Titim 40 faoin gcéad ar lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta le trí bliana anuas

Deir RTÉ nach dtugann figiúirí an JNLR ‘léamh soiléir’ ar lucht éisteachta na seirbhíse

Titim 40 faoin gcéad ar lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta le trí bliana anuas

Tá lucht éisteachta laethúil RTÉ Raidió na Gaeltachta tite 40% le trí bliana anuas, de réir figiúirí atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

43,000 duine ar an meán a d’éist leis an stáisiún Gaeltachta uair éigin sa lá sa bhliain 2014, ach thit an figiúr sin go dtí 34,000 duine in 2015 agus go dtí 28,000 in 2016. Go dtí seo in 2017, lucht éisteachta 26,000 duine sa lá ar an meán a bhíonn ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is figiúirí de chuid an JNLR, an eagraíocht taighde a choinníonn súil ar fhigiúirí lucht éisteachta go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil, atá faighte ag Tuairisc.ie ó RTÉ.

Bhain fiosrú Tuairisc.ie faoi fhigiúirí éisteachta an stáisiúin Gaeltachta le ráiteas sa Tuarascáil Bhliantúil is déanaí ag RTÉ, inar tugadh le fios gur tháinig méadú ar lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta “le blianta beaga anuas” agus nár tháinig aon athrú ar an lucht éisteachta in 2016.

Léiríonn na figiúirí atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, áfach, go mbíodh 30,000 duine ag éisteacht le RnaG tráth éigin i rith an lae in 2013. Tháinig ardú suntasach ar an bhfigiúr sin in 2014, tráth a raibh 43,000 éisteoir in aghaidh an lae ag an stáisiún, ach laghdú atá i gceist ó shin.

Léiríonn na figiúirí go bhfuil méadú 10,000 tagtha ar líon na n-éisteoirí ‘seachtainiúla’ in 2017 i gcomparáid leis an mbliain 2013 (82,000), ach go bhfuil titim ann ó bhuaic na bliana 2014 (102,000).

Cuireadh “meánfhigiúirí seachtainiúla” ar fáil do Tuairisc.ie freisin, figiúirí a léiríonn titim 10% ar éisteoirí seachtainiúla an stáisiúin ó bhí 2014 ann, sin líon na ndaoine a thug le fios go mbíonn siad ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta uair éigin le linn na seachtaine.

102,000 éisteoir ‘seachtainiúil’ a bhí ag RTÉ Raidió na Gaeltachta in 2014, ach tá an figiúir sin tite go 92,000 in 2017.

Is ionann an 26,000 éisteoir laethúil sin agus 1% den lucht éisteachta raidió in Éirinn, de réir fhigiúirí an JNLR. 1% den sciar náisiúnta de éisteoirí laethúla a bhí ag RnaG do gach bliain idir 2013-2017.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, nach n-úsáideann RnaG na figiúirí JNLR mar uirlis eagarthóireachta mar “nach féidir dul i muinín na bhfigiúirí”.

“Ní fhoilsíonn RTÉ figiúirí JNLR RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ní úsáideann RTÉ Raidió na Gaeltachta na figiúirí mar uirlisí eagarthóireachta mar nach dtugann siad san áireamh dlús daonra cainteoirí Gaeilge, agus nach féidir dul i muinín na bhfigiúirí dá réir, ó thaobh léamh soiléir a fháil ar lucht éisteachta na seirbhíse,” a dúirt sé.

Dúirt sé, áfach, go bhfuil “ríméad” ar RTÉ go bhfuil RTÉ Raidió na Gaeltachta le páirt a ghlacadh i ‘Fios Físe’, córas atá bunaithe ag TG4 i gcomhar le hAcadamh na Ollscolaíochta Gaeilge ar mhaithe le taighde a dhéanamh faoi mhianta lucht féachana an stáisiúin teilifíse Gaeilge i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Is é atá i ‘Fios Físe’ ná painéal daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu a roghnaíonn ‘dialann féachana’ a líonadh uair sa tseachtain agus an t-eolas sin a roinnt le TG4. Baineann ‘Fios Físe’ le tuairimí daoine faoi sheirbhís TG4 seachas le líon na ndaoine a bhíonn ag breathnú ar an stáisiún.

“Cuideoidh seo [Fios Físe] linn tuiscint níos fearr a fháil ar mhianta an lucht éisteachta ar bhealach nach raibh muid in ann a  dhéanamh le figiúirí an JNLR go dtí seo,” a dúirt Mac Con Iomaire.

Fág freagra ar 'Titim 40 faoin gcéad ar lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta le trí bliana anuas'

  • Dónall

    An dtugann an figiúr seo san áireamh éisteoirí ar líne?

  • Art

    Tá cosúlacht Irish Times ar an gceannlíne sin!
    Éistim le podchraoltaí ón fhoireann Saol ó Dheas gach lá agus mé ag siúl anso i Sydney (ar mo I-Fón). Éistim le cláir dhá, trí, ceithre huaire, uaireanta. Ní Raidió amháin sa lá atá inniu ann é ach tobar cumarsáide domhanda.

  • AnRógaire

    Chaithfí an tomhas a bheith bunaithe ar phobal na gaeilge. Bheadh an figiúir ró-íseal le toradh ceart a fháil ón bpobal ar fad, muna gcuirfi ceist ar gach duine, seachas sampla den mhórphobal.