Titim mhór ar phointí Ardteiste do chúrsaí Gaeilge áirithe ach ardú beag i gcásanna eile

Is i gcás Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus i gcás na Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide a tháinig an t-athrú is mó i mbliana maidir le pointí CAO do chúrsaí Gaeilge

Titim mhór ar phointí Ardteiste do chúrsaí Gaeilge áirithe ach ardú beag i gcásanna eile

Tháinig laghdú mór ar líon na bpointí Ardteiste i gcás cuid mhaith cúrsaí Gaeilge i mbliana, ach bhí ardú beag i gceist le leath de na cúrsaí sin.

Is féidir staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ar 17 cúrsa leibhéal 8 ar fhoirm an CAO.

Is i gcás Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus i gcás na Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide a tháinig an t-athrú is mó i mbliana maidir le pointí CAO do chúrsaí Gaeilge.

Thit líon na bpointí a theastaíonn do chúrsa na Gaillimhe ó 485 in 2015 go 375 in 2016 – titim 110 pointe. Bhí an titim mhór chéanna ann i gcás Choláiste na Tríonóide. Thit na pointí a theastaíonn ó dhaltaí Ardteiste atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an Nua-Ghaeilge sa choláiste sin ó 525 anuraidh go 415 i mbliana.

Bhí titim i gceist freisin i mbliana i gcás na gcúrsaí Gaeilge eile in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus i gColáiste na Tríonóide.

Thit na pointí a theastaigh ón gcúrsa ‘Gaeilge Luath agus Nua-Ghaeilge’ i gColáiste na Tríonóide ó 425 anuraidh go 375 i mbliana agus thit líon na bpointí a theastaíonn do ‘Gaeilge agus Tráchtáil’ ó 430 go 395 i nGaillimh.

Tábla CAO
Tábla: Tuairisc.ie

Tá cúrsa Gaeilge nua á thairiscint in Ollscoil na Gaillimhe chomh maith i mbliana, an cúrsa Cumarsáid agus Gaeilge. Cúrsa é sin atá tugtha isteach in áit an chúrsa cumarsáide a bhíodh ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Ní hé baileach an cúrsa céanna é a bhí ar fáil anuraidh agus ní chuirtear na pointí i gcomparáid le chéile dá bharr.

Bhí ardú pointí i gceist ar na cúrsaí Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus in Ollscoil Luimnigh. D’ardaigh na pointí theastaíonn do na cúrsaí ‘Tráchtáil le Gaeilge’ agus ‘Dlí le Gaeilge’ i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ó 495 go 500 agus ó 510 go 515 faoi seach. Ardú a bhí i gceist leis an gcúrsa Gaeilge in Ollscoil Luimnigh freisin – ó 310 anuraidh go 320 i mbliana.

Is idir ardú agus laghdú a bhí i gceist i gcás Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Thit an cúrsa ‘Gaeilge agus Iriseoireacht’ ó 415 in 2015 go 345 in 2016 – titim 70 pointe –  ach d’ardaigh na pointí don chúrsa eile a reáchtáiltear i scoil Fiontar – ‘Gaeilge agus Gnó’ – ó 340 anuraidh go 350 i mbliana. D’ardaigh na pointí don chúrsa BA Gaeilge in DCU freisin ó 385 go 390.

Laghdú a bhí i gceist i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn chomh maith. Thit na pointí don chúrsa BA in UCD 15 pointe ó 335 go 320 in imeacht bliana agus thit na pointí don chúrsa Gnó le Gaeilge ó 250 go 210 i Leitir Ceanainn.

Tá dhá chúrsa nua Gaeilge ar fáil i mbliana i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach – ‘Gaeilge agus Reiligiún’ agus ‘Gaeilge agus Gnó’. 375 agus 360 pointe a theastaigh do na cúrsaí sin i mbliana.

Ardú ó 430 pointe in 2015 go 445 pointe i mbliana a bhí gceist don chúrsa ‘Eacnamaíocht Bhaile agus Gaeilge’ sa choláiste oiliúna i gContae Shligigh, Coláiste Naomh Aingeal.

Fág freagra ar 'Titim mhór ar phointí Ardteiste do chúrsaí Gaeilge áirithe ach ardú beag i gcásanna eile'