Tóg nótaí amhail is go raibh do bheatha ag brath air!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: tá síolta scéil i ngach uile áit, ach iad a thabhairt faoi deara

Tóg nótaí amhail is go raibh do bheatha ag brath air!

An tseachtain seo caite, phléigh mé seift scríbhneoireachta ar bhain mé triail aisti go minic ach nár éirigh léi riamh: cuairt a thabhairt ar chathair ar an gcoigríoch d’aon ghnó d’fhonn gearrscéal a scríobh a bheadh lonnaithe sa chathair sin. Liosta le háireamh iad na cathracha ar theip orm scéal a scríobh mar sin, ‘ar an láthair’, cheal tréimhse ghoir a thabhairt do na smaointe a ritheadh liom.

Bhí moladh ag léitheoir de chuid Tuairisc.ie dom ar Twitter:

Mheabhraigh tvuít @YerMouse cleachtadh scríbhneoireachta dom ar bhain mé triail as in Washington DC bliain go leith ó shin, agus mé i ndeireadh na feide ag iarraidh gearrscéal a scríobh ‘ar an láthair’ sa chathair sin ach gan rath ar bith ar mo chuid iarrachtaí.

Ina leabhar The True Secret of Writing molann Natalie Goldberg, duine de ghúrúnna na scríbhneoireachta cruthaithí, suí síos in áit phoiblí, peann a chur le páipéar agus gach rud a tharlós a bhreacadh síos: súile an scríbhneora mar a bheadh ceamara iontu, a chluasa mar a bheadh téipthaifeadán. Níl tuairim ná míniú le tabhairt ar mhionsonraí ná eachtraí agus níl an peann le hardú arís go ceann leathuair an chloig: tógáil nótaí mar spórt guaisbheartaíochta, mar a bheadh do shaol ag brath air.

Seo a leanas cuid den toradh a bhí ar m’iarracht féin.

Tá mé i mo shuí in Ben’s Chili Bowl, bialann i gcathair Washington DC a gcuirtear lón anama ar fáil ann ón mbliain 1958 i leith. Tá m’anam féin díreach beathaithe agam le Chili Half Smoke: ispín deataithe, mustard faoi agus sillí spíosrach anuas air, i rollóg aráin. 

Tá mé i mo shuí i mboth liath. Tá scáthán mór ar dheis uaim agus cuntar fada ar chlé. Tá seachtar nó ochtar foirne ag obair, léinte buí ar chuid acu, léinte dearga ar chuid eile. Tá an áit folamh go maith. Níl sé ach ceathrú tar éis a haon déag ar maidin. 

Seanfhear ina shuí dhá bhoth ar mo chúl. ‘When I was a kid in West Virginia,’ a deir sé. Stadann. 

Nuair a bhreathnaím aníos ón leabhar nótaí feicim go bhfuil lánúin tar éis suí sa bhoth os mo chomhair. A cúl liom ag an mbean, a aghaidh liom ag an bhfear.

Fáinne pósta air.

When I was a kid in West Virginia,’ a deir an seanfhear taobh thiar díom, ‘vanilla milkshake was my favorite food.

Leanann an píosa ar aghaidh mar sin. Tagann daoine isteach agus imíonn siad. Buaileann an fón. Deirtear corr-rud. Itear madraí teo.

Ar an gcéad radharc, ní leimhe go dtí é.

Ar an dara radharc, seo mianach óir.

An seanfhear sin a deir gur ‘creathán bainne fanaile’ an béile ab fhearr leis nuair a bhí sé óg agus cónaí air in West Virginia, tá léargas iomlán ar charachtar sa mhéid sin féin. Cén saghas duine a déarfadh gur fanaile – an blas is neamhshuntasaí dá bhfuil ann – an blas ab fhearr leis? D’fhéadfaí gearrscéal a scríobh faoin bhfear seo ach na ceisteanna cearta a chur.

Cathain a tháinig sé seo go Washington DC? Cén fáth?

Ceist eile.

An fáinne pósta sin ar mhéar an fhir sa bhoth os mo chomhair! An leis an mbean a thug sé isteach go Ben’s Chilli Bowl a bhí an fear sin pósta, nó an raibh an bheirt ag casadh lena chéile ar chúla téarmaí?

Ar athléamh mo nótaí dom anois, is léir dom go bhfuil síolta scéil i ngach uile áit – ach iad a thabhairt faoi deara.

Mar sin féin, b’fhearr tréimhse ghoir a thabhairt dóibh!

Fág freagra ar 'Tóg nótaí amhail is go raibh do bheatha ag brath air!'