Tír trí pháirtí í an Bhreatain Bheag i ndiaidh an toghcháin

Fágann na torthaí toghcháin sa Bhreatain Bheag gur tír trí pháirtí í, nó tír trí pháirtí mhóra pé scéal é

Tír trí pháirtí í an Bhreatain Bheag i ndiaidh an toghcháin

Carwyn Jones

Is dea-scéal do na Tóraithe a bhí i dtoghcháin áitiúla na Breataine Bige; méadaíodh líon a gcuid suíochán ó 104 go dtí 184. Is beag nach fúthu atá an séú cuid de shuíocháin na tíre más ea. (Tuairim agus 1200 suíochán atá i gcomhairlí contae na tíre.) Is dea-scéal a bhí i dtorthaí na dtoghchán do Phlaid Cymru freisin; mhéadaigh líon na suíochán atá faoi chomhairleoirí Plaid ó 169 go dtí 202.

Ní méadú ach laghdú a cuireadh ar líon na gcomhairleoirí atá ag Páirtí an Lucht Oibre sa mBreatain Bheag. (Is é Páirtí an Lucht Oibre an príomhpháirtí polaitíochta sa tír. Is ó dheas sna hiarcheantair mhianadóireachta is dílse atáthar don pháirtí, na ceantair is mó daonra sa tír.) Roimh an toghchán, bhí faitíos ar an bpáirtí agus bánú á thuar, ach sa deireadh thiar, bíodh is gur laghdú suntasach a tharla, ní tubaiste a bhí ann. Tuairim is an séú cuid dá chuid suíochán a chaill Páirtí an Lucht Oibre Déardaoin seo caite más ea. Is 579 comhairleoir a bhí acu go deireanach. Toghadh 472 duine an uair seo.

Is mithid a rá gur comhairleoirí neamhspleácha atá sa gceathrú cuid de chomhairleoirí contae na Breataine Bige. Is amhlaidh a bhí roimh na toghcháin seo nuair is 309 comhairleoir neamhspleách a bhí ann. Toghadh 322 comhairleoir neamhspleách an uair seo. Maidir leis na Liberal Democrats, laghdaíodh líon a gcuid suíochán san ó 73 go dtí 62. Chaill UKIP an dá shuíochán a bhí acu, agus níl comhairleoir contae ar bith acu sa mBreatain Bheag feasta. Duine amháin atá ag an bPáirtí Glas.

Fágann an toradh agus an t-eolas seo gur tír trí pháirtí í an Bhreatain Bheag anois, nó tír trí pháirtí mhóra pé scéal é. Agus ós ríghearr go mbeidh olltoghchán sa tír, tá scagadh á dhéanamh ar na patrúin vótála féachaint cén toradh is dóichí ar an 8ú Meitheamh. I measc na gceisteanna atá á gcur: an éireoidh le Páirt an Lucht Oibre cos a chur i dtaca? Agus seo: an leanfaidh an biseach atá ar na Tóraithe, páirtí a bhí imeallach go leor i saol na tíre go dtí le deireanas?

Más 1200 suíochán comhairle atá sa tír, níl ach 40 suíochán parlaiminte ann. Sa mbliain 2010, nuair a chuaigh David Cameron (Na Tóraithe) agus Nick Clegg (Na Lib Dems) i gcomhpháirtíocht i Westminster, bhuaigh An Lucht Oibre 26 suíochán sa mBreatain Bheag. Is sna ‘gleannta’ idir Newport agus Swansea a bhí 20 suíochán díobh sin. Bhuaigh siad 25 suíochán in 2015 an uair a bhain na Tóraithe móramh iomlán amach sa mBreatain Mhór, agus an uair a thug Cameron gealltanas cinniúnach don tír maidir le reifreann an Bhreatimeachta. In 2010, bhuaigh na Tóraithe 7 suíochán sa mBreatain Bheag san olltoghchán, ach ba mhór an bua dóibh 11 suíochán a thabhairt leo in 2015. Beidh siad ag féachaint leis na suíocháin sin a chosaint ar an 8ú Meitheamh.

Má chuireann siad leo, is bua mór eile a bheas ann.

Trí shuíochán a bhí ag Plaid Cymru i Westminster le dhá thoghchán anuas. Bíonn siad ag brionglóidí faoi chúig shuíochán: Môn (Anglesey), Arfon, Dwyfor-Meirionydd, Ceredigion agus Sir Gâr (Carmarthenshire).  Ní hionann baileach na dáilcheantair i gcás an dá thoghchán – áitiúil agus Uile-Bhreataineach – ach is iad Plaid Cymru ba threise Déardaoin seo caite ar fud an iarthair.

Tá brú mór ar Phríomh-Aire na Breataine Bige, Carwyn Jones, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, le leas na Breataine Bige a chur chun cinn faoi choinníollacha an Bhreatimeachta. Is ionann sin agus easaontas a tharraingt le Páirtí an Lucht Oibre i Sasana. ‘Welsh Labour’ atáthar a thabhairt ar pháirtí Carwyn Jones go neamhfhoirmeálta in áiteacha faoi láthair. Beidh gnéithe go leor de thodhchaí na Breataine Bige ar brath ar choinníollacha an Bhreatimeachta, agus ar olltoghchán an 8ú Meitheamh dá réir sin.