Todhchaí an Chultúir Ghaelaigh’ á plé ag Aogán Ó Fearghail i mBéal Feirste amárach

Tá an seimineár lae á reáchtáil mar chuid de chlár Chomóradh Chonradh na Gaeilge ar Éirí Amach na Cásca. Seo é an séú seimineár ar an gclár ‘Plé 16’, inar pléadh gnéithe éagsúla d’Éirí Amach na Cásca agus den Athbheochan Ghaelach agus a n-oidhreacht

Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail. INPHO/Andrew Paton
Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail. INPHO/Andrew Paton

Pléifidh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Aogán Ó Fearghail, ‘Todhchaí an Chultúir Ghaelaigh’ ag seimineár Chonradh na Gaeilge i Leabharlann an Linenhall i mBéal Feirste maidin amárach.

Tá an seimineár á reáchtáil mar chuid de chlár Chomóradh Chonradh na Gaeilge ar Éirí Amach na Cásca. Seo é an séú seimineár ar an gclár ‘Plé 16’, inar pléadh gnéithe éagsúla d’Éirí Amach na Cásca agus den Athbheochan Ghaelach agus a n-oidhreacht.

Beidh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, agus Ard-Rúnaí Chomhaltas Ceoltóirí  Éireann, Tomás Ó Maoldomhnaigh, ag labhairt ag an gcomhdháil lae freisin.

Déanfaidh na cainteoirí, agus lucht freastail na comhdhála scagadh ar a bhfuil bainte amach ag na heagraíochtaí éagsúla a chuireann lúthchleasa, ceol, cultúr agus teanga na nGael chun cinn in imeacht an chéid. Pléifear freisin na féidearthachtaí atá anois ann chun comhoibriú idir na heagraíochtaí cultúir sin a fhorbairt agus a chothú.

Tá an tsraith ‘Plé 16’ á reáchtáil chun “comhrá níos leithne a spreagadh” i measc an phobail faoi ról na Gaeilge sna himeachtaí a spreag Éirí Amach na Cásca agus a bhfuil i ndán do mhuintir na hÉireann mar phobal Gaelach amach anseo.

Tá an Conradh ag súil go gcuirfear ábhar machnaimh ar fáil do lucht freastail an tseimineáir amárach agus go gcuirfear leis an bhfeasacht ar oidhreacht ghluaiseacht na Gaeilge agus ar an Éirí Amach féin.

Fág freagra ar 'Todhchaí an Chultúir Ghaelaigh’ á plé ag Aogán Ó Fearghail i mBéal Feirste amárach'

  • padraig

    Pictiur den phiarda mor e fein agus ‘annual congress’ scrite fena bhun…..nach truamhealach an duine nach mbionn ach ‘annual congress’ uair sa bhliain aige?