Toghchán 2016: Na Dáilcheantair: tuairisc agus tuar – Tuaisceart Chonnacht-Uladh

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Cavan

Líon na suíochán: 4

Na hathraithe sa dáilcheantair ó 2011: Tá an ghéag iartharach den Chabhán curtha isteach le Sligeach-Liatroim agus suíochán caillte.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh arís: Tá cúigear Teachtaí Dála ag seasamh agus ceithre shuíochán le líonadh: An tAire Heather Humphries (FG), Seán Conlon (Nspl.), Joe O’ Reilly (FG), Caoimhín Ó Caoláin (SF) agus Brendan Smith (FF). 

Anailís: Fuair Fine Gael trí shuíochán le 40% den vóta i 2011 ach tá duine de na Teachtaí Dála a toghadh, Seán Conlon, imithe ón bpáirtí agus ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách. Níl mórán seans aige agus tá an chuma ar an scéal gur eisean a bheas ag cailliúint a shuíocháin.

Tá beirt iarrthóirí ag Sinn Féin. Toghfar duine acu, Caoimhín Ó Caoláin, ach níl a dhóthain vótaí ag an bpáirtí sa dáilcheantar leis an tarna iarrthóir, an Seanadóir Kathryn Reilly, a thoghadh. 

Beirt Teachtaí Dála atá ag seasamh do Fhine Gael. Má roinntear an vóta eatarthu ba cheart go dtoghfaí an bheirt acu, Joe O’Reilly agus an tAire Heather Humpreys.

Den triúr atá ag seasamh d’Fhianna Fáil, is ag Brendan Smith T.D. is fearr atá seans ar shuíochán. Beidh laghdú ar a vóta de bharr 10,000 vóta in Iarthar Chabháin a bheith aistrithe isteach i nDáilcheantar Sligeach-Liatroim. 

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Iarrthóir láidir í an Comhairleoir Niamh Smyth as oirthear an Chabháin chomh maith, a fuair an vóta ab airde i gContae Cabháin sna toghcháin áitiúla i 2014. Má bhíonn sí chun cinn ar an Teachta Brendan Smith (FF), d’fhéadfadh sí an suíochán a thógáil. Bhí deacracht ag Fianna Fáil iarrthóir ó Mhuineachán a fháil le seasamh. Sa deireadh, ainmníodh Mike Durkan (FF) ó Chluain Eois. Níl sé ann dáiríre ach le vótaí Fhianna Fáil a chruinniú i Muineachán.

an fear a nocht an scéal a thug ar Alan Shatter éirí as, John Wilson (Nspl), ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách. Ar ndóigh, bhíodh uncail leis, John Wilson eile, ina Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil don cheantar seo agus ina Aire le linn aimsir Haughey. Má bhíonn rath ar fheachtas Wilson, d’fhéadfadh sé a bheith san iomaíocht go dtí an deireadh agus d’fhéadfadh go mbeadh tábhacht faoi leith ag baint lena chuid aistriúchán. Má éiríonn le hiarrthóirí Fhianna Fáil a ndóthain acu sin a fháil, bheadh seans acu ar an tarna suíochán.

Bhí iarrthóir ag Renua sa dáilcheantar seo, an síceolaí Mary Smyth. Ach tar éis di a rá ar Facebook go bhfuil an Vatacáin ‘riddled with gay sex’, cuireadh faoi ndeara di seasamh siar.

Ag deireadh an lae, ceapaim gur Seán Conlon (Nspl) a chaillfeas an suíochán agus go dtoghfar an ceathrar Teachtaí Dála eile.

Faisnéis: Ó Caoláin (SF),  Humphries (FG), O’ Reilly (FG) agus Brendan Smith (FF).


Dún na nGall

Líon Suíochán: 5

Cuóta mar % den Vóta: 16.7%

Cuireadh an dá dháilcheantar a bhfuil trí shuíochán iontu le chéile, is é sin, Dún na nGall Thoir agus Dún na nGall Thiar, agus tá níos lú suíochán le líonadh dá bharr sin. Tá ceantar i ndeisceart an Chontae, thart ar Bhun Dobhráin, curtha isteach le Sligeach-Liatroim.

Tá cúigear Teachtaí Dála ag seasamh: Joe McHugh (FG), Charlie McConalogue (FF), Pádraig Mac Lochlainn (SF), Pearse Doherty (SF) agus Thomas Pringle (Nspl.). Dinny McGinley (FG) an Teachta atá ag seasamh siar.

Anailís: Ní féidir le Fine Gael a bheith cinnte de shuíochán go gcoinneoidh an tAire Stáit Joe McHugh (FG) a shuíochán agus beidh air aistriúchán láidir a fháil óna chomhghleacaí Paddy Harte (FG) .

Tá seans ag Fianna Fáil dhá shuíochán a thabhairt leo. Bhí 29% den vóta sna toghcháin áitiúla i nDún na nGall ag iarrthóirí Fhianna Fáil agus gan ach 20% ag iarrthóirí Shinn Féin. Bhí 30% araon ag an dá pháirtí i bpobalbhreith TG4. Ach má roinntear na vótaí go réasúnta cothrom idir Pat the Cope Gallagher (FF) in iarthar an chontae, agus Charlie McConalogue (FF) san oirthear, éireoidh le Fianna Fáil dhá shuíochán a bhaint.

Níl aon iarrthóir ag an Lucht Oibre, Renua, AAA-PBP ná Na Daonlathaigh Sóisialacha i nDún na nGall. Ach tá seachtar iarrthói neamhspleácha ag seasamh agus 25% den vóta eatarthu de réir phobalbhreith TG4.

Beidh iomaíocht ann don chúigiú suíochán idir an tarna hiarrthóir de chuid Fhianna Fáil, is é sin, Charlie McConalogue (FF) nó Pat the Cope (FF), agus duine de na Neamhspleáchaigh, Dessie Shiels (Nspl) nó Thomas Pringle (Nspl).

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá roinnt mílte vóta caillte ag Pringle (Nspl) de bharr gur bhfuil cuid den cheantar i neisceart an Chontae ina bhfuair sé tacaíocht mhór i 2011 curtha le Sligeach-Liatroim anois.

Chomh maith leis sin, tá Niamh Kennedy (Nspl), as na Cealla Beaga, ag seasamh ina ceantar tacaíochta féin.

Toghadh Pringle i 2011 mar go bhfuair sé os cionn míle vóta a aistríodh ó fharasbarr Pearse Doherty (SF). Ní bheidh na vótaí sin ar fáil an babhta seo mar go mbeidh beirt iarrthóirí ó Shinn Féin san iomaíocht len iad a fháil.

Gheobhaidh Shiels (Nspl) neart vótaí i mbaile Leitir Ceanainn agus gan éinne ag cur ina choinne sa bhaile sin dáiríre. Bhí 7% den tacaíocht aige i bpobalbhreith TG4, mar a bhí ag Pringle (Nspl). Ar an gcaoi sin, ceapaim go mbeidh Shiels san iomaíocht don chúigiú suíochán le Fianna Fáil ach, ag deireadh an lae, nach bhfaighidh sé dóthain aistriúchán ó Pringle de bharr cúrsaí tíreolaíochta agus leagan amach an dáilcheantair.  Chomh maith leis sin, is iondúil nach mbíonn aistriú chomh láidir sin idir iarrthóirí neamhspleácha. I 2011, níor aistríodh ach 35% den vóta a bhí faighte ag beirt chomhaltaí neamhspleácha chuig Pringle. Is as na Cealla Beaga é Pringle agus tá sé ar an eite chlé.  Dlíodóir é Shiels i Leitir Ceanainn. Ar an gcaoi sin, ní dóigh liom go dtabharfaidh ceachtar acu an suíochán leo.

Is cinnte go dtoghfar Pearse Doherty (SF) agus Pádraig Mac Lochlainn (SF) in ainneoin gur tugadh le fios i bpobalbhreith TG4 nach raibh ach 9% den vóta ag Mac Lochlainn.

Beidh Pearse Doherty (SF) ar bharr an liosta agus vótaí le spáráil aige le haistriú chuig Mac Lochlainn (SF). Gheobhaidh Pat the Cope (FF) roinnt vótaí uaidh chomh maith mar gheall ar chúrsaí tíreolaíochta. Níl aon seans ag Sinn Féin an tríú suíochán a thabhairt leo, ach d’fhéadfadh aistriúcháin ón tríú iarrthóir, Gary Doherty (SF), a bheith an-tábhachtach do Phádraig Mac Lochlainn.

Tuar: Doherty (SF),  Mac Lochlainn (SF), McHugh (FG), Pat ‘the Cope’ Gallagher (FF) agus Charlie McConalogue (FF). 


Sligeach

Líon Suíochán: 4

Tá cuid den Chabhán agus cuid de Dheisceart Dhún na nGall curtha le Liatroim agus Sligeach.

Tá ceathrar le toghadh agus beirt Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael ag seasamh – Tony Mc Loughlin (FG) agus John Perry (FG). Níl an Teachta Dála Michael Colreavy (SF), a toghadh i 2011, le seasamh.

Anailís: Seo ceann de na dáilcheantair is spéisiúla sa tír. Tá Sinn Féin réasúnta cinnte go gcoinneofar an suíochán a fuair Michael Colreavy (SF) don pháirtí i 2011. Tá beirt iarrthóirí acu, Chris McManus (SF) as baile Shligigh, agus an Comhairleoir Martin Kenny (SF), ó dheisceart Liatroma. Tá tacaíocht láidir ag Kenny i Liatroim agus tabharfaidh sé vótaí Shinn Féin sa Chabhán agus i dtuaisceart Liatroma leis chomh maith.  Má éiríonn leis fanacht chun cinn ar Mc Manus (SF), cuirfidh na vótaí a aistreofar óna chomhghleacaí ar aghaidh chun na Dála é.

Ba cheart go mbeadh dóthain vótaí ag Fianna Fáil le duine amháin a thoghadh sa dáilcheantar seo agus beidh siad san iomaíocht don tarna suíochán. Tá triúr iarrthóirí ag Fianna Fáil – Paddy O’Rourke ó Dheisceart Liatroma agus an Seanadóir Marc Mac Sharry as Co. Shligigh agus an t-iarTheachta Dála Éamonn Scanlan ó Bhaile an Mhóta. Chaill Scanlan amach ar shuíochán i 2011 agus Colreavy (SF) 650 vóta chun tosaigh air. Tá McSharry (FF), mac leis an iarAire Airgeadais Ray McSharry, lonnaithe sa mbaile mór agus ceaptar gur aige a bheas an suíochán sin. Tá feachtas an-láidir ar bun aige sa mbaile mór.

Bhí 34% den vóta ag Fianna Fáil sna toghcháin áitiúla i gCo. Liatroma i 2014. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh Paddy O’Rourke (FF) thart ar 4,000 vóta a fháil ón aistriú. Má aistrítear  formhór a chuid vóta ar aghaidh chuig an mbeirt iarrthóirí eile de chuid Fhianna Fáil ó Shligeach, beidh seans ag an mbeirt acu suíocháin a fháil. Ach de bharr cúinsí tíreolaíochta, aistreofar cuid de vóta O’Rourke chuig Martin Kenny (SF) agus chuig Gerry Reynolds (FG) chomh maith.

Bhí beagán os cionn 4,500 vóta ag an Seanadóir Susan O’Keefe (LO) i 2011. I bhfianaise thorthaí na bpobalbhreitheanna, ní bheidh an vóta chomh hard sin an babhta seo ag Páirtí an Lucht Oibre. Is dóigh gur chuig McLoughlin (FG) a ghabhfas na haistriúcháin sin seachas chuig Perry (FG).

Iarrthóir eile a mbeidh slám maith vótaí aige is ea Declan Bree (Nspl).  Is iarTheachta Dála é den eite chlé. Bhíodh sé sa Lucht Oibre uair amháin ach caitheadh amach as an bpáirtí sin é. Tá tacaíocht láidir aige i mdaile Shligigh, áit ar thug sé an lá leis agus 1,848 vóta aige sna toghcháin áitiúla. Má éiríonn leis fanacht chun cinn ar Chris McManus (SF), ar as Sligeach chomh maith, d’fhéadfadh sé suíochán a thógáil.

Níl mórán caoi ar straitéis Fhine Gael sa dáilcheantar seo. Is as Co. Shligigh don bheirt Teachtaí atá ag Fine Gael sa dáilcheantar seo faoi láthair: John Perry (FG) agus Tony McLoughlin (FG).  Socraíodh, áfach, nach seasfadh ach iarrthóir amháin ó Shligeach agus iarrthóir amháin ó Liatroim d’Fhine Gael. Roghnaíodh Tony McLoughlin le seasamh ó Shligeach agus roghnaíodh an iarTheachta Dála, Gerry Reynolds le seasamh ó Liatroim. Ach thóg John Perry (FG) cás in aghaidh a pháirtí ag an Ardchúirt agus, de ghrá an réitigh, socraíodh Perry (FG) a chur ar ais ar an ticéad. Dá bharr sin, beidh sé níos deacra ar Fhine Gael an dá shuíochán a choinneáil. Ní hamháin sin, ach d’fhéadfadh an t-iarTheachta Dála Gerry Reynolds (FG) níos mó vótaí a fháil ná Perry agus McLoughlin. Má éiríonn leis sciar aistriúchán a fháil ó Phaddy O’Rourke (FF), as deisceart Liatroma, ceapaim go bhféadfadh sé an suíochán a bhaint.

Tá roinnt mhaith iarrthóirí neamhspleácha ag seasamh freisin i mbaile Shligigh; cuid acu ar an eite chlé. Má éiríonn le Declan Bree (Nspl), fanacht chun tosaigh ar Susan O’Keefe (LO) agus ar Chris McManus (SF) gheobhaidh sé cuid mhaith aistriúchán ón mbeirt acu agus ó na hiarrthóirí eile ar an eite chlé, go speisialta ó Nigel Gallagher (AAA-PBP), a bhí gníomhach sa bhfeachtas in aghaidh na dtáillí uisce. Ar an dtaobh eile den scéal, má tá Chris McManus (SF) chun tosaigh ar Bree (Nspl), d’fhéadfadh Sinn Féin an tarna suíochán a ghnóthú má fhaigheann siad sciar aistriúchán ó Declan Bree (Nspl).

Faisnéis: McSharry (FF),  Kenny (SF), Reynolds (FG) agus Bree (Nspl).

Fág freagra ar 'Toghchán 2016: Na Dáilcheantair: tuairisc agus tuar – Tuaisceart Chonnacht-Uladh'