Toghchán 2016: Na Dáilcheantair: tuairisc agus tuar – Deisceart Chonnacht

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Toghchán Strap

Gaillimh Thiar

Líon na suíochán: 5

Athruithe sa dáilcheantar ó 2011: Tá cuid d’oirdheisceart Mhaigh Eo, na ceantair thart ar Bhaile an Róba, curtha le Gaillimh Thiar agus John O’Mahony (FG) tar éis bogadh leo, ag leanúint a chuid vótaí.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh arís: Cúigear Teachtaí Dála a toghadh i 2011 atá san iomaíocht don chúig shuíocháin atá le líonadh: Éamon Ó Cuív (FF), Seán Kyne (FG), John O’Mahony (FG), Derek Nolan (LO) agus Noel Grealish (Nspl). Brian Walsh (FG) atá ag seasamh siar.

Anailís: As an gcúigear Teachtaí Dála atá ag seasamh, níl ach duine amháin acu réasúnta cinnte go gcoinneoidh sé a shuíochán, sin Éamon Ó Cuív (FF).

Agus 30% den vóta ag Fine Gael sa bpobalbhreith a bhí ar TG4 aréir, ba cheart go gcoinneodh Fine Gael an dá shuíochán atá acu agus beagnach dhá oiread an chuóta ag an triúr iarrthóirí atá ag seasamh dóibh: Seán Kyne (FG) ar 13%, John O’Mahony (FG) ar 11% agus Hildegarde Naughton ar 6%.

Buafaidh Kyne (FG) suíochán nuair a chuirfear Naughton (FG) as an áireamh.

Ó thaobh na tíreolaíochta de, bheifeá ag súil go dtoghfaí beirt de na hiarrthóirí atá ar an taobh thiar den Choirib agus go dtoghfaí triúr idir chathair na Gaillimhe agus an cheantar tuaithe a síneann amach i dtreo Orán Mór.  Ach i bpobalbhreith TG4 tá 48% den vóta ag an gceathrar iarrthóirí taobh thiar den Choirib: Ó Cuív (13%), Kyne (13%), O’Mahony (11%) agus Ó Clochartaigh (11%).

Is léir go bhfuil siad ag tarraingt ar vótaí sa gCathair agus san Achréidh freisin.  Ní mórán seans a bhí á thabhairt d’fhear Mhaigh Eo, John O’Mahony (FG) ach léiríonn pobalbhreith TG4 gur eisean a thógfadh an dara suíochán d’Fhine Gael agus é 5 phointe céatadáin chun tosaigh ar Hildegarde Naughton (FG). Is léir go bhfuil muintir Mhaigh Eo i gcathair na Gaillimhe sásta tacú le fear Mhaigh Eo, beag beann ar pháirtí.

Cé gurb é is mó a fuair vótaí i 2011 is beag seans atá ag Derek Nolan (LO) a shuíochán a choinneáil. I bpobalbhreith TG4 bhí Nolan (LO) agus Naughton (FG) ag an leibhéal céanna tacaíochta ag 6%. Bheadh seans beag ag Nolan (LO) dá bhféadfadh sé fanacht chun cinn ar Naughton (FG).

Trevor Ó Clochartaigh
Trevor Ó Clochartaigh Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Ceist mhór, ar ndóigh, ná cé a bhfaighfidh na vótaí a bheas bailithe ag Derek Nolan, má chuirtear amach é. Gheobhaidh Catherine Connolly (Nspl) a bhformhór, déarfainn, rud a d’fhéadfadh an bhearna idir í féin agus Ó Clochartaigh (SF) a dhúnadh.

Bhí 4,787 vóta ag Catherine Connolly (Nspl) i 2011, i gcomparáid le 3,807 vóta ag Ó Clochartaigh (SF). Le 18 vóta eile bheadh an cúigiú suíochán buaite ag Connolly (Nspl). An uair seo tá an chuma ar an scéal, dé réir na dtorthaí i bpobalbhreith TG4, go bhfuil níos mó tacaíochta ag Ó Clochartaigh (SF) agus 11% den vóta aige i gcomparáid le 8% do Connolly (Nspl).

Agus 33% den vóta acu tá dhá chuóta ag na hiarrthóirí ar an eite chlé agus má aistrítear na vótaí ó na hiarrthóirí is laige go dtí an bheirt is láidre, bheadh seans maith ann go mbuafadh Trevor Ó Clochartaigh (SF) agus Catherine Connolly (Nspl) suíochán an duine.

Cá bhfágann sin Noel Grealish (Nspl)? Beidh sé san iomaíocht don suíochán deireanach le John O’ Mahony (FG). Beidh ar Grealish (Nspl) aistriúchán maith a fháil ó Healy Eames (Nspl) atá ar 3% agus ó Mike Cubbard (Nspl) atá ar 2% le go mbeadh seans aige. Má tá sé chomh híseal le 7%, beidh sé deacair air a dhóthain aistrithe a fháil le O’ Mahony (FG) a bhuaileadh.

Bunaithe ar na figiúirí ón bpobalbhreith a rinne TG4, tá mé ag déanamh amach go mbeidh an chéad shuíochán ag Éamon Ó Cuív (FF) agus an dara ceann ag Seán Kyne (FG). Sílim go dtoghfar Catherine Connolly (Nspl), Trevor Ó Clochartaigh (SF) agus John O’ Mahony (FG) gan an cuóta a a bhaint amach.

Ar ndóigh, idir seo agus an Aoine d’fhéadfadh athrú intinne teacht ar chuid mhaith de vótóirí na cathrach, dá dtuigfidís nach mbeadh ach Teachta Dála amháin sa gcathair acu.  Dá dtosnódh lucht tacaíochta Fhine Gael sa gcathair ag tréigean O’ Mahony (FG) agus Kyne (FG) chun tacú le Naughton (FG) d’fhéadfadh sé tarlú gurb í siúd seachas O’Mahony (FG) a bhuafadh an dara suíochán d’Fhine Gael.

Faisnéis: Ó Cuív (FF), Kyne (FG), O’ Mahony (FG), Connolly (Nspl) agus Ó Clochartaigh (SF)

Maigheo

Líon na suíochán: 4

Na hathruithe sa dáilcheantar ó 2011: Tá suíochán amháin caillte sa dáilcheantar seo agus cuid den chontae a bheith curtha le Gaillimh Thiar.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh arís: Tá ceathrar de na Teachtaí Dála a toghadh i 2011 ag seasamh arís: Enda Kenny (FG), Michelle Mulherin (FG), Michael Ring (FG) agus Dara Calleary (FF).   Tá John O’ Mahony (FG) ag seasamh i nGaillimh Thiar/Maigh Eo Theas.

Anailís: Bhuaigh Fine Gael ceithre shuíochán as cúig cinn i Maigh Eo i 2011 agus 65% den vóta acu. Beidh sé deacair orthu trí shuíochán as ceithre cinn a bhuachan an uair seo agus vóta an pháirtí tite.

Toghfar Enda Kenny (FG) agus Michael Ring (FG) go héasca le cuóta ag an mbeirt acu, rud a fhágfaidh an tríú hiarrthóir ag an bpáirtí, Michelle Mulherin (FG), gann ar vótaí.

endakenny

Beirt iarrthóirí atá ag Fianna Fáil: Lisa Chambers ó cheantar Chaisleán an Bharraigh a toghadh ar Chomhairle Chontae Mhaigh Eo i 2014 le 1,481 vóta agus an Teachta Dála Dara Calleary (FF) ó Bhéal an Átha. Coinneoidh Calleary (FF) a shuíochán agus má thagann ardú réasúnta ar vóta Fhianna Fáil, d’fhéadfadh Lisa Chambers (FF) a bheith san iomaíocht don cheathrú suíochán.

Iarrthóir amháin atá ag Sinn Féin, an Comhairleoir Rose Conway-Walsh ó Bhéal a’ Mhuirthid. Fuair Sinn Féin 7% den vóta san olltoghchán i 2011 agus 7% sna toghcháin áitiúla i 2014. Dá bhfaighidís 10% den vóta an uair seo bheadh seans maith ag Rose Conway-Walsh ar shuíochán.

Anuas air sin, tá scata eagraíochtaí pobail ag tacú le hiarrthóir atá ag seasamh faoin mbratach ‘1st Independent Mayo’. Bhí próiseas spéisiúil acu le hiarrthóir a roghnú: fógra sna nuachtáin náisiúnta ag lorg iarratas ó dhaoine. Roghnaíodh beirt, George O’Malley (Nspl) ó Chaisleán an Bharraigh, a chruthaigh an-mhaith ar chlár Vincent Browne  Dé Luain seo caite, agus Peter Jordan.  Tá an chuma ar an bhfeachtas atá ag an mbeirt acu go bhfuil an ghaoth imithe as na seolta, áfach, agus nach mbeidh mórán vótaí acu.

Tá seans beagáinín níos fearr ag Jerry Cowley (Nspl) atá ag seasamh agus an mana ‘No Doctor, No Village’ aige. Toghadh Cowley i 2002 mar neamhspleách ach chaill sé a shuíochán i 2007. Sheas sé do Pháirtí an Lucht Oibre i 2011 agus fuair sé 3,644 vóta. Ní dóigh liom go bhfuil mórán seans aige ar shuíochán ach beidh cúpla míle vóta aige le haistriú a d’fhéadfadh difríocht an-mhór a dhéanamh ag an deireadh. I 2011 chuaigh 40% dá vóta chuig iarrthóirí Fhine Gael. Ach bhí Fine Gael sa rialtas ó shin agus ní bheidh an díbhinn chomh maith acu an uair seo dá bharr. D’fhéadfadh Rose Conway-Walsh (SF), áfach, buntáiste a fháil ó aistriúchán Cowley. Ar deireadh thiar, beidh an ceathrú suíochán idir Conway-Walsh (SF), Lisa Chambers (FF), agus Michelle Mulherin (FG).

Má théann Mulherin amach cuirfidh sí Chambers chun cinn ar Conway-Walsh. Má théann Chambers (FF) amach cuirfidh sí Conway-Walsh isteach agus má théann Conway-Walsh amach cuirfidh sí Chambers isteach. Ar an mbonn sin tá mé ag ceapadh go mbeidh an ceathrú suíochán ag Chambers (FF).

 Faisnéis: Kenny (FG), Ring (FG), Calleary (FF) agus Chambers (FF)

Gaillimh Thoir

Líon na suíochán: 3

Na hathruithe sa dáilcheantar ó 2011: Tá stráice mór de oirthuaisceart na Gaillimhe, ina bhfuil thart ar 15,000 vóta, caillte ag Gaillimh Thoir agus é curtha le Ros Comáin.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh arís: Paul Connaughton (FG), Ciarán Cannon (FG), Colm Keaveney (FF).

Anailís: As an triúr Teachtaí Dála atá ag seasamh sa dáilcheantar seo níl aon duine acu cinnte dá shuíochán. Tá Paul Connaughton (FG) i mbaol mar go bhfuil cuid mhaith den cheantar is mó a bhfuil tacaíocht aige ann curtha le Ros Comáin.

Agus Michael Kitt (FF) ag éirí as an bpolaitíocht, ba cheart go gcabhródh sin le Colm Keaveney (FF) ach tá dhá chúis ann nach ndéanfaidh Colm Keaveney chomh maith is a rinne sé i 2011. Ar an gcéad dul síos, toghadh Keaveney do Pháirtí an Lucht Oibre i 2011 tar éis dó aistriú 2,400 vóta a fháil ó Lorraine Higgins (LO). An dara cúis, baineann sé le tíreolaíocht. Is ó cheantar Thuama é Keaveney (FF), an ceantar céanna le Seán Canney (Nspl) atá le Comhghuaillíocht na Neamhspleách, grúpa a d’fhéadfadh an-tábhacht a bheith leo tar éis an toghcháin. Fuair Canney 5,567 vóta céad rogha in 2011, i gcomparáid le 4,254 do Keaveney.

0006c471-642
Colm Keaveney

Fuair Canney 3,171 vóta sna toghcháin áitiúla i n2014. Tá Tim Broderick, a fuair os cionn 5,000 vóta i 2011 ag bailiú vótaí do Canney (Nspl) thart ar Bhaile Locha Riach. Beidh suíochán amháin ag dul go Tuama agus ceapaim gur ag Canney (Nspl) a bheas an suíochán sin.

Ar thicéad Fhianna Fáil, in éindí le Keavaney (FF), tá an Comhairleoir Anne Rabbitte (FF), a bhí ar bharr an liosta sna toghcháin áitiúla i gceantar Bhaile Locha Riach i 2014 agus 1,729 vóta aici. Is as Port Omna di, ar imeall an dáilcheantair. Roghnaíodh í ag an gcoinbhinsiún agus gan aon choimhlint ann toisc treoir a bheith tagtha ó Cheannáras Fhianna Fáil go gcaithfí bean a roghnú. Tá sí an-ghníomhach ar an talamh ó toghadh í ar an gComhairle Contae. Má bhíonn sí chun tosaigh ar Keaveney buafaidh sí an suíochán sin d’Fhianna Fáil.

Taobh amuigh dá cheantar féin beidh sé deacair ar Cannon (FG) vóta Fhine Gael a fháil. Ach d’fhéadfadh sé aistriú láidir a fháil ó Higgins (LO), ar as Baile Locha Riach í chomh maith, le fanacht sa rása. Tá go leor poiblíochta faighte ag an dlíodóir agus an Seanadóir Lorraine Higgins (LO). Bíonn a hainm sna nuachtáin go minic. Fuair sí 3,500 vóta i 2011. Beidh sí ag déanamh go maith an vóta sin a choinneáil.

Tá ceist faoin tacaíocht atá ag Cannon (FG) taobh istigh dá bpáirtí féin. Ag an gcoinbhinsiún ag a roghnaíodh é, fuair sé an tríú cuid de na vótaí a fuair an Comhairleoir Peter Roche, ach tháinig ordú ó cheannáras an pháirtí, go gcaithfí Cannon seachas Roche a roghnú mar gheall ar chúrsaí tíreolaíochta. Theastaigh, a dúradh, iarrthóir amháin in oirdheisceart an dáilcheantair, an ceantar a shíneann ó Bhaile Átha an Rí go Baile Locha Riach go Port Omna.

Anne Marie Roche (SF), as Baile Locha Riach, atá roghnaithe ag Sinn Féin. Ní fhéadfadh sí a bheith ag súil le suíochán. Is beag aithne a bheadh uirthi agus má fhaigheann sí 3,000 vóta beidh sí ag déanamh an-mhaith. Gheobhaidh Canney (Nspl) slám maith aistriúchán agus ba cheart go bhfaigheadh Rabbitte (FF) roinnt mhaith chomh maith.

Faisnéis: Canney (Nspl), Connaughton (FG), Rabbitte (FF)

Gaillimh Thiar

Líon na suíochán: 3

Na hathruithe sa dáilcheantar ó 2011: Dáilcheantar nua é seo. Tá Ros Comáin ar fad curtha le stráice d’oirthuaisceart na Gaillimhe thart ar Béal Átha na Sluaighe.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh arís: Tá Denis Naughton (Nspl) agus Michael Fitzmaurice (Nspl) ag seasamh arís

Anailís: Toghfar arís an bheirt Teachtaí Dála neamhspléacha, Michael Fitzmaurice (Nspl) agus Denis Naughton (Nspl). Is as an gcuid sin d’oirthuaisceart na Gaillimhe atá curtha le Ros Comáin do Fitzmaurice, gan éinne san iomaíocht leis do vótaí na Gaillimhe. Toghadh Naughton d’Fhine Gael ach d’fhág sé an páirtí mar gheall ar cheist an ospidéil i Ros Comáin. Is ceist achrannach i gcónaí í stádas an ospidéil chéanna.

Tá Frank Feighan (FG), a toghadh i 2011, ag seasamh siar agus ina áit tá an Comhairleoir Maura Hopkins (FG) as Mainistir na Búille ag seasamh. Fuair sí 840 vóta sna toghcháin áitiúla, í taobh thiar d’iarrthóir Fhianna Fáil Eugene Murphy a fuair 1,150 vóta sa cheantar céanna. San fhothoghchán do shuíochán Luke ‘Ming’ Flanagan (Nspl) fuair Maura Hopkins (FG) 17% agus í taobh thiar de Shinn Féin (18%). Ar an gcaoi sin, ní dóigh liom go gcoinneoidh sí an suíochán d’Fhine Gael a bhí ag Frank Feighan.

Michael-Fitzmaurice-from-MichaelFitzmaurice.ie_
Michael Fitzmaurice

Rinne Fianna Fáil go maith san fhothoghchán inar toghadh Michael Fitzmaurice (Nspl) agus fuair a n-iarrthóir Ivan Connaughton (FF) 22% den vóta, ach níl sé ag seasamh. Ina áit tá beirt san iomaíocht faoi bhratach Fhianna Fáil, an Comhairleoir Eugene Murphy agus an t-iarchúlbáire le foireann peile Ros Comáin, Shane Curran. Tógfaidh duine acu suíochán ó Fhine Gael.

Tá sé spéisiúil go mbeidh deartháir agus deirfiúr san iomaíocht: An Seanadóir John Kelly do Pháirtí an Lucht Oibre agus a dheirfiúr Anne Farrell, a bheas ag seasamh do Renua. Níl aon seans ag ceachtar acu ach beidh a gcuid aistriúchán tábhachtach agus is mó seans go rachaidh siad i dtreo Fhine Gael ná Fianna Fáil má tá coimhlint idir an dá pháirtí sin don tríú suíochán.

Cé go bhfuair iarrthóir Shinn Féin 18% den vóta san fhothoghchán, is sa gcuid sin de Liatroim a bhíodh sa dáilcheantar atá imithe – Ros Comáin-Liatroim – is mó a a fuair siad na vótaí sin. Tá Sinn Féin sách lag i Ros Comáin agus ar an gcúis sin ní dóigh liom go mbeidh Claire Kerrane (SF) san iomaíocht ag an deireadh.

Tá gach seans ann go mbeidh Michael Fitzmaurice (Nspl) tofa ar an gcéad chomhaireamh. Beidh an dara suíochán ag Denis Naughton (Nspl) agus beidh troid ann don tríú shuíochán idir duine d’iarrthóirí Fhianna Fáil agus Maura Hopkins (FG). Tá Fianna Fáil i bhfad níos láidre i Ros Comáin ná mar atá Fine Gael, agus ar an gcúis sin thabharfainn an tríú suíochán d’Fhianna Fáil.

Faisnéis: Fitzmaurice (Nspl), Naughton (Nspl), Murphy (FF) 

 

Fág freagra ar 'Toghchán 2016: Na Dáilcheantair: tuairisc agus tuar – Deisceart Chonnacht'