Todhchaí na Gaeilge le plé ag léacht cuimhneacháin Eddie Fullerton i nDún na nGall

Tá imeacht ar bun Dé Sathairn i gcuimhne ar an gcomhairleoir Eddie Fullerton a dúnmharaíodh ina theach cónaithe i mBun Cranncha 25 bliain ó shin

Todhchaí na Gaeilge le plé ag léacht cuimhneacháin Eddie Fullerton i nDún na nGall

Tabharfaidh an Dochtúir Emmet O’Connor, léachtóir sinsearach le stair in Ollscoil Uladh, léacht an deireadh seachtaine seo dar teideal ‘The Fortunes of the Irish Language’ ag imeacht a reáchtálfar i gcuimhne ar an gcomhairleoir Eddie Fullerton a dúnmharaíodh ina theach cónaithe i mBun Cranncha 25 bliain ó shin.

Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a bheidh ag reáchtáil an ‘Eddie Fullerton Memorial Lecture’ Dé Sathairn ag 2pm in Óstán an Inishowen Gateway, mar chuid de Sheachtain na hOidhreachta, atá ar siúl faoi láthair.

Dúirt an comhairleoir Jack Murray go bhfuil cuireadh oscailte ann do “gach duine a bhfuil spéis aige i stair agus i bpolaitíocht na hÉireann” teacht chuig an léacht chomh maith le duine ar bith ar mhaith leis “ómós a léiriú” do Fullerton, ar mharaigh an UDA é moch maidine an 25 Bealtaine 1991.

“Tá ríméad orm go bhfuil an Chomhairle ag déanamh a dualgais agus i bhfad níos mó ná sin agus ag reáchtáil léacht cuimhneacháin ina ndéanfar iniúchadh ar ábhar a raibh dúspéis ag Eddie ann – Éire, a teanga agus a stair réabhlóideach.

“Beidh beirt staraithe den scoth i láthair ag an Eddie Fullerton Memorial Lecture a thabharfaidh cur i láthair a chuirfidh an lucht féachana i mbun machnaimh,” a dúirt sé.

Is é an tOllamh Breandán Mac Suibhne ó Choláiste an Chéid, New Jersey, a thabharfaidh an dara léacht dar teideal ‘The Depressed Urbanised Surplus of the Countryside: Derry Volunteers who fought in Donegal, 1920-21’.

Ag labhairt di leis an stáisiún Highland Radio dúirt iníon Fullerton, Amanda, go bhfuil gliondar uirthi go bhfuil an léacht á thabhairt agus go “mbainfidh [sé] an pholaitíocht” óna hathair agus óna chuimhne.

“Tá muintir Fullerton ar bís go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall ag eagrú an léachta seo in ómós Eddie. Táimid fíorbhuíoch den bheirt léachtóirí mór le rá freisin agus rachadh sé go croí in Eddie féin dá mbeadh a fhios aige go raibh a leithéid ar siúl,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Todhchaí na Gaeilge le plé ag léacht cuimhneacháin Eddie Fullerton i nDún na nGall'