Poetry of Resistance: Voices for Social Justice
In eagar ag Francisco X. Alarcón & Odilia Galván Rodríguez
(The University of Arizona Press, 2016)
Duine de na filí is mó a raibh gean agus ómós agam dó ab ea é: ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar Francisco Alarcón a cailleadh i mbliana. Pribhléid an-mhór dom ab ea é nuair a ghlac sé le cuireadh uaim teacht go hÉirinn chun leabhar leis a bhí aistrithe go Gaeilge agam a cheiliúradh, Colainn ar Bharr Lasrach (Cló Iar-Chonnacht). Tá an leabhar sin as cló anois.
Dheineamar caiséad den leabhar a thaifeadadh agus bhí ortha nó cantaireacht neamhchoitianta ina thús. B’in an chéad uair domsa an Nachuáitlis (Nahuatl) a chlos.
Bhí Alarcón ina chomheagarthóir ar an leabhar seo Poetry of Resistance. N’fheadar an mbeifí in ann a mhacasamhail de dhíolaim a chur amach i nGaeilge nó an bhfuil frithbheartaíocht ar bith ar bun ag scríbhneoirí na Gaeilge?
Chicano ab ea Francisco X. Alarcón agus Ollamh in Ollscoil California, dúchas Mheicsiceo agus teanga na nAstacach mar chuid lárnach dá shaothar litríochta do dhaoine fásta agus do dhaoine óga araon.
Leabhar eile da chuid a d’aistríos ná Um an nGrá Dorcha/ De Amor Oscuro a dhéanann comóradh ar an ngrá homaighnéasach. Chaith Alarcón tréimhse i bpríosún, dúnmharú curtha ina leith. Homafóibe seachas fianaise cheart a choinnigh i bpríosún é. Thángthas ar an dúnmharfóir i ndeireadh na dála. Is féidir léamh faoi ar Wikipedia.
Bhí lámhscríbhinn thrítheangach ullamh againn, Flor y Canto (Bláth agus Amhrán) sa Spáinnis, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ach ní bhfuaireamar an foilsitheoir cuí di a d’fhoilseodh in am í.
Tógaimis balla, arsa Trump, trumpadóir na bhfear geal i Stáit Neamhaontaithe Mheiriceá. Leagaimis ballaí, leagaimis teorainneacha, arsa eagarthóirí na díolama seo. Tá brollach bríomhar scríofa ag Juan Felipe Herrera, Poet Laureate Mheiriceá, ina ndeir sé:
‘How can suffering and ill-shaped laws be overcome? Listen, listen to Jorge Tetl Argueta speak of the children – “They carry butterflies in their hands.” ‘
Ní teorainneacha atá uainn ach comhbhá gan teorainn. Mura gcreideann tú mé, léigh an dán seo as Poetry of Resistance le Francisco X. Alarcón:
Comhbhá gan Teorainn
Abraimis gur tusa Chava
garsún aon bhliain déag d’aois
as bruachbhailte
Phríomhchathair
El Salvador, i measc na mbocht,
na bochtáin is boichte amuigh
Lá amháin
beartaíonn d’athair
ar mharaigh saighdiúirí
a athair siúd ar an tsráid
le linn chogadh na gcarad
sna 1980í nuair nach raibh seisean
ach aon bhliain déag d’aois chomh maith
Beartaíonn sé aghaidh a thabhairt
ar El Norte
agus geallann duitse
agus do do mháithrín
go gcuirfidh sé raidhse airgid chugaibh
airgead nár tháinig riamh
Mar sin níl de rogha ag do mhama
ach saol níos fearr a lorg
i gCalifornia –
Bíonn tú ag caoineadh istoíche
mar nach bhfaca tú do mháithrín
le cúig bliana anuas
Ag iompú ina taibhse atá sí,
glór lag
ar ghuthán póca do chomharsan
Deir sí leat gan teacht,
gan do bheatha a chur i mbaol
gan aghaidh a thabhairt
i dteannta na mílte leanaí eile
ar an mbóthar ó Thuaidh
ach tá an bhaicle áitiúil
tar éis an cara is fearr a bhí agat a mharú
Tusa an chéad duine eile, a deir siad leat;
cad atá le déanamh ach glaoch ar do ghaolta
is do chairde go léir
agus iasacht a lorg
le haghaidh an aistir ó Thuaidh –
Abair gur tusa duine
de na himircigh óga sin ag teacht
ó Mheiriceá Láir
D’fhonn éalú ón síor-fhoréigean
is ón mbás,
a mbeatha
Is a mbrionglóidí
acu ina lámha beaga féin
d’ainneoin na mórchontúirte
Ag iarraidh a bheith
lena muintir ghrámhar arís,
iad ina dteifigh
Féileacáin ar fán
gafa i ndomhan a bhfuil gá aige
le comhbhá gan teorainn
=============================
Is é an leabhar is déanaí ó pheann an léirmheastóra Antlered Stag of Dawn, haiku i gceithre theanga, Gaeilge, Béarla, Béarla na hAlban agus Seapáinis (The Onslaught Press, Oxford)
Fág freagra ar 'Tógaimis balla arsa trumpadóir na bhfear geal i SAM, leagaimis ballaí a deir filí na frithbheartaíochta'