Togha agus rogha an fhaisin le fáil ar Instagram

Roghnaíonn ár gcomhfhreagraí ocht gcinn de chuntais Instagram dóibh siúd gur spéis leo faisean, stíl agus smideadh

Instagram

Bhí am ann agus ba in irisí gleoite ar nós Vogue agus Cosmopolitan is mó a gheofaí eolas faoi chúrsaí faisin agus stíle.  D’athraigh an saol sin ar fad le forbairt an idirlín agus dul chun cinn na meán sóisialta. Is iomaí foinse atá ar fáil anois dóibh siúd gur mian leo a bheith ar an eolas faoi na táirgí is deireanaí ar an margadh.

Tá Instagram ar cheann de na foinsí is fearr a thaitníonn liom féin agus níl mé i m’aonar – tá 300 milliún duine sa mhí ag baint úsáid as an gcóras sin anois.  Tá Instagram thar cionn ar fad le léargas a fháil ar chúrsaí faisin agus smididh.

Seo rogha de chuid de na cuntais Instagram – ón tír seo agus thar sáile – is mó a thaitníonn liom féin agus a mheasaim gur fiú iad a leanúint:

Caught in an LA moment ✨ www.liketk.it/2iWYT #liketkit #anouskatravels #losangeles

A photo posted by Λ N O U S K Λ (@anouskapb) on

ANOUSKA PROETTA BRANDON (Anoskapb)   Blagadóir faisin í as Baile Átha Cliath a bhfuil 93,500 duine á leanúint.  Súil ghéar aici ach stíl shimplí, nua-aimseartha. Tá sí ag taisteal faoi láthair le cara san Áise agus i Meiriceá agus pictiúir iontacha á gcur ar fáil acu den turas sin i dteannta chúrsaí faisin.  

#throwback ❤️?❤️ @kimkardashian #MakeupByMario A photo posted by Mario Dedivanovic (@makeupbymario) on

MARIO DEDIVANOVIC (makeupbymario).

Caitheann Mario a chuid ama i Nua-Eabhrac agus i Los Angeles agus é ag obair mar shaineolaí smididh ag na réalta mór le rá. Tá 2.3 milliún duine ag leanúint a chuntas Instagram a bhíonn lán le leideanna agus cleasa smididh. Tá an-tóir ag na réalta móra air agus is é a thugann aire don smideadh do na Kardashians, fiú ar lá na bainise ag Kim. Is minc go mbíonn greann ag baint leis an ábhar a fhoilsíonn sé.

Gold statement fingers by @glamglamniamh #TropicalPopical

A photo posted by Tropical Popical (@tropicalpopical) on

TROPICAL POPICAL (Tropicalpopical)   B’fhéidir go silfeá nach mórán de lucht leanúna é 18,300 ach ní beag é ach an oiread más do salón ingne i mBaile Átha Cliath é. Tá sé iontach ar fad más inspioráid atá uait le d’ingne a mhaisiú go healaíonta. Bíonn réalta na hÉireann ann go rialta, ina measc Saoirse Ronan agus luaigh sí go speisialta é ar chlár teilifíse Ellen De Generes.  

Vvvv lazy St Patrick’s day, wbu? #pltstyle @officialplt A photo posted by Emma Roche (@emmazoeyroche) on

EMMA ROCHE (emmazoeyroche)

Tá an-tuiscint ar fhaisean, ar dhathanna agus ar stíl éadaigh ag Emma Roche, bean óg as Baile Átha Cliath a bhfuil 36,000 leantóir meallta aici cheana féin.  Is minic a roghnaíonn sí dathanna neodracha ach cuireann sí oiriúintí eile leo a thugann íomhá an-simplí ach an-ghalánta. Feistis as gnáthshiopaí na tíre seo a bhíonn aici agus bíonn fáil orthu go héasca dá bharr sin.

??

A photo posted by Lisa Olsson (@lisaolssonblog) on

LISA OLSSON (lisaolssonblog)   Blagadóir ón tSualainn í a bhfuil spéis ar leith aici i gcúrsaí “stíl mhaireachtála”. Tá beagnach 400,000 duine ag leanúint a cuntais agus sa bhreis ar leideanna faoi éadach agus oiriúintí faiseanta eile, foilsíonn sí neart pictiúr a bhaineann le taisteal agus maisiú tí, chomh maith le bia agus deoch. Tá sí páirteach sa ngrúpa ‘wearecube.se’, grúpa mór blagadóirí a bhfuil dlúthcheangal acu le chéile.  

This is my woman crush. The stunning STUNNING @robyndixon10 it should be illegal to be this beautiful. #crush #beautiful A photo posted by Wayne Goss – Makeup Artist (@gossmakeupartist) on

WAYNE GOSS (Gossmakeupartist)

Sasanach é an saineolaí smididh seo a bhfuil aithne mhaith air freisin as an gcainéal atá aige ar Youtube. Tá a bhailiúchán féin de scuaba smididh ar an margadh aige chomh maith. Don té a bhfuil suim ar bith acu i smideadh is cinnte gur fiú go mór é a leanúint ar mhaithe leis na leideanna iontacha a thugann sé faoi chleasa nua smididh. Déanann sé léirmheasanna rialta ar tháirgí nua agus is féidir brath air le tuairimí a thabhairt atá ionraic agus macánta. Tá 420,000 ag leanúint a chuntas Instagram faoi láthair.

??A little surprise in store @Piaget’s account. ? #MeetAndGreet ????#PiagetPossession ? Photo by @JohannesHuebl

A photo posted by Olivia Palermo (@oliviapalermo) on

OLIVIA PALERMO (oliviapalermo)   Réalta faisin go cinnte í agus pobal ollmhór lucht leanúna aici – 3.4 milliún faoi láthair. Ón gclár teilifíse The City ar MTV – áit ar oibrigh sí le Diane von Furstenberg – agus óna cuid oibre leis an iris Elle a bhain sí clú agus cáil amach ar dtús. Tá tuiscint dhochreidte aici ar chúrsaí faisin. Bíonn sí i láthair ag na hócáidí móra faisin ar fad agus bíonn a thoradh sin le feiceáil ar a cuntas Instagram go rialta.   

DESI PERKINS (desiperkins)

Smideadh is mó a bhíonn i gceist ag an mbean seo a bhfuil cónaí uirthi i gCalifornia. Tá 2.4 milliún duine á leanúint mar go mbíonn pictiúir iontacha aici ó ócáidí móra ag comhlachtaí smididh ar nós Tarte agus Kylie Cosmetics.  Déanann sí físeáin smididh freisin a bhíonn le feiceáil ar Youtube.

Fág freagra ar 'Togha agus rogha an fhaisin le fáil ar Instagram'