Titim 50% ar líon na gcásanna le hateangaire Gaeilge

Níor cuireadh ateangaire Gaeilge ar fáil ach le haghaidh 14 cás i mbliana.

Na Ceithre Cúirteanna. Pictiúr: Photocall Ireland
Na Ceithre Cúirteanna. Pictiúr: Photocall Ireland

Tá titim 50% ar líon na gcásanna ar cuireadh ateangaire Gaeilge ar fáil lena n-aghaidh le ceithre bliana anuas.

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie ó Sheirbhís na gCúirteanna, cuireadh ateangaire Gaeilge ar fáil le haghaidh 28 cás i 2011 ach tá laghdú leanúnach tagtha ar líon na gcásanna ó shin i leith. Níor cuireadh ateangaire Gaeilge ar fáil ach le haghaidh 14 cás i mbliana.

Seo thíos na figiúirí a chuir Seirbhís na gCúirteanna ar fáil do Tuairisc.ie:


 

Líon na gcásanna ar cuireadh ateangaire Gaeilge ar fáil lena n-aghaidh

2011 – 28
2012 – 17
2013 – 15
2014 – 14


 

Ar ndóigh, éisteadh roinnt cásanna go huile is go hiomlán trí Ghaeilge le linn na mblianta thuasluaite agus sna cásanna sin, ní bheadh aon ghá le hateangaire.

Cuirtear ateangaire ar fáil sa chás go roghnaíonn cosantóir go n-éistfí a chás i mBéarla ach gur mhian leis, mar sin féin, fianaise agus ceisteanna a ghabhann leis an gcás a chloisteáil ina theanga dhúchais de ghrá na soiléireachta.

Tá an titim seo i gcás na Gaeilge ag teacht cuid mhaith leis an laghdú atá tagtha ar chostas na seirbhíse ateangaireachta cúirte le haghaidh teangacha eile.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite, chosain ateangaireacht go Béarla €1.26m ar sheirbhís na gcúirteanna le linn na bliana seo caite, ach ba in áit na leathphingine a bhí an caiteachas ar ateangaireacht ón nGaeilge.

Cuireadh seirbhísí ateangaireachta ar fáil i 6,728 cás agus ba í an Pholainnis a bhí ar bharr liosta na n-éileamh.

Úsáideadh ateangaireacht ón bPolainnis i 1,781 cás – sin os cionn an ceathrú cuid de na cásanna ar theastaigh aistriúchán ó bhéal lena n-aghaidh.

I measc na dteangacha eile ina gcuirtear seirbhísí ateangaireachta ar fáil níos minice ná mar a dhéantar i gcás na Gaeilge, tá an Vítneaimís, an Araibis, an Laitvis, an Ungáiris agus an tSeicis.

De bharr socrú nua a rinne Seirbhís na gCúirteanna tar éis próiseas tairisceana poiblí, is 3 chomhlacht ar leith a chuireann an ateangaireacht ar fáil anois ar bhonn náisiúnta do chúirteanna na tíre.

Dá thoradh sin, agus de bharr laghdú ar an éileamh ar sheirbhísí ateangaireachta le roinnt blianta anuas, thit costas na seirbhíse sin 66% le sé bliana anuas.

Dúirt Seirbhís na gCúirteanna gur chuireadar seirbhísí ateangaireachta ar fáil i gcás 210 teanga agus canúint éagsúil le scór blianta anuas.

Íocadh beagnach €600,000 leis an gcomhlacht Translation.ie agus beagnach €360,000 le Lionbridge International as seirbhísí ateangaireachta a sholáthar le linn 2013.

Fág freagra ar 'Titim 50% ar líon na gcásanna le hateangaire Gaeilge'