vótaí a bhíodh ag Martin Coughlan (LO) thart ar Mhaigh Chromtha.

Ní bhfuair Fine Gael ach 28% den vóta sna toghcháin áitiúla agus theastódh 35% chun dhá shuíochán a fháil i ndáilcheantar trí shuíochán. Áine Collins (FG) is laige den bheirt Teachtaí Dála atá ag Fine Gael. Ceapaim go gcaillfidh sí an suíochán agus go rachaidh se chuig iarrthóir neamhspleách,  O’ Shea nó O’ Flynn. Ba cheart go bhfaigheadh O’ Flynn aistriú maith ó Shinn Féin rud a chuirfeadh chun cinn ar O’ Shea é agus a choinneodh san iomaíocht é. Is é a bhainfidh an tríú suíochán d’Áine Collins (FG)

Tuar: Ó Muineachán (FF), Michael Creed(FG), O’ Flynn (Nspl).


Corcaigh Thoir

Líon na suíochán: 4

Athruithe sa dáilcheantar ó 2011: Níor tháinig aon athrú ar an Dáilcheantar ó 2011. 

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Tom Barry (FG), David Stanton (FG), Seán Sherlock (LO).

Iarrthóirí le Gaeilge: Ní heol dom go bhfuil aon iarrthóir le Gaeilge ag seasamh.

Anailís: Beidh Fianna Fáil ag súil le suíochán amháin anseo, áit a mbíodh dhá shuíochán acu go dtí 2011.  Tá beirt ag seasamh dóibh Kevin O’ Keefe (FF) as ceantar Mhainistir Fhear Maí agus Barbara Ahern (FF). Fuair O’ Keefe (FF) 2,923 vóta sna toghcháin áitiúla in 2014 agus is aige is mó atá an seans suíochán a fháil.

Fuair Fine Gael dhá shuíochán in 2011. Ba cheart go mbeidís in ann iad a choinneáil, cé gur fadhb dóibh é go bhfuil triúr iarrthóirí acu.  Beidh an Seanadóir Paul Bradford (Renua) ag tarraingt ar chuid de vótaí Fhine Gael chomh maith agus feictear dom gur botún atá déanta ag an bpáirtí an tríú hiarrthóir, an comhairleoir Noel McCarthy (FG) a bhíodh leis an Lucht Oibre go dtí le gairid, a chur sa rása.

Beidh sé deacair ar Shinn Féin an suíochán atá ag Sandra McLellan a choinneáil. Níl McLellan (SF) ag seasamh arís agus tá Sinn Féin sa dáilcheantar faoi scáth ag conspóid.  Chaitheadh beirt amach as an bpáirtí de bharr an easaontais. Tá duine acu, Kieran McCarthy (Nspl.) as Cóbh, ag seasamh mar neamhspleách agus más féidir leis fanacht sa rása beidh seans aige suíochán Shinn Féin a thógáil. Bhí sé ar bharr an liosta sna toghcháin áitiúla in 2014 nuair a fuair sé 2,471 vóta.  Tá an comhairleoir Pat Buckley (SF) roghnaithe ag an bpáirtí féin. Fuair sé vóta maith –1,767 vóta – sna toghcháin áitiúla anuraidh sa cheantar thart ar Eochaill.    

Ba cheart go n-éireodh le Seán Sherlock (LO) a shuíochán a choinneáil. Bhí 15% den vóta ag an Lucht Oibre anuraidh sna toghcháin áitiúla agus más féidir le Sherlock an céatadán sin a bhaint amach beidh an suíochán deireanach aige le cúnamh aistrithe ó iarrthóirí Fhine Gael. Is duine é a d’fhéadfadh a bheith ina Aire sa chéad rialtas eile.

Ní dóigh liom go dtoghfar Pat Buckley (SF). Gheobhaidh Kieran MacCarthy (Nspl.) dóthain aistrithe chun é choinneáil sa rása go dtí an deireadh. Cabhróidh an t-iarrthóir eile ó Chóbh, Ciara Leonardi Roche (AAA/PBP) leis chomh maith. Is as an gceantar céanna Claire Cullinane (Nspl) agus beidh 1,000+ vóta aici le haistriú.

Tá an Seanadóir Paul Bradford (Renua), fear céile Lucinda Creighton, ag seasamh sa dáilcheantar seo, cé go bhfuil cónaí air taobh amuigh de. Níl mórán seans aige, cé go mbeidh 4,000+ vóta aige. Gheobhaidh an tarna iarrthóir de chuid Fine Gael, Tom Barry (FG) as Mala, cuid mhaith de na haistrithe sin, len é a choinneáil san iomaíocht don cheathrú suíochán.

Iarrthóir eile a d’fhéadfadh a bheith ann ag an deireadh is ea Noel McCarthy (FG). Toghadh é don Lucht Oibre mar chomhairleoir do cheantar Mhainistir Fhear Maí i 2014 agus 3,511 vóta aige. Tá sé anois ag seasamh d’Fhine Gael atá ag súil go mbeidh sé in ann an tarna suíochán a choinneáil don pháirtí. Mura dtoghfar é beidh sé spéisiúil cé air a roinnfear a chuid vótaí. Seans go bhfaighidh Sherlock (LO) slám acu, os rud é go raibh siad in aon pháirtí le chéile go dtí le gairid.

Tuar: O’ Keefe (FF), Stanton (FG), Sherlock (LO) agus Kieran McCarthy (Nspl.).

Tuar na suíochán i gCorcaigh:

Screen Shot 2016-02-05 at 17.03.08

Nóta: Líon na suíochán sa toghchán 2011 i lúibíní.

Fág freagra ar 'Toghchán 2016 – tuairisc agus tuar do na Dáilcheantair – Co Chorcaí'

  • Seán

    Bhí Corcaigh chó gríosaithe sna 70dí… Conas go bhfuileann sé chomh gallda is coimeádach anois? Aicíd an rachmais!