TK WHITAKER 1916-2017: Fathach fir ar chuile dhóigh, a rinne leas a thíre

Ba iad na trí mhórpholasaí ba ghaire dá chroí, an polasaí eacnamaíochta, prionsabal na tola i leith an Tuaiscirt agus polasaí na Gaeilge

TK WHITAKER 1916-2017: Fathach fir ar chuile dhóigh, a rinne leas a thíre

B’fhathach fir ar chuile dhóigh é TK Whitaker atá imithe uainn ar shlí na fírinne. Is mar státseirbhíseach, a bhí ar an Ard-Rúnaí ab óige riamh ar an Roinn Airgeadais, agus mar eacnamaí ab fhearr aithne air. Ba cheannródaí sa phleanáil eacnamaíochta é a léirigh fadbhreathnaitheacht agus misneach ollmhór nuair ba léir dó nach raibh polasaithe cosantaíochta an Stáit ag obair.

Nuair a d’fhoilsigh sé féin agus comhghleacaithe eile Economic Development, mheall sé Seán Lemass ar mhalairt treo chun fostaíocht a chothú agus polasaí eacnamaíochta oscailte a thabhairt isteach.

Bhí uaisleacht agus daonnacht go smior ann. Ghoill an drochbhail a bhí ar dhaoine sna 1950idí agus an imirce gan staonadh go mór air . Ba é sin a thug ar an bhfear caomhach cúramach seo dúshlán an status quo a thabhairt in iarracht saol na ndaoine a fheabhsú agus an rachmas a thiocfadh as sin a roinnt go cóir.

Is dó is mó a thugtar aitheantas as eacnamaíocht na tíre seo a athrú agus tá an t-aitheantas sin tuillte go maith aige. Chomh maith leis an bplean eacnamaíochta, bhí an fear ildánach seo lárnach freisin in iarratas na tíre ar bhallraíocht sa Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, sa Bhanc Domhanda agus san Aontas Eorpach. Bhí sé páirteach freisin i mbunú an ESRI agus bhí baint aige le maoiniú a aimsiú ón Ford Foundation don institiúid nua taighde. Bhí sé i gceannas ar an bhfoireann idirbheartaíochta a réitigh an tslí don Chomhaontú Trádála idir Éirinn agus an Bhreatain agus is liosta le háireamh na na coimisiúin agus na coistí eile a raibh sé i gceannas orthu.

Rugadh i gContae an Dúin é agus cé gur bhog an chlann ó dheas go Droichead Átha agus é ina pháiste, bhí ceangal i gcónaí aige leis an tuaisceart agus suim aige ann. Ba é a bhí ina éascaitheoir ar an gcruinniú cinniúnach idir Seán Lemass agus Terence O’Neill. Nuair a tháinig Jack Lynch i gcomharbacht ar Lemass, is léir gur fhás cairdeas eatarthu agus nuair a thosaigh na Trioblóidí sa Tuaisceart bhí Lynch ag brath go mór air. Chuir baiclí áirithe taobh istigh de Fhianna Fáil dianbhrú ar Lynch an t-arm a chur thar teorainn le cuidiú leis an bpobal náisiúnach a bhí faoi léigear, ach mhol TK don Taoiseach gan an ‘lasóg a chur sa bharrach’. Ba é freisin a dhréachtaigh an óráid cháiliúil a thug Jack Lynch i dTrá Lí faoi phrionsabal na tola, is é sin go gcaithfeadh tromlach phobal an tuaiscirt a bheith i bhfabhar aon athrú bunreachtúil ar stádas na sé chontae.

Nuair a chuaigh sé ar scor ón Roinn Airgeadais lean sé air ag obair, mar Ghobharnóir ar an mBanc Ceannais ar dtús agus, ina dhiaidh sin, mar Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann agus mar Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge, gan ach beagán dá chúraimí a lua. Ainmníodh mar Sheanadóir faoi dhó é, ag Jack Lynch agus Garrett Fitzgerald. Bhí drogall air glacadh leis an ainmniúchán ó Lynch go dtí gur dheimhnigh an Taoiseach nach thar ceann Fhianna Fáil ach mar neamhspleách a bhí se á ainmniú.

Agus an t-údar seo agus Martin Dwan i mbun clár faisnéise leis faoina shaol, thug sé le fios go mbíodh trí mhórpholasaí ag déanamh tinnis dó, an polasaí eacnamaíochta, prionsabal na tola i leith an Tuaiscirt agus polasaí na Gaeilge. Níor chreid sé go bhféadfaí Gaeilge athréimniú mar phríomhtheanga na hÉireann, ach chreid gur chóir polasaí dátheangachais a fhorbairt a bheadh bunaithe ar mheas agus grá don teanga. A mhúinteoirí i scoil na mBráithre i nDroichead Átha a chothaigh agus a spreag a shuim féin sa Ghaeilge. Thugtaí daltaí na scoile sin ar cuairt ar Ghaeilgeoirí cheantar Ó Méith agus ina dhiaidh sin chuaigh sé go Rann na Feirste chun barr feabhais a chur ar a chuid Gaeilge. Thug sé an teanga leis go paiteanta.

B’fhear léannta é agus suim aige I dteangacha, go háirithe an Ghaeilge agus an Fhraincis. Is mar gheall ar a ghrá agus a thiomantas don Ghaeilge a chéad chuireas aithne ar Ken. Bhí mé i mo chónaí sa bhaile i dtuaisceart Mhaigh Eo ag plé le hÉigse Riocard Bairéad, féile litríochta áitiúil nuair a chuireas aithne air. Bhí teach saoire, seanscoil Ghleann Chuilinn, ag Ken agus a bhean Nora sa pharóiste.

Thit siad i ngrá le háilleacht na dúiche, Gaeilge na muintire, agus an loch agus an Abhainn Mhór a bhí lán le bradáin. Thug siad beirt tacaíocht d’imeachtaí na hÉigse agus b’fhear cuideachtúil, geanúil i gcónaí é a chuir aithne ar na daoine agus a bhain spraoi agus sásamh as an gcaidreamh a bhí aige leo.

Is le Séamus Ó Duilearga a tháinig sé go hIorras an chéad lá riamh. Iascaireacht bradán a mheall ann é, ach ar ndóigh bhí aithne mhaith acu ar a chéile óir bhí cabhair tugtha aige do Ó Duilearga agus Coimisiún Béaloideasa Éireann. Bhí dúil ag Ken sa bhéaloideas, sa cheol agus sa litríocht agus ba é a spreag Seán Ó Tuama agus Thomas Kinsella dul i mbun an tsaothair a foilsíodh ina dhiaidh sin mar an Duanaire, 1600-1900: Poems of the Dispossessed. Ní ceol Gaelach amháin a raibh suim aige ann, agus fiú agus muide ag scannánaíocht leis sé bliana ó shin bhíodh sé ag seinm ceol clasaiceach ar an bpianó dúinn. Bhí suim ar leith aige i John McCormack agus a chuid ceoil agus cuimhne aige ar é a chlos ag an gComhdháil Eocairisteach i 1932.

Is mór an oidhreacht atá fágtha le huacht aige, tír atá i bhfad níos saibhre ná mar a bhí le linn a óige, cé go bhfuil an bochtanas fós againn. Ní raibh sé riamh sásta labhairt fúthu siúd a tháinig ina dhiaidh sa státchóras agus má chuir sé comhairle orthu níor labhair sé faoi. Shínigh sé an tAcht Um Rúin Oifigiúla nuair a ghlac sé le post mar oifigeach cléireachais i 1934 agus agus d’fhan sé dílis don mhóid sin go deireadh. Bhain sé an céad amach an mhí seo caite, sprioc a bhí aige toisc gur mhair a mháthair an t-achar sin.

Tá buíochas na tíre ag dul dó. Ba phribhléid aithne a bheith agam air. Comhbhrón lena cheathrar mac agus a gclann. Leaba i measc na naomh do Ken i gcuideachta a bheirt chéilí, Nora agus Mary, a iníon Caitríona agus a mhac Gerald a chuaigh ar shlí na fírinne roimhe.