Toghchán 2016: Na Dáilcheantair: tuairisc agus tuar (oirthear na Mumhan)

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Toghchán StrapLuimneach Contae

Líon na suíochán: 5

Na hathruithe sa dáilcheantar ó 2011: Cuireadh Tiobraid Árann Theas agus an chuid is mó de Thiobraid Árann Thuaidh  le chéile sa dáilcheantar nua seo.  Tá an chuid is faide ó thuaidh de Thiobraid Árann curtha isteach le hUíbh Fhailí.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Tom Hayes (FG), Noel Coonan(FG), Séamus Healy (Nspl.), Alan Kelly (LO), Michael Lowry (Nspl.) agus Mattie McGrath (Nspl.)

Anailís: As an seisear Teachtaí Dála atá ag seasamh sa dáilcheantar seo, níl ach beirt a bhféadfaí a rá fúthu go bhfuil a gcuid suíochán réasúnta slán – Michael Lowry (Nspl) agus Tom Hayes (FG). Ní theastódh ach méadú beag ar vóta Fhianna Fáil le suíochán a bhuachan– bhí 15% den vóta san olltoghchán in 2011 agus 24% sna toghcháin áitiúla. Tá triúr iarrthóirí ag Fianna Fáil – an Comhairleoir Siobhán Ambrose ó Chluain Meala, Jackie Cahill ó cheantar Durlas Éile agus Micheal Smith a fuair 2,568 vóta sna toghcháin áitiúla. Ar an gcaoi sin, tá seans maith ag Michael Smith ar as tuaisceart an dáilcheantair dó, ach bheadh air a bheith go maith chun tosaigh ar an mbeirt iarrthóirí eile ón bpáirtí. Más í Siobhán Ambrose (FF) an duine is túisce den triúr a chuirfear as an iomaíocht, is mó vótaí a thabharfaidh sí do Cahill ná do Smith agus, ar an gcaoi sin, déarfainn go mbeidh an suíochán ag Cahill (FF).

An deacracht atá ag Siobhán Ambrose (FF) ná go mbeidh uirthi vóta láidir a fháil i gCluain Meala, áit a bhfuil Séamas Healy (Nspl) anláidir.

Michael Lowry. Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie
Michael Lowry. Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Cé nach ndearna an t-iarrthóir ón Lucht Oibre rómhaith sna toghcháin áitiúla – ní bhfuair siad ach 8% den vóta – tá tacaíocht phearsanta ag Alan Kelly (LO). Is fiú slám maith vótaí dó go bhfuil sé ag bord an rialtais agus go bhfuil caint air mar an chéad cheannaire eile ar Pháirtí an Lucht Oibre.  Má fhanann Kelly (LO) chun cinn ar Morris (SF) agus ar Coonan (FG) toghfar é, le haistriú láidir ón mbeirt acu.

Bheadh ar Shéamus Morris (SF) an vóta a fuair sé in 2011 a dhúbailt le go mbeadh seans aige.  Ní dóigh liom go dtarlóidh sin.

Má fhanann Séamus Healy (Nspl) chun cinn ar Shiobhán Ambrose (FF) toghfar é. Beidh aistriú maith le fáil ag Healy (Nspl) ó Morris (SF) má chuirtear Morris as an áireamh agus is cinnte go bhfaighidh sé sciar maith de vóta Ambrose (FF) óir is as ceantar Chluain Meala don bheirt acu. Thart ar 15,000 vóta a chaithfear sa cheantar sin sa toghchán. Ar bhonn geografach, mar sin, toghfar duine den bheirt acu. 

D’fhéadfadh Mattie Mc Grath (Nspl) a bheith i dtrioblóid. Ní bhfuair sé ach 6,074 vóta in 2011 agus ní bhfaighidh sé mórán vótaí taobh amuigh dá cheantar féin, cé go bhféadfadh sé roinnt aistrithe a fháil ó gach taobh lena choinneáil sa rása.

Tá córas maith toghchánaíochta ag Michael Lowry (Nspl). Toghadh thart ar chúigear comhairleoirí contae a sheas mar chuid den Lowry Team sna toghcháin áitiúla. Bhí sé 2,000 vóta os cionn an chuóta in 2011. Téann na vótaí a bhíodh ag Fine Gael i dtuaisceart an chontae ina slaoda chuige, rud a fhágfaidh sách deacair é ag Coonan (FG) a dhóthain vótaí a fháil le bheith chun cinn ar Kelly (LO).

Tuar: Lowry (Nspl), Hayes (FG), Cahill (FF), Healy (Nspl) agus Kelly (LO).


Port Láirge

Líon na suíochán: 4

Na hathruithe sa dáilcheantar ó 2011: Níl ach mionathrú tagaithe ar an dáilcheantar seo ó 2011.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Tá na ceathrar Teachtaí Dála a toghadh in 2011 ag seasamh arís: John Deasy (FG), Paudie Coffey (FG), Ciara Conway (LO) agus John Halligan (Comh. Nspl).

Anailís: As an gceathrar Teachtaí Dála atá ag seasamh sa dáilcheantar seo, is í Ciara Conway (LO) is mó atá i mbaol. Gan ach 8% den vóta ag Páirtí an Lucht Oibre sna toghcháin áitiúla i bPort Láirge beidh deacair uirthi an suíochán a choinneáil.

Níor éirigh le Fianna Fáil aon suíochán a bhuachan anseo in 2011. Níl ach iarrthóir amháin ag an bpáirtí, Mary Butler (FF) agus ní dhearna sí chomh maith sin sna toghcháin áitiúla. Ní bhfuair sí ach 639 vóta. 

Ní féidir le Fine Gael talamh slán a dhéanamh de go gcoinneoidh an páirtí an dá shuíochán atá acu. Beidh an dara hiarrthóir ag brath ar aistriú maith vótaí a fháil ó Chiara Conway (LO).

Den bheirt Teachtaí Dála atá ag Fine Gael tá John Deasy (FG) réasúnta cinnte dá shuíochán. Tá tacaíocht aige agus meas air de bharr a neamhspleáchais taobh istigh de Fhine Gael.

Ba cheart go mbeadh suíochán John Halligan (Comh. Nspl) slán. Tá déanta go maith aige sa Dáil, ach is ag brath ar aistrithe ó Cullinane (SF) a bhí sé in 2011 le dul chun tosaigh ar iarrthóir Fhianna Fáil, Brendan Kenneally.

Bhí 15% den vóta ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla in 2014. Beidh ar an Seanadóir David Cullinane (SF) cur leis an vóta sin le suíochán a fháil sa dáilcheantar seo. Beidh sé san iomaíocht go dtí an deireadh, ach má thagann méadú ar vóta Halligan (Nspl) d’fhéadfadh nach mbeadh a dhóthain vótaí aige leis an suíochán a bhuachan.

Ag glacadh leis go mbeidh an chéad dá shuíochán ag Deasy (FG) agus ag Halligan (Comh. Nspl), idir Mary Butler (FF), David Cullinane (SF), Ciara Conway (LO) agus Paudie Coffey (FG) a bheidh an dá cheann eile. Má bhíonn Paudie Coffey (FG) chun cinn ar Chiara Conway (LO) coinneoidh sé a shuíochán agus is idir Cullinane (SF) agus Butler (FF) a bheidh sé don suíochán deireanach. Sílim go bhfaighidh Fianna Fáil aistriú níos láidre agus gur ag Butler (FF) a bheidh an suíochán deireanach dá bharr.

Tuar: Butler (FF), Deasy (FG), Coffey (FG), agus Halligan (Comh. Nspl).

Cúige Mumhan

Screen Shot 2016-02-17 at 20.26.32

Nóta: Líon na suíochán i dtoghchán 2011 i lúibíní.

Comhdhéanamh na naoi suíochán eile: Nspl/Eile:

Comhghuaillíocht na Neamhspléach: 1

AAA-PBP: 1

Neamhspléach den eite chlé: 1

Neamhspléaigh eile: 6

Iomlán: 9

Fág freagra ar 'Toghchán 2016: Na Dáilcheantair: tuairisc agus tuar (oirthear na Mumhan)'