TOGHADH TRUMP: An bhfuil bunpholasaí eacnamaíochta an Stáit i mbaol?

Is léir, i bhfianaise aimhréidh an stáit maidir le Breatimeacht go bhfuil na daoine atá i gceannas orainn ag rith thart i ndiaidh a gcinn rompu.

TOGHADH TRUMP: An bhfuil bunpholasaí eacnamaíochta an Stáit i mbaol?

An bhfuil bunpholasaí an stáit i leith na heacnamaíochta i mbaol anois de bharr bhua Thrump i dtoghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe?

Tá an cheist sin á cur go forleathan mar gheall ar bhagairt Trump go n-ísleoidh sé ráta cánach do chorparáidí Mheiriceá go 15%, ráta nach mbeadh ach beagáinín níos mó na an ráta íseal atá againne chun infheistíocht ón gcoigríoch a mhealladh.

Ó aimsir Ken Whitaker, an státseirbhíseach cáiliúil, sna caogaidí, tá polasaí an stáit i leith na heacnamaíochta bunaithe ar infheistíocht dhíreach ón gcoigríoch (FDI) le fuinneamh a chur sa ngeilleagar dúchasach.

Ní hamháin go bhfuil na mílte post cruthaithe go díreach ag comhlachtaí isteach, ach tá an-chuid fiontar Éireannach ag brath ar earraí is seirbhísí a dhíol leis na comhlachtaí céanna.

Ar ndóigh, tháinig Whitaker ar an tuairim go raibh athrú polasaí ag teastáil mar gheall ar theip an gheilleagair in Éirinn a d’fhág chomh hard sin líon na ndaoine a raibh orthu dul ar imirce, sna caogaidí go háirithe.

Ní raibh ag éirí a thuilleadh le polasaí Lemass an tionsclaíocht a chur chun cinn, mar ní raibh dóthain caipitil cruinnithe – nó inchruinnithe – leis an rachmas príobháideach a chruthú. Bhí rogha ann idir eacnamaíocht an stáit a mhéadú agus briseadh le foinsí idirnáisiúnta airgid nó an tír a oscailt ar fad don airgead sin.

Mhol Whitaker an dara rogha, ach an cur chuige a stiúradh sa gcaoi go gcruthódh sé fostaíocht réasúnta buan.

Níl aon amhras ach gur éirigh leis an bpolasaí sin –go pointe ar aon chuma. Tá caighdeán maireachtála feabhsaithe as cuimse dá bharr.

Ach thuig roinnt polaiteoirí i gcónaí gur chóir leas a bhaint as an mbuntáiste a thug an infheistíocht choigríche seo dúinn le fiontair dhúchasacha, idir phoiblí is phríobháideacha, a fhorbairt.

Is é sin, ar ndóigh, an port a bhí ag Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, nuair a bhí se ina Aire Fiontair is Trádála.

’Sé an baol atá ann anois ná go gcuirfidh Trump ar bun córas sa mbaile a bheidh chomh mealltach d’infheistíocht is atá córas na tíre seo, agus go gcuirfí stop dá bharr le hinfheistíocht nua anseo.

Is léir, i bhfianaise aimhréidh an stáit maidir le Breatimeacht, nach bhfuil tuairim ar bith ag na daoine atá i gceannas orainn maidir le malairt polasaí ar bith a thabhairt isteach. Tá siad ag rith thart i ndiaidh a gcinn rompu.

Ach má bhíonn drochthionchar ag toghadh Trump ar eacnamaíocht na hÉireann, mar a cheapann roinnt tráchtairí, ní bheidh aon dul as ag na piardaí móra ach malairt polasaí a roghnú.

Ach cé chomh tubaisteach is a bheidh toghadh Trump don gheilleagar?

Ar dtús, is cóir a rá go rabhamar san áit seo cheana. Nuair a céadtoghadh é, labhair Barack Obama faoi phoist a thabhairt abhaile (sheas stáit an ‘rust belt’ leis mar gheall air sin). In 2012 mhol Obama an ráta corparáideach cánach a ísliú go 28%, cáin a ghearradh ar bhrabús comhlachtaí Meiriceánacha a luaithe is a thuilltear an brabús sin seachas í a ghearradh nuair a thagann an brabús ar ais. Mhol sé freisin faoiseamh cánach 20% a thabhairt do chomhlachtaí a thug a gcuid gnó ar ais go Meiriceá.

Níor éirigh le Obama tacaíocht a fháil sa Chomhdháil, a bhí faoi stiúir na bPoblachtánach, do na polasaithe seo. Is ní bheidh sé éasca ag Trump ach an oiread, mar cé go bhfuil na Poblachtánaigh i gceannas i gcónaí ar an dá theach, ní Poblachtánaigh iad a thaobhaíonn le polasaithe Trump.

Mar an gcéanna, fiú má éiríonn leis, ní chuirfeadh sé sin isteach ar an infheistíocht atá déanta cheana féin anseo. Tá na

billiúin, mar shampla, caite ag Intel, ag tógáil monarchana – billiúin nach féidir a fháil ar ais dá n-imeoidís.

Ceist eile ar ndóigh an infheistíocht nua.

Agus sa bhfadtéarma is léir nach féidir brath go deo ar an gcineál infheistíochta seo. ’Sea, tá am againn, ach anois an t-am dúinn díospóireacht cheart chiallmhar fhiúntach a reáchtáil faoi na féidearthachtaí eile, mar tá baol láidir ann nach mbeidh an infheistíocht choigríche seo ar fáil dúinn a thuilleadh amach anseo.

Is amhlaidh an scéal anois agus an scéal a bhí ann aimsir Whitaker: níl an cumas ag an earnáil phríobháideach dóthain caipitil a chruinniú.

Ní fheicimse bealach ar bith as an tsáinn sin ach ról lárnach a bheith ag an stát féin san fhuascailt. Bíodh go bhfuil an

mheánaicme buartha go mbeadh cothromú caighdeán maireachtála ag teastáil sa gcás sin (agus cuid dá maoin mar sin ag dul d’aicmí eile), ní féidir, mar sin féin, an díospóireacht a sheachaint.e

Fág freagra ar 'TOGHADH TRUMP: An bhfuil bunpholasaí eacnamaíochta an Stáit i mbaol?'